Corpus of Electronic Texts Edition
Éistidh riomsa, a Mhuire mhór (Author: Muireadhach Albanach Ó Dálaigh)

p.94

Auctor huius Muireadhach Albanach

  1. 1] Éistidh riomsa, a Mhuire mhór,
    2] do ghuidhe is liomsa badh lúdh;
    3] do dhruim réd bhráthair ná bíodh,
    4] a Mháthair Ríogh duinn na ndúl.
  2. 5] Sgél do mháthar meabhair liom,
    6] 'na dheaghaidh atáthar treall,
    7] inghean mhilis mhalach ndonn,
    8] trilis trom chladhach fá ceann.
  3. 9] Anna sein, seanmháthair Dé,
    10] óa gealbhráthair do ghein rí,
    11] níor ghiall a meadhair do mhnaoi,
    12] gur fhaoi lé triar d'fhearaibh í.
  4. 13] Rug inghean gach dheighfhir dhíobh,
    14] geibhidh aca an fhinngheal úr,
    15] teóra inghean a clann chaomh,
    16] slimgheal a dtaobh, cam a gcúl.
  5. 17] Gorma a súile, suairc a ngné,
    18] a gcuairt nochar chuairt gan ghnaoi,
    19] na sluaigh uile atá ar a dtí,
    20] trí mná agus Muire ar gach mnaoi.

  6. p.95

  7. 21] Tugsad trí fir thoighe a dtriúr
    22] na trí Mhoire ó nimh na naomh,
    23] gur thráchtmhall torrach an triar
    24] na gciabh ndrongach snátrom saor.
  8. 25] Rugsad trí maca na mná,
    26] aca roba lia 'sa lia;
    27] (cá seisear mín doba mhó?)
    28] eisean roba só dhíbh Dia.
  9. 29] Máthair Iacóibh inghean díbh,
    30] sgiathdóigh ar gach n-imneadh fhuair,
    31] bean díobh Muire máthair Eóin,
    32] sgeóil nár ghnáthaigh duine i nduain.
  10. 33] Tusa Muire Máthair Dé,
    34] duine níor ghnáthaigh do ghnaoi,
    35] ríghbhile arna roinn ar thrí,
    36] Rí fírnimhe id bhroinn do bhaoi.
  11. 37] Mise ar bhar n-aithnibh ar-aon,
    38] id dhaighthigh agus id dhún,
    39] a anam, a Mhuire mhór,
    40] a ór buidhe, a abhall úr.
  12. 41] A bhiadh, a édach ar h'iocht,
    42] a chiabh ghégach mar an ngort.
    43] A Mháthair, a Shiúr, a Shearc,
    44] stiúr go ceart an bráthair bocht.

  13. p.96

  14. 45] Bráthair dhamhsa do Mhac mór,
    46] a shlat mhallsa, a Mháthair shaor,
    47] deaghbhráthair cóir ar bhar gcúl,
    48] seanmháthair úr róibh a-raon.
  15. 49] Go ndearna m'ionghaire ar h'Fhear,
    50] a fhionnMhuire, a earla tiogh,
    51] iomdha im chridhe crithir dhubh,
    52] mithigh dul dá nighe aniogh.
  16. 53] A Mháthair Dé, dénam síodh,
    54] ósa ghlédhonn gné do chiabh,
    55] ciúnaigh h'fhearg, a Mhoire mhór,
    56] a ór dear i gcoire chriadh.
  17. 57] Do nimh thánaig, a thaobh geal,
    58] a láraig, saor mar an sriobh.
    59] Cá beag liom do dhúthchas damh,
    60] a chúlchas ghlan fhionn, ót Fhior?
  18. 61] A Thríonóid, a Mhuire mhín,
    62] tuile gach glóir acht bhar nglóir;
    63] a Cheathrair, caistidh rém dhuain,
    64] ní geabhthair uaibh aisgidh óir.
  19. 65] A ÓghMhuire, a abhra dubh,
    66] a mhórmhuine, a ghardha geal,
    67] tug, a cheann báidhe na mban,
    68] damh tar ceann mo náire neamh.

  20. p.97

  21. 69] Do chloinn Dáibhíodh thú, a mhall mhór,
    70] gan chrann mar thú rébhar dtúr,
    71] do chloinn Abhrán h'urla claon,
    72] gabhlán craobh gcumhra ar do chúl.
  22. 73] H'Fhear is do Mhac ar do mhuin,
    74] geal a ghlac is geal a righ,
    75] t'Fhearathair réd thaobh as-toigh,
    76] ag soin taom d'ealathain t'Fhir.
  23. 77] Dalta iongnadh dot ucht bhán,
    78] agus dot fhult fhionnghlan úr,
    79] do Mhac agus t'Fhear ar-aon,
    80] a shlat shaor gheal ar do ghlún.
  24. 81] Do bhábhair dias aobhdha ann
    82] dábhar gcaomhna ó ghlionn do ghlionn,
    83] Mac malachdhubh dóidgheal donn,
    84] óigbhean trom anathlamh fhionn.
  25. 85] Do-ní sé casadh do chiabh,
    86] do dhuadh é ar t'asal dá dhíon.
    87] do bhas, a ógMhuire úr,
    88] do chas cúl ródbhuidhe an Ríogh.
  26. 89] Tú do shíor doba shámh leis,
    90] is do chíogh bán ar a bhois,
    91] an uair do nightheá an gcraoibh gcais,
    92] do lightheá an mbais gcaoimh 's an gcois.

  27. p.98

  28. 93] Fraoch buidhe ar h'úrbharr mar ór,
    94] a Mhuire shúlmhall, a Shiúr,
    95] cíoch geilmhín trom as do thaobh,
    96] Leinbhín saor donn agá diúl.
  29. 97] Mairg do oiligh h'earla glan,
    98] doiligh, ór ní dhearna cion;
    99] munab ionnraic do bhrú, a Bhean,
    100] ní headh cnú ar fionnshlait i bhfiodh.
  30. 101] Easbach clann ladrann do luadh,
    102] a lagbharr fleasgach cam claon,
    103] amharas dob olc an chiall
    104] ort, a chiabh chladhsholas chaomh.
  31. 105] Do bhrú aníos ba lomlán leat,
    106] mar bhíos a bhronnlár 'san bhrioc,
    107] an Coimdhe 's gan loighe lat,
    108] Mac Moire do-roighne riot.
  32. 109] Acht tú féin, a Mhuire mhór,
    110] nochar léir do dhuine dhaor,
    111] suaimhnighe ar fhear, a fholt fiar,
    112] nach biadh is bean olc ar-aon.
  33. 113] Cosmhail h'aonMhac réd chúl gcam,
    114] a shaorshlat an dá shúl chorr,
    115] do ghlaca ag an Ghiolla shiong,
    116] is t'ionga fhionn data dhonn.

  34. p.99

  35. 117] Coinnleach gormshúileach do ghruadh,
    118] abhra donnghlúineach 'gá dhíon,
    119] geilghégach leabhair do lámh,
    120] dán neimbrégach dleaghair dhíom.
  36. 121] Glan fallán buidhe do bharr,
    122] mar mhuine camán fád cheann,
    123] glan do bhas chaoilmhérdha chorr,
    124] a chas donn shaoirdhénmha sheang.
  37. 125] Ní dheachaidh d'ég h'aithghin mhná,
    126] do shaighthin - ní brég - ní bhia,
    127] níor bhlas beathaidh bean mar thú,
    128] a bhrú gheal i ndeachaidh Dia.
  38. 129] Tugaidh dhún leabaidh is lionn,
    130] a chúl ris nach teagaimh tonn,
    131] an bhréigfhleadh ar nach bí ceann,
    132] nárab leam í a dhéidgheal donn.
  39. 133] Guidheadh go hán h'abhra dubh,
    134] ar ghrádh bhar n-anma, a ghrádh glan,
    135] a Mhuire, ní hédmhar h'Fhear
    136] fád ghuidhe, a gheal dédghlan, damh.
  40. 137] A fholt buidhe cladhach cam,
    138] a Mhuire na malach seang,
    139] ná leig do bhreith oile ionn,
    140] feith lionn do chroidhe fár gceann.

  41. p.100

  42. 141] Dénam feis, a mheardha mhór,
    142] dod deis dealbhdha, taobh ré taobh,
    143] gabh m'fhorthain deaghrann is duan
    144] uam, a ghealmhall shochraidh shaor.
  43. 145] Ná rabh bean acht tusa im thigh,
    146] gomadh tusa bhus fhear air,
    147] na mná fallsa ad-chiú 's na cruidh,
    148] a bhfuil damhsa riú ná raibh.
  44. 149] Gan sbéis i gconaibh ná i gcrodh,
    150] ná i sgoraibh, a ghéis ghlan,
    151] easbhaidh chorn cáich is a gcon,
    152] orm is a sgor mbláith 's a mban.
  45. 153] Tógaibh an malaigh nduibh dhúin,
    154] is an aghaidh mar fhuil laoigh,
    155] tógaibh, go ros faicinn féin,
    156] an gcéibh ródaigh slaitfhinn saoir.
  46. 157] Tógaibh dhún an bonn 's an mbois,
    158] agus an cúl donn go ndeis,
    159] 'gus an súil n-ógcruinn ngéir nglais,
    160] réd chéibh dtais go bhfóbrainn feis.

    Éistidh.