Corpus of Electronic Texts Edition
Tairnig éigse fhuinn Gaoidheal (Author: Fear Flatha Ó Gnímh)
p.398
FEAR FLATHA Ó GNÍMH cct.
- 1] Tairnig éigse fhuinn Gaoidheal;
2] adhbhar suadh nó saordhraoidheadh
3] ní mhair díobhdamhna cumhadh
4] ná díol anma ollomhan.
p.399
- 5] Táinig a ré leath ar leath
6] sgol Uladh, éigse Laighneach;
7] deachmhadh dámh Muimhneach ní mhair
8] ár gan fhuighleach an t-ár-sain.
- 9] I gcrích Chonnacht ceardcha sgol
10] ní mhair ollamh ná adhbhar;
11] tug fam chridhe ceo orchra,
12] 's ní beo file foghlomtha.
- 13] Oighidh Taidhg dhuansgagtha Dhoill,
14] éag Eochaidh mheich Maoil Eachloinn,
15] tug draoithe Éireann fa oil
16] géibheann maoithe fa a meanmoin.
- 17] Ní clos sgolaidhesgéal tinn
18] d'Íbh Dálaigh nó d'fhuil Uiginn
19] ag túr lighe i leabthaibh both,
20] dá ealtain fhine n-eolach.
- 21] Uch ní mhair caomh ná cara
22] d'fhuil ealadhnaigh Eochadha;
23] ag sin cuire cridheadh nglan;
24] uile a cineadh do-chuadar.
- 25] Clann Chraith dá gcreidis sgola,
26] fine rannghlan Ruadhnadha
27] méala nach marad an dámh
28] fréamha carad is compán.
- 29] I gcrích Uisnigh an fhuinn ghloin
30] sgotha fileadh, fuil Chobhthoigh,
31] sgéal mór gan mharthain na sgol;
32] a sgarthain is clódh céadfadh.
- 33] Clann an Bhaird, clann Con Midhe,
34] tearc fisidh nó fáidhfhile
35] mo dhall chiach-sa is ceo cumhadh
36] beo d'iarsma na n-ollomhan.
- 37] Tug fógra dámh an domhain
38] is col d'fhagháil d'ealodhain
39] fuil chrannda dá cora i gcion
40] 's na fola arda ísiol.
- 41] A fhir sgaoilte na sgéal sean
42] 'ga mbí seanchas mac Míleadh
43] ní ham sgéal do sgaoileadh dheid
44] tréan Ghaoidheal an tann tairnig.Tairnig.