Corpus of Electronic Texts Edition
Rí con Éireann Ábhartach (Author: Brian Ó Corcrán)

p.387

BRIAN Ó CORCRÁN cct.
  1. 1] Rí con Éireann Ábhartach
    2] coiléan ciuin cruadhbhánaltach;
    3] is tuar clú a hoirbhearta áigh
    4] cú bhus oirrdhearca n-iomráidh.
  2. 5] Iomdha cáil inar chóir geall
    6] don cheannphurt-sain con n-Éireann;
    7] barr clú ní diommoltair dhi
    8] an cú im fhionnochtaibh Éirne.
  3. 9] Mac Ioldathaigh na n-arm nocht,
    10] fuair do chú-sa, a Chú Chonnacht,
    11] ainm agus a clú re a cois,
    12] an cú gidh airm i n-uarais.
  4. 13] Uasal an treabh dá dtá sin;
    14] is mac Ábhartach d'Fhinngil;
    15] fuair a sbairn caithréim don choin
    16] Caithréim do b'ainm dá hathair.
  5. 17] Bíoth nach béaradh buadh ndealbha
    18] an cú cumtha croibhfheardha
    19] dul rompa ní clú don choin
    20] cú as corcra crú i gconaibh.
  6. 21] Ní cú más fhíor a heachtra
    22] achd duine i ndeilbh draoidheachta
    23] —is tearc lá nach dearbhthar dhuibh—
    24] a-tá mar fhearchoin agaibh.

  7. p.388

  8. 25] Cú le mórthar gach meadhair,
    26] cú as ghrádhmhar le Gaoidhealaibh,
    27] cú as toileamhla fa dtád Goill
    28] an tsoidhealbhdha ág áluinn.
  9. 29] Is d'iarrsma na gcon gcalma
    30] an cú céillidh cathardha
    31] ag Fionn reachtmhar rí na n-óg
    32] do bhí neartmhar a-nall-ód.
  10. 33] Nó is í cú mheic Morna mhir
    34] dar bh'ainm Iorghal an uair-sin
    35] ba caithleomhan re cneas Goill
    36] bheas do haithbheodhadh eadroinn.
  11. 37] Nó is í Foirneart cruaidh calma
    38] an cú ceannard cathardha,
    39] cú Osgair na gcuach gcam
    40] ba luath gcosgair i gcomhlann.
  12. 41] Nó cú mheic Lughach na learg
    42] dar bh'ainm chubhaidh an Ceinndearg,
    43] an cú glan seamfhaobhrach seang
    44] ór ghearrshaoghlach damh díleann.
  13. 45] Gá dtám, do choimmeas na gcon
    46] do bhádar ag airdrígh Almhan,
    47] Bran féin as daghshamhail di;
    48] baramhail as léir linne.
  14. 49] An Bran oirrdheirc-sin Finn féin
    50] d'Abhartach ní thuill toibhéim
    51] tarraidh clú dá cosgar soin
    52] cú mar Osgar i n-iorghoil.
  15. 53] Ní fhuil fa néallaibh a-nocht
    54] ag do choin-se, a Chú Chonnacht,
    55] gníomh doidhéanta re damh ndonn,
    56] roiréalta do char comhlann.
  16. 57] A bhfuil ó Dheirg go Drobhaois
    58] dá n-iarrthar gach aonfhoraois
    59] más fíor is folamh 'n-a gar,
    60] 's ní foghar míol 'n-a mothar.
  17. 61] Ó bhéal Allta go hIasgaigh
    62] tearc ann do na hilphiastaibh,
    63] nó im bhruach roigheal líonmhar Luirg
    64] nó im oirear míonghlan Miodhbhuilg.

  18. p.389

  19. 65] Seachnóin Bréifne an bhruaich sgathaigh
    66] cuairt Ábhartaigh ioldathaigh
    67] —budh cuimhneach thiar agus thoir—
    68] gidh fiadh d'fhuighleach níor fhágaibh.
  20. 69] Im nónaidh nochtaidh a fearg
    70] ag Sligeach, ag Sliabh gheildearg;
    71] fa díoghlach an deinmne soin
    72] ag síodhLoch Meilghe ar madain.
  21. 73] I nGleann Ghaibhle druim ar druim
    74] tug so is ag Sliabh an Iarainn
    75] fros mílealbha muin ar muin
    76] is prímhealmha os n-allaidh.
  22. 77] Ó tháinig i n-iath Ultach
    78] ní hannamh ar Ábhartach
    79] —ní fhuighinn a ríomh go réidh—
    80] gníomh nach cuirim 'n-a caithréim.
  23. 81] Ón mbuime do oil i-se
    82] ní hiongnadh ádh uirrei-se
    83] ler sighneadh coiléan d'Ú Chuinn
    84] ar n-Oiléan inghean Éamoinn.
  24. 85] Do Bhran is oidhir i-se;
    86] d'Fhionn an cú óg eilei-se;
    87] a Dhé, caomhain clú na gcon
    88] ar bhrú baoghail gan bhearnadh.
  25. 89] D'iarsma na féinnei-se Finn
    90] cáraid na gcéimeann bhfoirtill;
    91] deacair righe rú fa rath;
    92] mo chride an cú is a codhnach.
  26. 93] Coin Éireann ó thuinn go tuinn
    94] is coin codhnaigh crú Ríoghdhuinn
    95] ramharcach Tolcha Dá Thí
    96] Abhartach ortha is airdrí.

    Rí.