Corpus of Electronic Texts Edition
Uaigneach a-taoi, a theach na mbráthar (Author: Lochlann Óg Ó Dálaigh)
p.423
LOCHLANN ÓG Ó DÁLAIGH cct.
- 1] Uaigneach a-taoi, a theach na mbráthar,
2] beag dod bhuidhnibh tairise
3] do-chí tu-sa i ndáil do dhorchla;
4] ní náir orchra ar th'airei-se.
- 5] Do díbreadh uaituch mo thruaighe
6] do theaghlach bocht bráithreamhail;
7] do-chím sibh gan fhear dot ionnramh,
8] a threabh bhionnghlan bhláithshleamhain.
- 9] Ionmhuin drong do díbreadh asat,
10] a eaglas bhláith bhúidhiodhan,
11] buidhean tromdha chomhthrom chiallda,
12] modhchlann diadha an Dúiliomhan.
- 13] A mhainisdear an mhúir shleasaigh
14] sloinntear ó Sliabh Fhorannáin,
15] caoinidh an flaith 's an saoi suilbhir
16] mar taoi it fhuilngidh anfhorráin.
- 17] Fuarais cleachtadh céile n-iodhan,
18] a adhbha an fhuinn ghlaintealchaigh;
19] bheith it aonar níor dhual deit-se;
20] truagh do bheith-se id bhaintreabhthaigh.
- 21] D'éis na gcéile do chleacht tu-sa
22] a-taoitruagh an mhalairt-se
23] gan chluinsin sgéal gcean ná gcliathcha
24] gan fhear iarrtha th'amhairc-se.
- 25] Cuimhneach mé gur mheince leat-sa
26] líon áigh ógbhadh gcaithreannach
27] ag líonadh is-teagh id thiomchall,
28] a threabh fhionnchorr Aifreannach.
- 29] D'éis díbearta na n-ord uile
30] i n-iath Éireann eangfhoirbhthe
31] dé an chreidimh do bhaoi gan bháthadh
32] id bhláthar bheannuighthe.
- 33] D'aithle a n-uarais d'aoibhneas ghnáthach
34] do ghlóir nar ghlóir dhiombaltach
35] ar uaigneas t'árais má féachtar
36] tárrais éachtchor iongantach.
p.424
- 37] Tu-sa it árus ealtan gcíocrach
38] ar gcaill th'aosa ionmhuine;
39] briseadh croidhe an tolg dá dtárras
40] t'ord i n-áras fhiodhbhuidhe.
- 41] T'altóra gan earradh gcrábhaidh,
42] do chluig chaoine cheolmhara,
43] mar dhúil mbailbh gach laoi gan labhra
44] mar taoi is damhna deordhubha.
- 45] Iomdha coireach cionntadh n-iomdha
46] d'fheadhnaibh Fódla fionnshoillse
47] fhuair ar dtadhall bhar sleas samhghlan
48] leas a n-anman ionnaibh-se.
- 49] Iomdha cuideachta clann bhflaitheadh
50] le bhfríoth féasda soineamhail
51] idir shleasaibh do choim chláirthigh
52] ón droing chráibhthigh chroidheamhail.
- 53] Iomdha bocht do biathtaoi it orsain
54] 'gun ord shochruidh shéimhidhe;
55] dursan linne a lorg 's a láithreach
56] gan ord gcráibhtheach gcéillidhe.
- 57] Glan an bhuidhean do bhí id ghrinneall
58] níor ghloine géis ealashroth
59] cuire diadha caoimhghrinn ceolach
60] saoirbhinn eolach ealadhnach.
- 61] Gairid gach la ag an lucht chéadna;
62] níor chian adhaigh fhírleabhar;
63] ní feas ní 'n-a aincheas orra
64] d'ailcheas rolla ríghleabhar.
- 65] Mairg ler díbreadh an ndruing bhfosaidh;
66] ní feas cread a gcionta-san;
67] mór a gcrábhadh, deas a ndaonnacht,
68] ni feas aonolc ionnta-san.
- 69] An t-Airdrí dan hainm an Tríonóid
70] go dtí dá thoil ghrásamhail
71] tabhairt an chuire mhóir mhallghloin
72] róin don adhbhaidh fhásfhollaimh.
- 73] lann Phroinnsiais na bhfuighleadh dtaidhiuir
74] fill don teaghdhais naoimhiodhain;
75] a Mhuire mhór féag bhar bhfearta
76] fan dtréad searcdha saoidheamhail.
p.425
- 77] A Phroinnsiais, a phlannda gheanmnaidh,
78] guidh Dia deaghmhac fionnMhuire
79] fa fhurtocht ar do chloinn choirmigh;
80] roinn ret oidhribh t'ionmhuine.
- 81] Ó tá treimhse 'n-a treibh uaignigh
82] an áit ghrianach ghlanuaidneach
83] tar neart cumhacht na bhfear bhfraochdha
84] rob teagh naomhtha neamhuaigneach.Uaigneach.