Corpus of Electronic Texts Edition
Rogha na cloinne Conall (Author: Giolla Brighde Mac Con Midhe)

p.390

GIOLLA BRIGHDE MAC CON MIDHE cct.
  1. 1] Rogha na cloinne Conall,
    2] togha na droinge a-dearam;
    3] tolg dar seoladh rug romham,
    4] Conall tug d'Eoghan fhearann.
  2. 5] Lais thángadar a Teamraigh
    6] rángadar re a ais Eidhnigh;
    7] do shín a éill go harnaidh
    8] re damhraidh shíl Néill neimhnigh.
  3. 9] Toghthar Conall na gcuradh
    10] —nochar thorann gan toradh—
    11] an tslat réidh fheardha iodhan
    12] ionadh Néill Teamhra ar toghadh.
  4. 13] Laoghaire ag tnúdh—fa toillchiall—
    14] rer n-aoghaire n-úr n-armchaol
    15] craobh ris ar easbhach iomthnúdh
    16] fionnchúl caomh fleasgach fannchaomh.
  5. 17] Aoghaire do réidh roiréidh
    18] Laoghaire—fa léim sodháin—
    19] ríghe laoi 's oidhche d'fhagháil
    20] ar ngabháil choidhche an chonáigh.
  6. 21] Teagar lá is adhaigh Éire
    22] dar gcabhair mar do-chuala;
    23] Conall achd gér chruaid lámha
    24] gránna an comhall fhuair uadha.
  7. 25] Ar Laoghaire "Is leam Teamhair;
    26] aonduine im cheann ná cuiridh"
    27] "Acd lá riamh ann is adhaigh
    28] faghaidh" ar barr fial Fuinidh.
  8. 29] Truagh do Laoghaire a luaighill
    30] aonduine uadh for Éirinn
    31] crobhuing do líon mo lámhainn
    32] síol áluinn Conuill chéibhfhinn.
  9. 33] Síol Laoghaire ní leanann
    34] saoruidhe na ríogh romham;
    35] do-chuaidh fa a chró a fhearg d'fhulang
    36] dulann dó a chealg ar Chonall.

  10. p.391

  11. 37] Deich rígh don tsíol óg áluinn
    38] —a ród is do shíor shíolaim—
    39] fuair ó linn Conuill chéibhfhinn
    40] romhuinn Éirinn bhfinn bhfíonduinn.
  12. 41] Ainmhire a arm do lúbadh
    42] garbh re hainbhfine an t-óigfhear;
    43] a mhóid níor mhín i n-éigean
    44] céidfhear dhíb na gCóig gCóigeadh.
  13. 45] Do badh dhíbh Domhnall doinnmhear
    46] nar mhín comhlann a chrannghal;
    47] do chuir an cath re Conghal
    48] ar Muigh fhonnghlan Rath raghlan.
  14. 49] Aodh díb ro b'fhogha uilleach,
    50] Maol mín Cobha gan chrannach,
    51] Conall fial caomh is Ceallach
    52] na gciabh ngleannach gcaol gclannach.
  15. 53] Baodhán Liag, Loingseach Dobhair,
    54] coimseach iad ar na huilibh,
    55] Conghal caisChinn mhóir Mhaghair,
    56] cabhair shlóigh fhairsing Fhuinidh.
  16. 57] Laithbheartach laoch nar sguchadh,
    58] gaoth tre chlaichshneachta chiothmhar,
    59] fir Breagh a brón do bheanfadh
    60] an deachmhad fear mór miodhchar.
  17. 61] Go Domhnall Óg dá n-áirmhear
    62] dá bhfoghnann gach fód líonmhar
    63] do chloinn Néill an tréad taoibhgheal
    64] aoinfhear déag san réim ríoghradh.
  18. 65] Deich gcéile ad-chím don chineadh
    66] tar ar shín Éire a hionar,
    67] fir go mbuaidh dhí ar a ndeireadh;
    68] fuair deighfhear í 'n-a n-ionadh.
  19. 69] Domhnall ó Dhún chas Cnucha
    70] gan súgh mar bhlas a bhracha,
    71] ní thoghfa mé méin seacha,
    72] breatha Dé réim a ratha.
  20. 73] Mac Domhnaill duille ar gcraoibhe
    74] Ó Domhnaill Tuinne Tuaidhe
    75] mac d'fhíonLasair a hÁine
    76] gráinne a míonfhrasaibh Muaidhe.

  21. p.392

  22. 77] Ó Domhnaill chéibhfhinn Codhail
    78] comhrainn d'Éirinn ní fhuirigh;
    79] go mbeire an fear fál droighin
    80] lámh re froighidh bhfear bhFuinidh.
  23. 81] Do líon gach linn ar dtrághadh
    82] mar do ríogh sinn an saoirfhear;
    83] níor lia bó is lacht ga líonadh
    84] sa ló ar ríoghadh Art Aoinfhear.
  24. 85] Bláth gach tíre 'n-a thoradh,
    86] gnáth díle mar a dubhadh,
    87] gach fiodh cnó mbán ag bloghadh,
    88] gach domhan lán bó is brughadh.
  25. 89] Gach coill mhín choimhthe chomhlán,
    90] toirthe 'n-a thír ga dtuilshníomh,
    91] tonna an chalaidh ar comhshnámh
    92] lomnán maghair is muirmhíol.
  26. 93] Maighre geal solas Sionna
    94] dar lean gach sonas sunna;
    95] do shaoirchleith mhín Deirg Droma
    96] tonna i dtír do theilg tunna.
  27. 97] Fíon garg go tonnDruim Tuama
    98] nach tard d'Ua Dhomhnuill daonna;
    99] tonna an chuain ag cur fíona,
    100] go bun Síodha fhuair Aodha.
  28. 101] Clann Dálaigh, Domhnuill Teamhrach
    102] tárraid go tonnDruim Dairbhreach
    103] fir do chloinn líonmhair Lughdhach,
    104] coill ubhlach, míonghloin mhaighreach.
  29. 105] Mear toghdha glór na ngiolla
    106] colbha na slógh sleagh 's leanna,
    107] sona a gcnuic chasa chorra,
    108] donna a mbruit, glasa a ngleanna.
  30. 109] Géill ba thuaidh 'n-a n-idh uain-ne
    110] gach ré n-uair na fir fúin-ne,
    111] ní bhí uann cáin dá chéile,
    112] dual Éire dháibh is dúin-ne.
  31. 113] Seacht ndaighfhir díbh a-dearaim
    114] rígh 'n-a n-aighidh ní fhaghaim
    115] ar son na seacht ríogh romhainn
    116] síol gConaill ag teacht tharainn.

  32. p.393

  33. 117] Brian, dá Aodh, Niall cas Caille,
    118] Niall na bhFras fa caomh gcloinne,
    119] tug geall do Chonall Cime
    120] Colam Cille ar gceann coinne.
  34. 121] Ó Domhnaill shaoir ó Shionnainn,
    122] a mhaoir ar dhonnDruim Dabhaill;
    123] do fhóir geiléan caomh Coruinn
    124] ceinéal gConuill saor Sabhaill.
  35. 125] Nós ríogh Eamhna gur éirigh
    126] a ghníomh go feardha fáilidh
    127] nochar dhéanta 'n-a nduanaibh
    128] sluaghaidh náid éachta d'áirimh.
  36. 129] Gidh áluinn rabh laogh lachta
    130] nó damh caomh nocha chreapfa;
    131] abaigh bláth na gcnó gcorcra;
    132] tráth molta dhó badh dheachta.
  37. 133] Ó Duib-dhíorma an tarbh tuilmhear
    134] do mharbh an ríoghdha rinngheal;
    135] ní cuirthe i ndán go ndearnadh
    136] eangnamh ná dál nach dingneadh.
  38. 137] Tug teach Fordroma fíonduinn
    138] gan ardlonga gan ógluing;
    139] do mharbh Ó Maoil aird Fhábhuill,
    140] 's do airg Máluinn gcaoin gcnódhuinn.
  39. 141] Do ionnsaigh fear saor Sligigh
    142] Aodh gur lean as a leabaidh;
    143] fa ruathar suairc cruaidh cagaidh
    144] cuairt chladaigh uair an Eabair.
  40. 145] Rug beo—is doiligh fa dheireadh—
    146] Mág Uidhir leo gur leanadh;
    147] lom gach teach as a dtabhar
    148] go caladh creach long leabhar.
  41. 149] Goill go mín ó a chéim chagaidh,
    150] a ngéill 'gun rígh 'n-a ribibh;
    151] do fhromh deabhaidh an dreagain
    152] tor eagair sleamhain Sligigh.
  42. 153] Ruaig 's a rionnlán áigh uirre
    154] d'iomrádh nochan áil linne;
    155] do ba ruadh colg ón choinne
    156] do-roinne im bhord bhfuar bhFinne.

  43. p.394

  44. 157] Ruaig gharg an leomhain loinnmhir
    158] go hArd Eoghain do fholmhuigh;
    159] do-chuaidh dá breith a Boirnibh
    160] le coinnlibh creich gcruaidh gcodhnaigh.
  45. 161] Gé rug bú iomdha uain-ne
    162] a dhiomdha níor dhú dhúin-ne
    163] —is é linn táith ar dtíre—
    164] i ríghe cinn bhláith Bhúille.
  46. 165] Is cáineadh dháibh dá ndearnuinn
    166] áireamh a áigh shaorloinn;
    167] gan srian re hágh ní fhuilngim,
    168] ní thuirmhim trian dál Domhnaill.
  47. 169] Mac Domhnaill Domhnaigh Cobha
    170] nochar odhraigh a fhola
    171] ag Brian do bhí 'n-a thogha
    172] rí an bhrogha riamh a rogha.

    Rogha.