Corpus of Electronic Texts Edition
Mo chion dot bhronnadh, a Bhriain (Author: Brian Ó Corcráin)
Brian Ó Corcráin cct.

  1. 1] Mo chion dot bhronnadh, a Bhriain,

    2] a mhic na flatha a finnChliaigh,

    3] a aistrigh an toirbheirt truim,

    4] h'aisgidh badh oirdheirc aguinn.

  2. 5] Ní chuala go bhfuair ollamh

    6] meadh don aisgidh fhuaramar;

    7] dot ghruaidh ttaidhleach téid a mheas

    8] tar mhéid ainbhreath na n-éigeas.

  3. 9] Cearc Bhoirche fhréimhe Rosa,

    10] fhuair clú d'fhine Fhearghosa,

    11] gér chúis iomráidh a hainm sin,

    12] ní gairm ionráidh mar aisgidh.

  4. 13] Ó Mhaoil Sheachluinn eacht oile

    14] d'ardollamh fhóid Ughoine,

    15] nírbh iongnadh, tarla ar a thoil,

    16] fionnbhrugh Banbha ré bliadhoin.

  5. p.64


  6. 17] Nír chosmhail a chur a suim

    18] síneadh cinn do Choin Chuluinn,

    19] d'fhior tuaighe táinic tar sál,

    20] ó ráinic uaidhe iomshlán.

  7. 21] Eochaidh éachtach na n-arm nglan,

    22] ní thug acht éanshúil d'ollamh,

    23] giodh toirbheartus do thuair teann,

    24] le bhfuair oirdhearcus Éireann.

  8. 25] Do dhearlaic sibhsi, asé a shuim,

    26] tré bheith 'na n-amhghar oruinn,

    27] do dhá ghoirmdhearc dhamhsa am dhall,

    28] almsa bhus oirdhearc agam.

  9. 29] Do-bhéaradh, a bharr na mionn,

    30] dámadh leis aoibhnios Éirionn

    31] ar son a radhairc, rún grinn,

    32] dhúnn, 's a thabhairt fá thuairim.

  10. p.65


  11. 33] Gi-bé do bhronn a dhá rosg,

    34] fá chrodh ní cóir a theagosg,

    35] barr gleannach dá ttarla ar ttol,

    36] eallach Banbha do bhronnfadh.

  12. 37] A dtugsat cách, beag a bhrígh,

    38] d'Aithirne is d'Eochaidh Éigsín,

    39] ar mheas lóigh na ngormrosg nglan

    40] an dornasg óir níorbh iongnadh.

  13. 41] Ní thuigim nach feart féile

    42] fuarus uait gan aimhréidhe,

    43] do radharc, a thaobh mar thuinn,

    44] 's an t-amharc mar aon aguinn.

  14. 45] Gá ttám ris, ní rádh bréige,

    46] go bráth, a mhic Mairgréige,

    47] biad mar mhalairt, más lór lat,

    48] do lógh bhur n-amhairc agat.

  15. 49] Go n-íoca Dia red dhreich ndil

    50] bronnadh lé léighim litir

    51] is ré sgríobhuim seal mar so

    52] is mo chean d'fhíorroinn m'anmo.
  16. Mo.