Corpus of Electronic Texts Edition
Ionmhain triúr táinig dom fhios (Author: Lochlainn Óg Ó Dálaigh)
p.81
Lochlainn Óg Ó Dálaigh cct.
- 1] Ionmhain triúr táinig dom fhios,
2] do sheinn oram tré áineas,
3] triúr do shíol shírshleachta Bloid,
4] líon mínleaptha an triúr tánaig.
- 5] Do cheangal chonnartha leam
6] suidhid fá seach im thimcheall,
7] triúr goirmdhearcach gan ghlór searbh
8] an pór oirbheartach óigleanbh.
p.82
- 9] Fríoth dhamhsa urra ar gach aon,
10] do chionn molta na macaomh,
11] ón droing shaoir sheangmhálla shéimh,
12] budh laoidh deaghdhána dhóibhséin.
- 13] D'iath ó dTáil budh ceann cloinne
14] Tadhg, sinnsear na saorchloinne,
15] ag foghlaim oinigh 'na dhiaidh,
16] oighir Domhnaill uí dheighBhriain.
- 17] Budh iad eolaigh fhóid Mhumhan
18] sluaigh ó gCais um Chonchubhar:
19] ó Dhia dá thairngire atám,
20] nach bia ainbhfine ar iomrádh.
- 21] An treas cnú don chrobhaing ghloin
22] Tadhg oile, oighre Mhurchaidh:
23] ag riar dámh an eoil arsaidh
24] budh lán beoil an Brianachsoin.
- 25] Fán gCloinnse Chais budh coill dín
26] trí beangáin a criaidh cheiníl:
27] ní bhí acht file dá bhfoghail,
28] na trí bhile buantoraidh.
- 29] Trí seabhaic go séan seilge
30] ar lucht déanta díbhfeirge:
31] i mbáidh cheineoil, i gcomhaois,
32] meireoin áigh a haonfhoraois.
- 33] Trí beithreacha go mbuaidh gliadh
34] a los cosnaimh múir Mhaicniadh;
35] na trí comthaigh dá chéile,
36] budh trí honchoin aigmhéile.
p.83
- 37] Trí hurchradha na n-eo bhfis,
38] trí sgealláin ubhaill óirchnis,
39] trí blátháin déanta ar ndána,
40] sgátháin bréagtha bandála.
- 41] Trí húrchna is uaisle mogail,
42] trí sreabha a haill fhíorthobair,
43] pór ríoghchraobh go rún bhféile,
44] súgh fíonchraobh na flaithréime.
- 45] I Leith Chuinn ag cur chatha
46] gearr go mbiaid a mbonnsacha,
47] don druing áigh fhearchonta mhir
48] 'na ngáibh gealchorcra gaisgidh.
- 49] Trí comáin beartha an bháire
50] ar laochraidh fhóid fhionnMháighe
51] léigfid díobh ar dornchlaibh déad -
52] do shíol gCobhthaigh budh coimhéad.
- 53] Na hóigse ag tionól ré ar dtaoibh,
54] budh tréad míleadh na macaoimh,
55] each slaite ar bhreith gach Bhrianaigh
56] mar eich aice óirshrianaigh.
- 57] Mar theinte ó dteilgthear crithre,
58] lasas a los aoindrithle,
59] an triar fán mBanbha mbántais,
60] damhna gliadh is gabháltais.
- 61] Beith ar dtús ní toibhéim air,
62] nós gnáth an ghlanóir uasail,
63] 'na chaoir mholta mhianaigh thim,
64] sompla don Bhrianfhuil bhraithim.
- 65] Sé gealtaoibh chuanna mar chuip,
66] sé colpa céimeann n-ordhraic,
67] sé troighidh bhus taca i n-ágh
68] sé glaca an oinigh d'fhadádh.
p.84
- 69] Sé gruaidhe nach iarr adhaint,
70] sé mailldearca móramhairc,
71] ní dá n-aimhdheoin ní hiarrthar,
72] trí sainbheoil go sídhbhriathraibh.
- 73] Conchubhar taoibhgheal, dá Thadhg,
74] ag díol sgol, ag riar ríoghbhard,
75] ag soin an triar do thoghas
76] fám riar ní fhoil mh'amharas.
- 77] Go ndáile an Tríonóid don triar
78] ré fhada ar úir na naoimhchliar;
79] sgoith na bhfionnshluagh gan chleith gcroidh,
80] bheith dá n-iomluadh is ionmhain.Ionmhain.