Corpus of Electronic Texts Edition
Turnamh dóchais díoth muirne (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)

p.419

FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
  1. 1] Turnamh dóchais díoth muirne,
    2] muirn docar i ndíothainmne;
    3] lór do chládh uabhair tar ais
    4] is uamhain dál an dóchais.
  2. 5] Sealg thorthach níor tuirmheadh dhí
    6] an chú cuirthear i neimhní;
    7] muna rabh anáir ar each
    8] ní gar a fhagháil uaibhreach.
  3. 9] An treabhadh ar nac téid leas
    10] ní hé trá as taosga gheineas;
    11] gort gan fhál is é ar slighidh
    12] dá mbé slán ní saoilfidhir.
  4. 13] Saidhbhreas díomhaoin do dhuine
    14] innile gan aoghaire;
    15] ní fhuil tarbha 'n-a dtairthibh
    16] abhla cuir nach cumhdaighthir.
  5. 17] Gabháil fa chuirm go gcuirthir
    18] a hibhe ní horduighthir;
    19] bídh gríos an ghuail gan ghoradh
    20] an uair bhíos gan bheathoghadh.
  6. 21] Baramhail damh-sa is dom dhán
    22] a ndubart—dia do chlaochládh;
    23] cnú fholam nó each gan srian
    24] neach nó domhan fa dhímhiadh.

  7. p.420

  8. 25] Ní théighim mar badh díor dham
    26] tar ollamh ná tar ánradh
    27] —sé 'n-a chréachtghoin im chroidhe—
    28] éantroigh re ré Rudhroidhe.
  9. 29] Náir dhúinn—'s ní dúinn as ranáir—
    30] mo sgol más iad m'uachtaráin
    31] tre ghoimh míleadh Mhuighe Fhloinn
    32] gach duine ag síneadh seachoinn.
  10. 33] Ós chionn éigeas fhear nUlad
    34] teacht san tuighnigh ollamhan
    35] ní thig díom, gidh dainimh dhún,
    36] sion im aighidh ag iompúdh.
  11. 37] Do mheas éirghe amhlaidh soin
    38] os chionn airdríogh fhear ndomhain
    39] Poimp mearchalma fa mó seadh
    40] gér neamhtharbha dhó a dheireadh.
  12. 41] Ag Séasar na siorthadh mbras,
    42] ag Poimp Máighe is ag Marcas
    43] do bhí an cruinne ó mhuir go muir;
    44] ní rí duine gan dúthaigh.
  13. 45] Riasan dá áirsidh oile
    46] Marcas Cras ceann sochuidhe
    47] —iul re bhfaghar gach fádh fis—
    48] do ládh an talamh thairis.
  14. 49] Fan treas rann don talmhain tais
    50] do éirigh ar n-éag Marcais
    51] fíoch an dá ursan oile;
    52] dursan críoch a gcéalmhoine.
  15. 53] Poimp agus Séasar sluaighmhear
    54] do chuireadar combuaidhreadh
    55] i ngach leith don chruinne ché
    56] do bhreith an uile fhínné.
  16. 57] An cath cathardha do chuir
    58] dá uaitne theanna an talaimh
    59] do b'é críochrún a gcagaidh
    60] dé ón fhíochrún do adhnadair.
  17. 61] "Uch! gan mé" ar Poimp "ós chionn cháigh
    62] dom fhaicsin d'fhearaibh domhnáin"
    63] glóir na flatha fhuair umhla
    64] uair an chatha chathardha.

  18. p.421

  19. 65] Bheith uiríseal 'n-a dhiaidh sain
    66] gairid d'aimsir gur orduigh;
    67] do radadh fatha déar dhó
    68] a shéan catha do chlaochlódh.
  20. 69] Mé an Poimp dá dtarla an tuisle,
    70] an t-Iarla is sé an Séasair-se,
    71] ar bhfearg rer-oile is é an cath
    72] gomadh hé ar gcroidhe an caomhthach.
  21. 73] Mar Phoimp Maighe ag teacht san treas,
    74] bheith céim ós chionn na n-éigeas
    75] do bhí uair 's do aontaigh mé;
    76] claontair gach uaill dá háirde.
  22. 77] Mar Phoimp a-rís d'aithle an áir,
    78] bheith íseal—anba an diombáigh—
    79] dar m'éig-se do ba lór linn,
    80] ór ar m'éigse ó nach aithnim.
  23. 81] Ó tá an maidhm oruinn badh-éin
    82] aontuighim tre Ua saoirNéill
    83] beith fa oideadhaibh Craoi Chuinn;
    84] faoi ní hoideamhail m'urruim.
  24. 85] Tuir fhuluing fhola Dálaigh
    86] ní fiu dá méin mórdhálaigh
    87] —ní hé an doigh nach dursan linn—
    88] a bhfuil d'osnadh im intinn.
  25. 89] Náir dói-séin agus damh-sa
    90] a bhfuil d'anaoibh oram-sa
    91] ar dheoradhacht—dáil nar dhligh—
    92] i n-Eoghanacht Cláir Chaisil.
  26. 93] Dá gcuireadh díoth toice treall
    94] ollamh flatha ar fud Éireann
    95] ní cóir dhó ar a dhán diomdha;
    96] dá mhó a thár dá thighearna.
  27. 97] Do dhearbh sé seanfhocal cáigh
    98] —do léig an t-Iarla ar n-anáir
    99] uile fa lár as a los—
    100] "ní fádh duine 'n-a dhúthchas."
  28. 101] Iarla Ó gConaill, slios re saoidh,
    102] ní fhuil fáth ag a anaoibh;
    103] im dhán níor dheargas duine
    104] do Chlár leargglas Laoghaire.

  29. p.422

  30. 105] Ar airdríoghaibh Inse Néill
    106] a ndearnadar do dhíthchéill
    107] ar maithe trá druim ar druim
    108] a-tá dáhe oruinn.
  31. 109] Cuirm Éingrinde is an t-each geal,
    110] súil Eochaidh, ainnre Laighean,
    111] —ní théid mo sheise ríogh róm—
    112] mei-se dá dhíol 'n-a dhobrón.
  32. 113] Shleagh na Con, 's an Chearc Bhoirche,
    114] flaitheas Banbha beannfhoirbhthe
    115] rug sé don dul-sa ar a ndíol
    116] an té as ursa don imshníomh.
  33. 117] A-tá uabhar m'aicme féin
    118] ar chloinn Chonaill mheic mhóirNéill
    119] fa phosd ríoghshluaigh fola Floinn
    120] dá shíorbhuain uile asuinn.
  34. 121] Groighe is táinte clann gConuill
    122] tús is earr an uraghuill
    123] —fa-ríor níor haltoigheadh liom—
    124] im ghortoirear ríogh Raoilionn.
  35. 125] Ag íoc na muirne nach mé
    126] fhuair ó phór chaithreac claoinTé
    127] a-tá sé ag crádh mo chroidhe
    128] mar táim re ré Rudhroidhe.
  36. 129] Buain a dhúthchais do dhuine
    130] ní breath ríogh do Rudhroidhe;
    131] is liom-sa a chogar ó chiort
    132] ionnsa m'obadh óm oidhreact.
  37. 133] Go buan is fearr an fonn-sa;
    134] ní hé a-tá d'fheidhm oram-sa
    135] muirn mar shriobh tuile ag toigheacht
    136] ná cion duine ar deoroidheacht.
  38. 137] Mac éachtach Aodha Í Dhomhnaill
    138] Ua Séamuis, tuir treasfhorlainn,
    139] mo rí go rabh ar mo shon;
    140] ná tí a thal ar mo thurnamh.

    Turnam.