Corpus of Electronic Texts Edition
Léigidh dhamh mo Dhomhnall féin (Author: Lochlainn Óg Ó Dálaigh)
p.85
Lochlainn Óg Ó Dálaigh cct.
- 1] Léigidh dhamh mo Dhomhnall féin,
2] a éigse Innse saoirNéill,
3] sul do-cluintir ós aird inn
4] in gach aird uichtghil d'Éirinn.
- 5] Siobhlach oirbh as gach ionadh,
6] ag teacht orm dá uaisleaghadh,
7] an choimhlingse nár aniogh,
8] a dhámh ghoirminnse Gaoidheal.
- 9] In bhar dtíribh féin feasta
10] anaidh, ní hiúl éigcneasta,
11] nós na nGallsa ós éigean ann,
12] léigear dhamhsa mo Dhomhnall.
- 13] Mithigh dhúin, seachnaidh sinne,
14] nó bíom coimhdheas cointinne:
15] fám chuid don Bhrianfhuil a-bháin,
16] ná hiarraidh truid ná teangmháil.
p.86
- 17] Nach diongnainn a dhíol molaidh,
18] don dáimh doirbh an bharamhail;
19] ní díol aor d'aoinneach amháin
20] an saor, an daoineach dreachnáir.
- 21] Breath dlighidh gnáthchúirte Gall
22] ní bheanfaidh díomsa Domhnall;
23] fada atá sin 'nar seilbhne,
24] rém lá ribh ní roinnfimne.
- 25] Ní thiobhrainn do chléir cheannaigh
26] mo chliath fhosgaidh fhuairearraigh -
27] ní gar fáth frithbhéime dhó -
28] mo sgáth sithghréine i samhló.
- 29] Fám gheall táille i dtigh n-óla
30] leam ní fhuiltí ionchóra,
31] a dhream dán doibheanta dhamh,
32] fám gheall oireachta is éarlamh.
- 33] Mo chuan téigle i dtaoibh tráchta,
34] mo dheór aille fhionnMhárta,
35] m'fhearann saor, mo choimhéad cruidh -
36] ní foighéag mo chraobh chnuasaigh.
- 37] Oram a chliar, ná cuinghidh
38] mo bhreac sruithgheal saorLuimnigh:
39] mealltair lé sgéal gach sgoile
40] m'éan a seabhcaibh Síodhoire.
- 41] A ró oinigh ar n-agra,
42] leór d'éigsibh dá ionnarba;
43] fáth sgís ar n-eolaisne uaidh,
44] mo ghrís beoluisne bhiothbhuain.
p.87
- 45] Coill gríbhe na ngleodh nimhe,
46] nó slad nathrach neimhnighe,
47] toidheacht don iathsa gan fhios,
48] d'oireacht d'iarsma na n-éigeas.
- 49] Toisg an ainmhidhe allta
50] téid san leabaidh leoghanta~ -
51] beart robhaoise nach réidh d'fhior -
52] béin fám fhoraoise d'éigean.
- 53] Cuairt fhaolchon d'fhoghail tréada
54] láimh ré lucht a gcoimhéada
55] bhar dtoisg, a chliar, tar Chloinn dTáil,
56] ag triall fá choill mo chompáin.
- 57] Lámh i n-aghaidh airmreann n-áith,
58] nó argain beach brugh bhfionnbhláith,
59] cur im cheann fám chéidfhear ngráidh,
60] a dhream dárbh éigean mh'éadáil.
- 61] A ndiúltadh níorbh eól uaidhe -~
62] tig an t-éigeas aonuaire
63] 's an gnáithfhile doirbh 'na dhiaidh,
64] tar bhláithfhine soirbh saoirBhriain.
- 65] Dul i seilbh chosanta a chruidh
66] ar éigsibh Innse Cobhthaigh,
67] flaith úr nach séadarsaidh soin,
68] éagcosmhail dún a dhéanaimh.
- 69] An troidse do-ním aniogh
70] lé gach druing don fhóir fhileadh,
71] troid bathlaigh lé buidhnibh sluaigh,
72] a shuilbhir athlaimh armruaidh.
p.88
- 73] An tan nach tabhair tú féin
74] congnamh damh fán dáimh d'aimhréir,
75] an riamh fád chlú nár chumhgaigh;
76] ní ciall tú do theasargain.
- 77] Bheith dá laoidhibh i leabhraibh
78] i ndiaidh mheic mheic Toirdhealbhaigh,
79] buaine leam ná cogail chruidh
80] mar gheall don bhogfhuil Bhrianaigh.