Corpus of Electronic Texts Edition
Tosach féile fairsinge (Author: Aodh Ollabhar Ó Carrthoidh)
p.415
AODH OLLABHAR Ó CARRTHOIDH cct. ?
- 1] "Tosach féile fairsinge"
2] d'fhuighlibh Fíthil an focal;
3] ní hiomdha dar n-aithnei-ne
4] neach as urra don tosach.
- 5] Ní thig tosach fadhálta
6] don tí dhligheas dán díom-sa;
7] ní budh mór dá bharánta
8] tosach an teagaisg ríoghdha.
- 9] Dó as fhearr thig an tosach-sa
10] Ó Maol Ruanaidh rí Céise;
11] tearc neach ar an domhan-sa
12] as fhairsinge ná as fhéile.
- 13] Do-bhéaradh Mac Diarmuda
14] a shúil tar ceann a einigh;
15] dá mbeith fear a hiarrata
16] níor bh'ei-sean fear a heitigh.
- 17] Ní ar domhan ní shanntuigheann
18] acht dá dháil dá gach duine;
19] nochan fearr an gallmhuileann
20] ó léigtear é fa uisge.
- 21] Tomhaltach Mac Diarmuda
22] mac na ríoghna ó Ráith Chruachan
23] gá seadh méad a iarrata
24] 's gur mó sa chách a chnuasach.
- 25] Rí maicne Maoil mhórRuanaidh
26] 'ga dtá an t-eineach i gcartaigh
27] fíon dá ól a hórchuachaibh
28] uime ó mhadain go madain.
p.416
- 29] Is uasal an t-aoghaire,
30] a-tá aca ar a n-eineach;
31] ní fhacas fós aonduine
32] ag dul uadha fa eiteach.
- 33] Gearr budh lón a ionnmhus-san
34] muna bheith Dia dá cosnamh,
35] lámh aige dá thiodhlacadh
36] is lámh oile dá bhronnadh.
- 37] Ní hí cuid na céadoidhche
38] do-bheir Dia dá dhreich mhínghil
39] acht é ag riar gach éanchoinnmhe
40] bhíos 'n-a chás air dar-íribh.
- 41] A dtabhair mac Conchobhair
42] agus a bhfaghann chuige
43] aige ní fhuil comhchosmhail
44] acht trághadh agus tuile.
- 45] Dá mbeith gan bhád
ionlocha
46] 's a dhámh i bpurt an locha
47] do rachadh flaith Fiodhnacha
48] dá bháthadh d'eagla ghotha.
- 49] Tomhaltach mac Conchobhair
50] mheic Aodhadia do thoice
51] mheic Chonchobhair chomhramhaigh
52] mheic Tomhaltaigh óig oile.
- 53] Mheic Mhaol Ruanaidh romhasglaigh
54] ris nach raibhe feidhm formaid
55] mheic Ghiolla Chríosd chomhchubhaidh
56] mheic Conchobhair mheic Cormaic.
- 57] Sgéal beag ar an gCormac-sa
58] a-tá agam re n-a aithris;
59] d'eagla gomadh domblasda
60] dleaghar réilioghadh gairid.
- 61] Lá éigin dar éirghiosdar
62] ar tulaigh láimh re a longphort
63] oireacht i ngach éinionadh
64] dá chumhga 'n-a mbíodh Cormac.
- 65] Go tulaigh na comhdhála
66] do-chí chuca mun dtráth-sain
67] bean leathchaoch ruadh roghránda
68] 's aonbhrat lín ar a brághaid.
p.417
- 69] Gabhais tres an aonach-sain
70] nó go ráinig sí an baile;
71] dí níor fhiafraigh éanduine
72] cia hí nó cáit a raibhe.
- 73] Go Carraigh Meic Diarmada
74] an tráth do-chuaidh an bhean-so
75] níor shuidh an dúil diabhalda
76] gur cóirigheadh lé leaba.
- 77] Oileachán beag éagcosmhail
78] do-ní i n-uillinn an tighe;
79] bliadhain dí ar an ndéarghadh-sain
80] gan easbhaidh bídh ná dighe.
- 81] Gur caitheadh an bhliadhain-sin
82] mo chean do-rinne an ainmne
83] bean ná fear dá fiafraighe
84] ní fhuair ar feadh na cairrge.
- 85] Téid an chaochruadh chiabhfhada
86] ar gcor na bliadhna thairse
87] d'ionnsaighe Mheic Diarmada
88] 's beannaighis dó as a haithle.
- 89] Innisidh a himtheachta
90] dó ó thosach go deireadh;
91] ní sgéal so nach inleanta,
92] sgéal as uaisle ar an eineach.
- 93] "Bliadhain gus an aimsir-se
94] dhúinn it shíth, a rí Dhuibhe,
95] ar bhfógra ó Thír Thairrngire
96] bean mé ar ar cuireadh cluiche.
- 97] "I mbrugh Eamhna abhlaighe
98] do cuireadh mé fa gheasaibh
99] gan dul go Tír Thairrngire
100] go mbeinn bliadhain 'n-a heasbhaidh.
- 101] "Níor gabhadh an bhliadhain-se
102] uaim gan mo bheith i n-éantaigh
103] 's gan neach ann dom fhiafraighe
104] ar feadh an dá mhíos dhéag-sain.
- 105] "Do bhádhas an bhliadhain-se
106] i gcúirt Locha Ché chornbhláith
107] gan neach ann dom fhiafraighe
108] is do bhíodh uile an tromdháimh.
p.418
- 109] "A n-áireamh ní féadfaidhe
110] leath ná trian a mbí id bhaile,
111] 's ní shaoileann díobh éanduine
112] nach air féin bhíos bhar n-aire.
- 113] "Ar bhéasaibh ná ar
mhíbhéasaibh
114] ní diúltar neach ód thigh-se
115] 's ní léigthear acht
fíréanaigh
116] amháin i dteaghdhais nimhe.
- 117] "A Chormaic mheic Tomhaltaigh,
118] an bhfuil ar feadh an bheatha
119] teach i mbeinn an comhfhad-sain
120] gan fhiafraighe acht do theach-sa?
- 121] "Beannacht agus bithbheannacht
122] fágbhaim uile 'gad theaghlach;
123] ní dearnadh 's ní dingeantar
124] céim as uaisle ná a ndearnsad.
- 125] "Do ním-se dhuit fáisdine
126] gé táim im beathadhach ghránna
127] go mbia an t-oineach d'áiridhe
128] 'gat shíol go laithe an bhrátha."
- 129] A geasa ó do fuasgaladh
130] ar n-innisin a heachtra
131] imthighis an ruadhchailleach;
132] ní dí támuid budh-easda.
- 133] A airdrí fial foighideach
134] is riot bheanas an sgéal-so;
135] id bhrugh ní bhí coimhidheas
136] re duine do shíol Eabha.
- 137] Níor bh'usa don chailligh-sin
138] bheith mar do bhí i mbrugh Cormaic
139] iná bheith id bhaile-se,
140] a rí Locha Ché chollbhuig.
- 141] Do-ghabhthaoi id bhrugh bhiothbhuan-sa
142] sgol ris gach gceird i nÉirinn
143] 's ní bhíodh i dTigh Mhiodhchuarta
144] acht duine ris gach éincheird.
- 145] Do ghreasa, do mhadhmanna,
146] ní fhéadaim bheith dá
bhfaisnéis;
147] ní thuillfeadh san adhmad-sa
148] an deachmhadh cuid dod chaithréim.
p.419
- 149] Ad theagmháil, a Thomhaltaigh,
150] ní thiocfadh duine ar domhan,
151] a Chú Chuluinn churata
152] a Chonaill Chúigidh Chonnacht.
- 153] A-tá ag dúsacht
th'adhmholta,
154] a rí ceirtbhreathach Céise,
155] nach foghnann don adhmad-sa
156] tosach acht tosach féile.Tosach féile.