Corpus of Electronic Texts Edition
Rannam le chéile a chlann Uilliam (Author: Unknown)
p.379
- 1] Rannam le chéile a chlann Uilliam
2] Inis Banbha
3] ó tharla ag buaidhreadh críoch gConnla
4] fíoch bhar bhfaghla.
- 5] Do sguir cogadh cur dá
choimhthréan
6] fa cheann tíre;
7] do cleachtadh riamh ag cloinn Créidhe
8] roinn na ríghe.
- 9] Iomdha roinn do-roinneadh uirre
10] aithnidh dhamh-sa
11] munbadh mall don oireacht fhionn-sa
12] toigheacht tharsa.
- 13] Do roinn Éireamhón is Éimhear
14] Inis Ealga;
15] do roinn Fearon Éar is Orba
16] a féar re Feargna.
- 17] Do roinn clann daighmhín an Daghdha
18] ainmhín fheardha,
19] do roinn Eoghan is Conn Cnodhbha
20] fonn na feadhna;
21] do roinn Sobhairce brugh Banbha
22] 's an cur Cearmna.
- 23] Déanam do nós na ríogh romhuinn
24] roinn an achaidh;
25] beith dá roinn ní mé nach mothuigh
26] 's is é m'fhachain
27] níor chleacht mei-se, gidh méin meathaidh,
28] céim i gcathaibh,
29] 's ní meisde rí gan a rathail
30] ar tí tachair.
- 31] Do-bhéar dhaoibh-se, a dhaighshliocht Uilliam
32] obas chomha,
33] ní fuil acht ar gcroinn do chora
34] roinn as rogha.
- 35] Rannfa mei-se ós mé do fhidir
36] aithne a dtórann
37] i ndíbh leithibh críoch fhuar
Éireann
38] na gcuan gcnódhonn.
p.380
- 39] Do-ním leath do Leitir Maoláin
40] nach mín muighe
41] tír ar a gceiltear néall nimhe
42] fan tréan tuile
43] tír i leaghann sneachta ag snighe
44] dearca duine;
45] do-ním leath mar éineing oile
46] d'Éirinn uile.
& gidh bé i nÉirinn go huilidhe nó go hiomlán
a-déaradh tré choir n- ionnluigh nó eadarchasaoide
nó ithiomráidh gurab aincheart éagcomhthrom do-roinneadh
an roinn-se, a-tá an tsein-bhriathar
ealadhanta ughdardha ón fhilidh láin-cheart
Laidionda
leam-sa dá lán-chosnamh; & is í an
tsein-bhriathar
sin: Quidquid in duas partes dividitur altera
pars semi dicitur eadhón, gidh bé
ní fhodháiltear
nó ranntar i ndíbh rannaibh, a-dearar leath
ris an dara rann, gion gurb leath chomhthrom í.
Ar an adhbhar sain, do chothughadh an
chomhráidh-sin
& do dhearbhadh na deaghronna do-bheirim-se rogha
gan fhreasabhra do chloinn an Iarla do na hurrannaibh
sin. Óir do fheadar nach fuláir dhóibh
fairrsinge
na Fódla dá mbuidhnibh & imle uicht-leathna
na hÉireann re hiomchur a n-anmhuirir; is léigid
damh-sa an eang anshaidhbhir
eassádhail anshochair
iomchumhang úd.
- 47] Ótha Éighneach go hucht gColláin
48] mar chuid tíre
49] beag nach bhfuilid i gcló a chéile
50] mun mó míle;
51] níor ghabh duine iadh budh fhuaire
52] riamh is ríghe.
- 53] D'urláimh I Bhriainbeag dá dtug-tha
54] toil don dúthaigh
55] gabhaim i mbeinn Fhuinn Fhiachaidh
56] eing gcruinn gcúthail;
57] léigim gan fhógra gan fhéachain
58] Fódla fúthaibh.
p.381
- 59] Ní cúis béime gidh bé mheasas
60] méad mo leathtruim
61] a léigim d'iath Chuinn tar ceartroinn
62] don druing dhreachcoirr.
- 63] Gidh bé mheasas mire a bhféinneadh
64] 's a bhfear ndiombog
65] ní mo chean rí ris a ronnad
66] í 's a n-iomad.
- 67] Gidh bé mheasas méad a gceannaigh
68] ar chríoch nGaoidheal
69] fulung a n-éacht is a n-áladh
70] créacht a gcaoilshleagh.
- 71] Gidh bé mheasas mionca a sluaighcreach
72] tar slios tíre
73] ní guais leam é do bhuing béime
74] fan roinn ríghe.
- 75] Gidh bé mheasas méad a gconfaidh
76] ag cur catha
77] beag nach dearna dearg a ndreacha
78] fearg a bhflatha.
- 79] Dul dá bhféachain ní fiú ceirt-leath
80] críche hÉireann
81] briocht a sgiath, cailce a gcaollann,
82] bailce a mbéimeann,
83] a bhfál craoiseach go gceo chródhonn
84] leo 'n-a léibheann,
85] a sluagh 'n-a n-éanbhróin áigh d'iarann,
86] gráin a ngéirreann.
- 87] Clann an Iarla ó imlibh Deirg Deirc
88] dream as ionnsa;
89] ní clann mar gach gcloinn an chlann-sa
90] ga roinn riom-sa;
91] ní fhuil líon a gcoisgthe go ceannsa
92] acht an prionnsa.
Óir ní fhuil líon a gcoisgthe
nó ceannsuighth-
nó ceartuighthe na cuideachta sain acht an t-aoine
Dia adhartha uile-chumhachta; nó prionnsa sochraidh
sochrotha saidhbhir slóigh- líonmhar Sacsan lé sair-mhínighthear
gach saor-shluagh dá shíor-chogadh; nó
guais & omhan & imeagla na sé n-onchon n-ainbhle
p.382
n-aigmhéil atáid agam-sa, do
céad-tógbhadh
ag Cridhinbhéal Cáinte, & do hoileadh as a haitle
ag Néidhe fhaobhrach fheochair-bhriathrach mac Adhna,
& i na dhiaidh sin ag Dallán fhíor-eolach
fhíor-fhoghlumtha
Forghuill, is ag Seanchán shíor-dhoiligh
shein-fhile; is a-táid agam-sa is an uair-se re
haghaidh gach aoin d'uaislibh is d'ardmhaithibh na
hÉireann do shainteochadh m'fhoghail nó m'argain
nó
m'inghreim, dá gcognadh is dá gcnáimh-
ghearradh;
& is iad anmanna na n-onchon sain On & Ainimh &
Aithis & Gríos & Glámh & Goirt- bhriathra; & muna thí
m'fhortacht nó m'fhóirithín
nó m'eadráin nó
m'anacal do na huasail-ionnsdruimintibh sin, ní
hinmheasda gur culadh cumhdaigh nó cosanta nó
coiméadta ar mo chreach-argain an toicheasdal
liosda láin-mhíothapaidh, is an fhiann anbhfann
éagcruaidh & an chuideachta cheann-trom chriothánach
chomh-anfadhach chruinnigheas i n-oireachtas im
uirthimcheall i n-aimsir eagla nó fuachtana nó
foiréigin nó re linn robhaidh nó
ruthaigh do
rochtain; & is í as culadh cogaidh nó cathaighthe
don
chuideachta sin .i. a meilleoga meirgeacha
mainnt-bhéalacha ar n-a gceangal is ar n-a gcruadh-chuibhreach
dá gcreasaibh cruadh-shúgán tar a
gcorp-thaobhaibh, is a dtuagha coimhleathna
caoil-bhráighdeacha
cúl-chroma coimh-ghearra connaidh,
is a gcorráin cama cír- ghéara ar n-a
gcomh-shuidhiughadh
fa na gcreasaibh céadna go comh-dhaingean,
is a bhfiodhbhaca líomhtha leacan- chruaidhe
ainghéara 'na leath- lámhaibh
leo; is ní
hionann don damhraidh fhaobhraigh arm- chorcra
ar a n-iarraim-se comhroinn críche & forba &
fineachais & fearainn uair iadhaid i n-uirthimcheall
a n-ard-fhlatha sna gcipeadhaibh dá imchosnamh.
- 93] Comhdhlúith a gcath 'n-a mbróin bhodhbhdha
94] nach dóigh diomdha;
95] bearn a himeal na bhfear bhfeardha
96] ní bhean biodhbha
97] re dlús lúireach ngarbh is gormgha
98] agus arm n-iomdha.
p.383
- 99] Iomdha leo ag léim gacha troda
100] budh tuar buaidhridh
101] searrach seang ag bleith a béalbhaigh
102] 's beann eich uaibhrigh;
103] mo chion budh réidh ris an ríoghraidh
104] mir séimh suaimhnigh.
- 105] Iomdha cotún coiléir rionnta
106] go ró deallraidh
107] is feilm chorr tar dheirc go duilbhir
108] 's beirt trom treabhraidh.
- 109] Iomdha ar droing nach dóigh do fhreasdal
110] don fhréimh Bhúrcaigh
111] sgiath le n-aincear com ar créachtghoin
112] donn ó dhrúchtfhuil,
113] caomhthach sging ag loinn nach leontar,
114] croinn 'n-a 'gcúplaibh
115] 'ga mbí iolar arm i n-éachtaibh
116] 's badhbh ag brúchtaigh.
- 117] Iomdha donnshlat dhíobras saighde
118] is sreang ga lúbadh,
119] biorchrainn caola as réidh do ruagadh
120] céir dá gclúdadh,
121] gunna chuireas d'fheidhm ar óigfhear
122] sgeinm gan sgrúdadh,
123] ó mbí fear a gléasda gruadhdubh
124] pléasga púdar.
- 125] Iomdha le a gcoiscia ar nach leathtrom
126] laoch mar Oghmha
127] le gcuirthear cuairt ar feadh feadhma
128] fear duairc dorrdha,
129] gille nar ligh dlaoi ar a dhiomdha,
130] saoi fhir fhoghla,
131] fear croithte craoiseach go calma,
132] taoiseach tromdha.
Is gidh tromdha tathaoireach tarchuisneach atáim-se
ar an dtulán sruithmheirgeach sléibhe so, ní
mó ná meanma is mór-aigneadh cloinne
ionnsaighthighe
éicht-bheodha oirdhearca urramhanta an
Iarla go n-a n-óigríoghraidh uaibhrigh alláta
i n-a
p.384
n-uirthimcheall an uair shuidhid ar sleasaibh réidhe
a ríogh-bhruighean ag ól a bhfleadh bhfíor-
uasal
bhfíneamhna & a ndeochann ngarbh ngabháltach, ar
bhfás ruithneadh is ruamannachta i n-a
ríoghgnúisibh
ag éisteacht re dréachtaibh & re duan-laoidhibh
a sean is a sinnsear gá soluis-reic
i mbéalaibh reacaireadh is ríogh-bhard; ná
mór-aigneadh
na muinntrei-se an uair shuidhid i n-a
mbothógaibh crom-lúbánacha creat-lomnochta ag
comhól ar a chéile dá gcoidhinibh
béil-fhliucha
blaithche is dá dtobannaibh mór-chluasacha
meidhge bruidearnaighe, & ag éisteacht re
hagallaimh is re holl-ghlór a n-ainminnteadh n-
éigciallaidh
'na n-uirthimcheal is gach aon aca ag
tabhairt aithne go hurmhaisneach ar uraghall is ar
fhoirbhéicigh gacha hainmhidhe seach ar oile; is
éirghid a bhfonn is a bhfíor-aigneadh le n-a
bhfrais-ghéimnigh
sin & tógbhaid coimh- shéis
crónáin i n-a
gcoinne. Is ar an adhbhar sain ó tharla ceart-rogha
chinnte don ordughadh sin ag gach aon fa leith
dar laoch-mhuinntir, is eadh as indéanta ann
daingniughadh go cinnte ar an gceart-roinn &
snadhmadh solus ar an síothcháin & cuir & teannta &
treabhaire do ghabháil ar gach taobh ré tréan-chomhall
dá cheile gan ghabháil baile nó brághad
gan ghluasacht ceana nó creiche ó neachtar uainn
ar ar oile amhlaidh.
- 133] Gabhthar geall ag na mnáibh muile
134] re cnáimh coire;
135] ní gnáth ar meisge ó fhíon d'ibhe
136] an míol muighe;
137] meinic do ligh le fear faire
138] bean fhir oile;
139] cuirthear neamhdháil duas ar dhuine
140] 'n-a chruas croidhe.
- 141] Léigeam dínn ar saobhnós seachráin;
142] snadhmam connradh;
143] bíodh re gach gcuma dar ceangladh
144] urra urrlamh.
p.385
- 145] Géabhad chugam mar chor síthe
146] saorchlann Uilliam
147] fir nach bronn a ngort do Ghallshluagh
148] folt ndonn ndruimfhiar.
- 149] Géabhaidh méní mhaithfead Seaán
150] fan síoth thoingead
151] tar druim gach gheallaidh dá ngeallad
152] d'earraidh Uilleag.
- 153] Dá mhac Riocaird rogha ar sluaighidh
154] slata failmghéag
155] fir as fheardha gleic ós ghormród
156] meic do Mhairghréag.
- 157] Géabhadh chugam sa chor chéadna
158] clann shéimh Shuibhne
159] chuireas gleo gan ghruaim go ngairbhe
160] go mbuaidh mbuidhne,
161] dream dhligheas cur thar ar gcinn-ne
162] bun gach buidhne.
- 163] Síol Seachnasaigh sluagh Ó bhFiachrach
164] fraochdha an mhéinne
165] na cuir daingne as dual dar ndín-ne
166] sluagh go séimhe;
167] fir sin do ghabhluigh ó Ghuaire
168] d'adhbhaidh fhéile.
- 169] Clanna Uadhach, aicme Hoibeard
170] ní haos doibheart,
171] 's iad tar cách dom chaomhna ar ainiocht,
172] aobhdha an t-oiriocht.
- 173] Ní hiad a-bháin, biaidh gach aoinfhear
174] ó fhiadh Ghaillmhe
175] mar budh dalta cíogh dom choimhdhe,
176] díol ar ndaingne.
- 177] Beid a marcaigh, beid a mbantracht,
178] beid a ríoghna
179] do ghuth éinchinn cáigh dom chaomhna;
180] ní dáil díoghna.
- 181] Biaidh mo roinn re ríoghraidh Chonnacht
182] choidhche ar chuimhne;
183] siai-de mhairfeas fa mhagh Mheidhbhe
184] bladh na buidhne.
p.386
- 185] Biaid a laoich dá luadh ar tosaigh
186] i dtigh bainnse;
187] biaidh maith agus olc gacha haimhse
188] ag tocht tairse.
- 189] Biad-sa im rígh ar ríoghraidh Bhúrcaigh,
190] beid fam antail;
191] fás ar mh'inmhe béin re a mbronntaibh
192] don fhréimh Fhranncaigh.
- 193] Maith an geall re gabháil ríghe
194] mo roinn orra;
195] beanfa mei-se d'fhéin chnuic Chonga
196] sduic réidh ronna.
& is iad sduic ronna na ronna réamhráidhte,
dá dteagmhadh fonn aithearraigh nó imeirce im
aigneadh nó im inntinn-se, oiread an fhearanntais
do
[gap: extent: 1 word]
uatha-sain agam-sa gan oirbhearnadh,
gidh bé ionadh d'Éirinn i mbudh mian lem meanmain
anadh nó oiriseamh, & cuairt timchill gan
tairisiomh
gan toirmeasg maille na gcomhartha aird-cheannais
d'fhagháil éadála go háiseach
aontadhach
amhail as iomchubhuidh d'fhior mo gharma.
- 197] Iomdha fa chnoc gcríochruadh gCnodhbha
198] síothshluagh Samhna;
199] cluintear fuaim na dtonn fa Thromhra
200] as lom labhra;
201] ní lucht déanta cúntair corma
202] Búrcaigh Bhanbha.
- 203] Fine Bhúrcach na mbrugh sochraidh
204] saor a n-aicme;
205] lán a maith 's a saith dar seirc-ne;
206] maith a maicne.
- 207] Maith a dtighe i dtiobhram cuarta
208] as cian cluintear;
209] maith a ngníomh don fhlaith dá leantar;
210] maith a muintear.
- 211] Maith a laochraidh lán do ghaisgeadh
212] gníomh go bhflathtraigh;
213] maith a mná nach caith acht corcair;
214] maith a marcraidh.
p.387
- 215] Is maith ar lúth lucht a bhfeadhma
216] ní feidhm leisgfhear;
217] maith a bhfleadha gan déir ndeasgadh
218] gan mhéin meisgeadh;
219] i láimh a ríoghbhan seang slistiugh
220] fearr a bhfeisteagh.