Corpus of Electronic Texts Edition
Ní dúal cairde ar creich ngeimhil (Author: Domhnall Mac Dáire Mac Bruaideadha)
p.54
Domhnall Mac Dáire
- 1] Ní dúal cairde ar creich ngeimhil:
2] bíaidh brath úaim gan édeimhin
3] dóigh creach gá haird a bfaghar?
4] sul deach ós aird mh'fúasgaladh.
- 5] Triúr fileadh fada ó ríaghail
6] dhúinn i láimh lé leithblíadhain:
7] 'na dhíol soin gá geall ghébhthar?
8] dá mbem a-moigh moithéght[h]or.
- 9] Do-ghénsa, acht go bfaghar faill,
10] sul deachad raibhthi romhainn,
11] chreich ngeimhle lém dháimh ndoiligh
12] ar eighre an chláir Chíarroighigh.
- 13] Do m[h]ac inghini an íarla
14] dlighthear íoc na hainnríaghla:
15] glais núabhairrthi fáoinn a bFainn,
16] ai chrúadhfairc[h]e cháoil chumhaing.
- 17] Badh íad mh'feadhan ar bfilidh,
18] lucht bheirthi breath n-aindlighidh:
19] sreath iolfáobhair raghlain rann
20] d'am[h]ruibh ionáonaigh agam.
p.55
- 21] Ar chreich ríodhamhna an ruisg mhoill
22] badh é an t-oineach mh'fear tarroing:
23] dénta ní an uairsi uirrthi
24] badh í an úaisle ar n-eólaichne.
- 25] Ní bhía ag bruithion ná ag boigsín
26] mo chor tar creich Phádraigín:
27] i bfoithribh nó i gcíogh choille
28] díon ní f[h]oighthir orainne.
- 29] Cúairteóchar dhúinn gá dám ris?
30] fá mhíonchlár Mhoighi an Éigis,
31] 's um Ard n-úr bfíonmhar bFearta,
32] gach múr síodhghlan súaithionta.
- 33] Cuirfiom luighi ar Lios Túathail
34] an fóid bhráontais bhionnchúachaigh,
35] 's loighi ar ghoirm Leic súairc Snámha
36] badh cuairt oirdhreic édála.
- 37] Béraid orainn ógbhadh Grég,
38] líon creiche ar chách do choimhéd;
39] tóir nach édána ar foghlaibh,
40] dóigh édála dh'ollomhnaibh.
- 41] Ealbha láoch nach loc dochar,
42] tóir nach éidir d'iomachar,
43] fir iomc[h]ras tóroighiocht throm,
44] slóghoiriocht fionnchas Fíanonn.
- 45] Ní fras cháoilsleagh chailgios neach,
46] ní fras ghríobhdha ghlac neimhnioch,
47] fras dhúan lé ndingébhthar Goill
48] 's a lúagh imért[h]ar edroinn.
- 49] Léigfid fáoinne a bfrasa séd,
50] léigfimíd d'ógbhaidh finn-Ghrég,
51] frais ndeghmholta 'na ndáil sin,
52] neamhghonta ór ngáibh na Grégaigh.
p.56
- 53] Badh é a chríoch gá tréine treas?
54] go mbrisfimni an t-ord éigius
55] lér sreith líonmhair mhir mholta
56] don ríoghraidh ghil ghrúadhchorcra.
- 57] Gá hiorghal nach íad do bhris?
58] ní bhí choidhche ar chloinn M[h]uiris
59] gúais reann, acht airm a n-ollamh;
60] maidhm 'na gceann ní chúalamar.
- 61] 'San troidsi dá tteagmham ris,
62] Pádraigín mac Meic Muiris,
63] ní hédail é arab áil roinn
64] sé i láimh ní hédáigh againn.
- 65] Ní díon dó a lámhach ná a lúdh:
66] ní léigfiom úainn gan fasdúdh,
67] le a bheirt bfúair nglanmháilligh ngil,
68] an sdúaigh n-aghnáirigh n-áilghin.
- 69] Atád agam oirchill sás
70] lé bfosdfa mé mac Tomás:
71] roinn leabhra go lán bfuinnigh;
72] cládh a feadhma um ámhuillibh.
- 73] Oidhre an láoich ó Leic Snámha
74] mo chean dan cion édála
75] sdúagh cháomhGáille ar ar chinn cruth,
76] áonbhráighi ghill na nGrégach.
- 77] Rédla thúaidh Mhumhan Meic Con,
78] Pádraigín pór na n-íarladh,
79] mír glanchrúaidhe, glún ré bfrais,
80] an t-ath-Ghúaire ó Dhún Durlais.
- 81] Lámh chúartaighthi Chlann gCarrt[h]aigh,
82] uille chrúaidh re Conallchaibh,
83] slat nach sní tréinfine Tháil
84] do ní éinfili a édáil.
p.57
- 85] Sgél leam ar a leithéid soin,
86] fúair ceannus an chláir Ultaigh,
87] sgoth chráobhslat Leasa Lughaidh,
88] áonm[h]ac Neasa a-nallamhain.
- 89] Tug a mháthair 'na mac ríogh
90] lá éigin d'fios a chéidghníomh,
91] dár thúar rí Macha a mholadh,
92] trí clacha do Chonchobhar.
- 93] Tug don naídhin súairc suilbhir
94] chloich in gach láimh leabhairghil
95] sdúagh nár ón tseangBhanna tséimh,
96] lán a dhearnanna dhíbhséin.
- 97] Do ráidh Neasa an fuilt fionnghloin,
98] dá ngabhthá, a mheic mhóirionmhoin,
99] do fionnfuinn thríd do threisi,
100] an líg n-iomt[h]ruim eilisi.
- 101] Ní thig dhíom, is mo dhorn lán,
102] a mháthair, ol an macámh,
103] mo lámh do char mon gcloichsi,
104] go sgar lán rém lámhuibhsi.
- 105] Ní hiongnadh sin, ar sisi,
106] tuig, a chnú mo chridhisi,
107] nach ttoillfi acht a lán id láimh,
108] dámadh ál choidhche a c[h]ongmháil.
- 109] Léig chugad an gcloich oile,
110] léig uaid, a uá Rudhroighi,
111] an gcloich nglais gcoirrimligh gcruinn,
112] dod bhais doinningnigh dhíoghainn.
- 113] Dad mhúnadh, a mheic Fachtna,
114] fá dháil na séd sáoghalta
115] a srían réd chradh ná congaimh
116] as ciall damh 'na ndubhramair.
p.58
- 117] Ná híadh do lámh, a flaith Breagh,
118] do síor um séduibh Gáoidheal:
119] seóid cáigh ní héidir dh'fanadh
120] gan láimh éigin d'fosgaladh.
- 121] Bíoth lámh leat gá légadh úaibh,
122] a sgaith chruithgheal ón gCraobhruaidh,
123] 's lámh ag gabháil na séd seang,
124] a bhranáin déd, fád dhíchioll.
- 125] Fúair sáormhac Fhachtna Fháthaigh
126] ór chan ris a ríoghmháthair
127] féile an leinbh gá chora i gcion
128] a thogha i seilbh na sinnsior.
- 129] Do mhér m[h]eadhóin mhíleadh Grég
130] ní thuigim nár thrácht Mairghrég
131] maith cuimhni an feasa 'gan fior
132] fuighle Neasa 's an náoidhion.
- 133] Do-ghébhsa i láimh é, 's giod[h] eadh
134] ní lémhdáois gasradh Gháoidheal
135] ucht ar slógh Grég dá ghabháil,
136] an ghég do phór Pharthaláin.
- 137] Sul cuirthior linn lámh 'na cheann,
138] énlán beóil fileadh Éireann,
139] ann as f[h]earr gach áit d'fégadh,
140] mo gheall cáit a gcoimhédabh.
- 141] Ní dhingne mé ar maicne Luirc
142] leis choidhche ná ar cloinn nGearuilt:
143] ní taobhtha rú a ngáol i ngioll,
144] a chrú ar gach taobh 'na thimchioll.
- 145] Fían Shaxan do seachna lais
146] caithfead fós, is fían Durlais
147] ga seadh falta acht a bfráoch ruinn?
148] dalta na láoch ó Lonnainn.
p.59
- 149] Gúais leam a rún dá rochtain,
150] ní dú a chor i gConnachtuibh
151] mná áobhdha finngheala a bfear
152] ingheana máordha a míleadh.
- 153] Mac meic Émainn nár ér sgoil,
154] gúais dá mbeirinn é i nUlltaibh:
155] báidh ar féile 'gan aicme
156] lé céile ar gcláir Chormaicne.
- 157] Anta leis i Lios Túathail
158] an m[h]úir fairsing órchuachaigh,
159] brugh seang na bfoighég bfíthi
160] ga fearr coimhéd coigcríc[h]e?
- 161] Sáor an braighdionus do-bhér
162] d'úa Sémuis na sleagh rinnghér,
163] san chúirt g[h]roighigh ghealmhóir ghloin,
164] seanróimh oinigh an íarthair.
- 165] Suirghi a bfionnbhan, fuighle a súadh,
166] cruin[n]ighthi minci a marcslúagh,
167] a sgaith fíneamhna a hór glan,
168] sódh mímheanma do mhúchadh.
- 169] Gébhthor dhó 'na dheaghaidh soin,
170] brágha láoch Leasa Túathail,
171] roinn sáora as ar sochuir geall,
172] go ngothaibh cáola cáoincheann.
- 173] Do-bhér lais a láoibh áille
174] sochar nach bfúair énbhráighi
175] cúairt learg n-ionfúar na n-oirior;
176] diombúan fearg a bfíadhoighiodh.
- 177] Do-bhér dó ré ndol istteach
178] seal ar ghníomhradh ghreagh n-úaibhreach,
179] seal snámha ar slios gach calaidh,
180] fios gach trágha torcharaigh.
p.60
- 181] Do-chífe bárc a mbeól chúain,
182] do-chífi coimhling mharcslúaigh,
183] is gúais sadh siobhalghrod seang
184] ó bhioradhmad dhamh ndíleann.
- 185] Sruth Féile na bfinnsreabh gciúin
186] do-chluinfi, budh ceól taidhiúir,
187] ag labhradh, lór a binni,
188] mór an t-adhbhar inntinni.