Corpus of Electronic Texts Edition
A Cholmáin mhóir mheic Léinín (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)
p.70
Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
- 1] A Cholmáin mhóir mheic Léinín,
2] a bhinnegnaidh bhaisghléimhín,
3] grádh dhuid as dú d'Íbh Dálaigh,
4] tú ar gcuid dona Colmánaibh.
p.71
- 5] Atá ann eochoir leasa,
6] cuimhnigh an gcráoibh gcoibhneasa,
7] ar léim ná léigsi a chara,
8] dod fhréimh th'éigsi ar n-ealadha.
- 9] Tú oide an fhileadh ó ttám,
10] a érlaimh dan hainm Colmán,
11] as comhrádh as canta amach
12] Colmán dár dhalta Dálach.
- 13] Ní bhíadh Dálach ris an dán,
14] mona bheadh re a chois Colmán:
15] dobadh léir é ar a oidiocht,
16] sé in gach céim gá chomhaideacht.
- 17] Gidh cúich adeir ná badh dleacht
18] ní ar an ndán dia do chléirceacht
19] ní ceard a n-aghaidh Dhé an dán,
20] as é do chabhair Colmán.
- 21] Colmán dá nar cóir neimhshearc,
22] seal fada lé filidhiocht:
23] nocha ría badh dáigh a dhol,
24] monbadh áil lé Día a dhénamh.
- 25] Ar Cholmán Chlúana hairde
26] do cuireadh an chédchairde:
27] tug ma cheann druim ris an dán,
28] fearr an chuing ar ar claochládh.
- 29] Do ghrádhaigh creidemh comhlán
30] da bfuair ar nimh Naomhcholmán:
31] 'na hiongnais fhúair a chabhair,
32] tiomnais uaidh an ealadhain.
- 33] Fáth ar gcairdis cuirthi a mbrígh
34] lé Colmán mór mac Léinín:
35] tiomna Colmáin ar a cheird
36] tré diomdha an bhonnbháin bhéildeirg.
p.72
- 37] Aigi do fháguibh an dán,
38] bronndalta do bhí ag Colmán,
39] an céidfhear ór slonnadh sinn,
40] ollamh dárbh éigion uirrim.
- 41] Dob é Dálach a dhalta,
42] air do fhear a bheannachta:
43] d'fírfhréimh a sheandalta ó shoin,
44] beannachta an fhíréin oghnaidh.
- 45] Maithi mhuinntire Dálaigh,
46] a ttreisi atá a bfágbhálaibh:
47] ar fhádaibh an domhnán duinn
48] Colmán do fháguibh aguinn.
- 49] Dob oirchios d'aicmi Dhálaigh,
50] dá ttug éicsi n-édálaigh,
51] dúana do dhérghadh dá ndán
52] d'érlamh Clúana, do Cholmán.
- 53] Mar do-radais dhúin ar ndán,
54] a chomhachtaigh, a Cholmán,
55] faghaibh cathair mar dhún nDé,
56] dhúnn ar gcathaimh ar gcéidré.
- 57] Féch oirn, a oide ar sinnsir,
58] mon gcathraigh n-aird n-aoibhinnsin:
59] gabh mé seach gach áon réd ais,
60] ar gháol an té do thoghais.
- 61] Ná raibh agád ar n-éra,
62] guidhim thú go ttaisbéna
63] do shíol do bhronndalta ar bháidh
64] bríogh do chonganta, a Cholmáin.A Cholmáin.