Corpus of Electronic Texts Edition
A fhir ghlacas a ghalldacht (Author: Laoisioch Mac an Bhaird)
p.49
Laoisioch Mac an Bhaird cct.
-
1] A fhir ghlacas a ghalldacht,
2] bhearras an barr bachalldocht,
3] seang-ghlac atú do thogha,
4] ní tú deagh-mhac Donnchadha.
-
5] Ní thréicfea, da madh tú soin,
6] do ghruag ar ghalldacht thacair
7] maisi as fhearr fá fhíadh bhFódla
8] 'sní bhíadh do cheann corónda.
-
9] Ní modh leatsa an barr buidhe;
10] fuath leision na locuidhe,
11] is bheith maol ar ghrés na nGall
12] bhar mbés ar-aon ní hionann.
-
13] Fear nár ghrádhaigh an ghalldacht
14] Eóghan Bán, searc saor-bhanntracht,
15] don ghalldacht ní thug a thoil,
16] an alltacht rug do roghain.
-
17] Ní bhean th'aigneadh d'Eóghan Bhán,
18] do-bhéradh brísdi ar bhegán,
19] fear nár iarr do chlóca acht ceirt,
20] lé nár mian cóta is coisbeirt.
-
21] Fuath leis ar chaol a choisi
22] mionn sbuir ar bhróig bhuataisi,
23] nó sdocaidhe ar sdair na nGall;
24] locaidhe air ní fhágbhann.
p.50
-
25] Ráipér maol nach muirfeadh cuil,
26] ní maisi lé mac Donnchaidh
27] meadh meanaidh thiar ar a thóin,
28] ag triall go tealaigh thionóil.
-
29] Beg a brígh a mbrat órdha,
30] ná a mbanna ard sholónda
31] nó a bhfail óir far ghabhtha ghoimh,
32] nó a sgarfa sróill go sálaibh.
-
33] Dúil a leaba chlúimh ní chuir,
34] annsa leis luighi ar luachair;
35] teach garbh-shlat ná táille tuir,
36] sáimhe lé dagh-mhac Donnchaidh.
-
37] Bró mharc-shluagh ar bhrú mbeirne,
38] troid gharbh, comhlann ceitheirne,
39] cuid do mhianuibh meic Donnchaidh,
40] 's gleic d'iarraidh ar allmhurchaibh.
-
41] Ní hionann is Eóghan Bán
42] gáirit 'mad chois ar chlochán
43] truagh nach bfacas libh bhar locht,
44] a fhir ghlacas an ghalldacht.