Corpus of Electronic Texts Edition
Slán fat fholcadh (Author: Tadhg Mór Ó hUiginn)

p.394

TADHG MÓR Ó hUIGINN cct.
  1. 1] Slán fat fholcadh
    2] a Fhionnghuala réidh roicheolchar;
    3] th'fholt idir é
    4] ní fhidir mé nach moitheochthar.
  2. 5] Slán fat fholcadh
    6] 's fa fhighe th'fhuilt fhiarchlaidhigh
    7] sé is th'óige ort
    8] is móide ar an fholt mh'fhiafraighidh.
  3. 9] Slán fa dhíorghadh
    10] do dhíshleachta shlim shlaitleabhair,
    11] a mhall mhilis,
    12] a bharr 'n-a thrilis taitneamhail.
  4. 13] Slán fa chíoradh
    14] do chúil as caomh re a shíorfhaicsin;
    15] gurab soraidh
    16] gurab cobhuidh don chíoraidh-sin.

  5. p.395

  6. 17] Ar gcíoradh th'fhuilt
    18] usuide dhamh a dheaghmholadh
    19] gach clann chleachtach
    20] id bharr leabthach ag leabhroghadh.
  7. 21] Gach uair fhoilce
    22] th'earla bhíos ag breith ailtbhisigh
    23] mar ghrein ngairthe
    24] do néimh a haithle an fhailcei-sin.
  8. 25] Cros Críosd thorad
    26] tearc th'aithghin ar bioth barrbhuidhe;
    27] ná rabh tres an bhfolt bhfionnbhuidhe
    28] ort amhghoire.
  9. 29] Aigmhéil dá bharr
    30] béim súl ar chách re a chladhfhaicsin;
    31] tú as caoimhe i gcurp
    32] naoidhe fan fhult an aghaidh-sin.
  10. 33] An aghaidh óg
    34] fan fholt bhíos 'n-a bharr dhronglánach
    35] bíd is beid dí go deaghshnuadhach
    36] 's sí soghrádhach.
  11. 37] Soghrádhach thú
    38] ós do thír lisleabhair longclannaigh;
    39] a chnú ar gcraoibhe
    40] 's tú bhus caoimhe do-chonncamair.
  12. 41] Gér chaomh ar dtús
    42] thú re figheadh th'fhuilt fhionnbhuadha
    43] tug luach eich ort
    44] do bheith fa fholt, a Fhionnghuala.
  13. 45] Áluinn fan fholt
    46] th'aghaidh chorcra mar chéadshaimhghréin
    47] th'fholt mar fhalaigh
    48] ag tocht tar th'aghaidh n-éadainréidh.
  14. 49] Réidh an t-éadan
    50] ar aghaidh th'fhuilt troim thaithneamhaigh
    51] na gcleathrámh gcraobh
    52] ós an ngealchlár gcaomh gcailceamhail.
  15. 53] Mailghe caola
    54] ós chionn do cheathra gcraobhfhabhra
    55] aonsduaim orra
    56] dá chaolsduaidh dhonna dhaolamhla.

  16. p.396

  17. 57] Tearc san chruinne
    58] comhchaomh do rosg mall mongdhathta;
    59] géagcruinn gruaidhe
    60] dá réatlainn uaine ogradhta.
  18. 61] Gruaidhe donna
    62] dá ndéantar dán saor sreathmholta
    63] leaca as saor snuadh
    64] le taobh do dá ghruadh ngealchorcra.
  19. 65] Béal dearg tana
    66] tug dhuit Dia—déana a altoghadh—
    67] a chrann cubhra,
    68] a bharr mar ubhla ar n-abghughadh.
  20. 69] Deirge iná subh
    70] snuadh do leacan re a lánfhaicsin
    71] do bhráighe bhláith
    72] i mbáine bhláith don bhrághaid-sin.
  21. 73] Cíghe troma
    74] ós do thaobh tárraidh mochbhuadha;
    75] ní fhuil fa ucht
    76] a-muigh ar curp a gcomhchuanna.
  22. 77] Ucht mar eala
    78] agad, a chall glan gealchoilleach;
    79] slios caomh cladhach
    80] do thaobh mar chanach gCreamhchoilleach.
  23. 81] Braine mar bhláth
    82] do bharr mar ór, crodh caomhuingeach;
    83] folt clúmhraon gcam
    84] ort, a ghlúnmhaol mhall mhaoluilleach.
  24. 85] Cuanna caomha
    86] do dá cholbtha, a chraobh ghealthoirtheach;
    87] beaga bhláthbhuinn
    88] 's iad seada sálchruinn seangthroightheach.
  25. 89] Milis do ghlór
    90] a ghéag mhall Mhoighe Finnei-sin
    91]
    [gap: extent: 1 line]

    92]
    [gap: extent: 1 line]
  26. 93] Téighid sginge
    94] do sgarlóid chorcra chorrtharaigh
    95] th'ucht slimgheal saor,
    96] a inghean chaomh Í Chonchobhair.

  27. p.397

  28. 97] Do néimh th'aighthe
    98] do áilnigh th'fholt cas claonbhuidhe
    99] fionnNuadha Fáil
    100] a Fhionnghuala Chláir Caonruighe.
  29. 101] Nuadha Fionn Fáil
    102] fuair a cruth ríoghdha ronua-san
    103] ó Nuadha a-nuas
    104] ní chuala cluas a chomhuasal.
  30. 105] Ríoghradh Éireann
    106] umut earla mar ghléidheaghór
    107] go Conn na gcuan
    108] is an drong uadh go hÉireamhón.
  31. 109] Níor fhás achd rígh
    110] is ríoghna 'mod rosg ndeaghshádhal
    111] callros fa chnuas
    112] ó Mhaghnus suas go seanÁdhamh.
  32. 113] Cia do righeadh
    114] riot, a ríoghan nach rosggruamdha,
    115] cia ad-chluin nó ad-chí
    116] go bfuil i gclí do chomhsduamdha?
  33. 117] Comhsduamdha ód láimh,
    118] a lacha áluinn aoigheadhach,
    119] gach béas banda
    120] eidir ghréas Ghallda is Ghaoidhealach.
  34. 121] Id bhruidhin bhric
    122] bídh re béalaibh bhan lámhdhaidhe
    123] fíon fuar finngheal
    124] ód chuan, a inghean Árlaidhe.
  35. 125] A Fhionnghuala,
    126] a ucht mar bhláth saor subhlosa,
    127] a inghean ghlan mhall Mhaghnusa,
    128] a chrann cumhra-sa.
  36. 129] Biaidh red reimhis,
    130] a ríoghan Chruachna coillghile
    131] —mar do bhaoi—bean
    132] gan mhnaoi gan fhear 'ga hoirbhire.
  37. 133] Gnáth as dual dhuid
    134] —is a dhéanamh ar dhánmholadh—
    135] gan bheirt ar bhoin
    136] gan fheirc ar ghroigh do ghrándoghadh.

  38. p.398

  39. 137] Dual ót athair
    138] a Fhionnghuala, a fholt maoithghleannach,
    139] bheith ag díol dámh,
    140] an fíon 's an dán do dhaoircheannach.
  40. 141] Dual dod bhais bhláith
    142] bheith don aos dána ag druineachas
    143] ceird cridhe ar crioth
    144] gach file ar bioth dod bhuidheachas.
  41. 145] Dual duid dá mbeath
    146] —ni budh beag d'fheidhm ná d'ordughadh—
    147] Banbha ar do bhreith
    148] mallbha agus eich ar mh'ordughadh.
  42. 149] Dual duid mé id thig
    150] ag toirbheart chliar gach chineadhaigh
    151] d'fhoghluim ionnlais
    152] ag comhruinn ionnmhais d'fhileadhaibh.
  43. 153] Th'ór is th'airgead
    154] agam uaid ag a thiodhnacal,
    155] gach ní fa nimh
    156] dá mbí id thigh ar mo thiodhlacadh.
  44. 157] Dual duid gach dámh
    158] do dhol leam d'fhéachain th'fhinntighe
    159] tú ag réir a rann
    160] gan chléir ann achd ar mh'impidhe.
  45. 161] Dual duit gach magh
    162] 's gach móin go dtolchaibh tiormruadha
    163] lán dod lachtchrodh;
    164] slán fat fhalcadh, a Fhionnghuala.

    Slán.