Corpus of Electronic Texts Edition
Ní tráth aithreachais d'fhuil Conaill (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)
p.373
FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Ní tráth aithreachais d'fhuil Conaill
2] a gcloch chúil an gcéin do mhair;
3] lor do bhoing casnadh do chroidhibh
4] do choill gasradh Oiligh air.
- 5] Ar chosnamh cádhais an tuaisgirt
6] an tighearnas do thuill sé
7] ní fhuair guaisghin Chaithreach Cearmna;
8] aithreach d'uaislibh Eamhna é.
- 9] Ní hiontaobhtha aicme Conaill
10] a gceannas dó ó nar dháil siad,
11] níor ghabh guaisneimh re nguin mbaoghlaigh,
12] do uaisligh tuir Aolmaigh iad.
- 13] An lá nach fuair flaitheas Conaill
14] ceann rodhamhnadh Rátha Té
15] is ann badh caointe clann Fhéilim;
16] níor bh'am faoilte d'Éirinn é.
- 17] Bás Aodha is gan é do ríoghadh
18] ríoghradh éachtach Átha Liag
19] ó Theamhraigh chlaoin na gcoll leonta
20] do sgaoil fa fhonn Eorpa iad.
p.374
- 21] A chur fa úir Innse Luighdheach
22] 's gan fhlaith do ghairm do ghríbh Luain
23] dá ní do sgaoil cách ó
chéile
24] an tráth do shaoil Éire a huaim.
- 25] Gan chur ris um ríoghacht Éirne
26] do b'fhiu othair aidhbhle a chró;
27] do bhí sé idir chách 'n-a Chormac,
28] do sgé bláth na ndonnshlat dó.
- 29] Ó chur na gcrú is chur
na
gcathadh
30] creideamh d'Aodh an uair do mhair
31] fa shíol n-Éanna do b'fhiu a dhochar;
32] do-chiu séala a othar air.
- 33] Do b'fhiu a fhuarbhoth oidhche shoighnéan
34] 's a shuan corrach ós chionn sdéad
35] do b'fhiu a dhochar i gcoill chaoilshleagh
36] gur thuill sochar Gaoidheal nGréag.
- 37] Le móradh tuath do thuill flaitheas
38] le fírinnefoirbhthe an chairt
39] le rath ríogh, le coingheall gcroidhe,
40] le sníomh goirmreann d'Fhine Airt.
- 41] Fós ag cosnamh catha Éirne
42] uatha gion go n-uair a luagh
43] níor thearc ag teacht as gach tachar
44] feart is leacht is athar uadh.
- 45] Fa múr cloiche do chrích Leithbhir
46] a bhas fhuilteach do b'fhearr séan;
47] do chathaibh Breagh fa ceall chomhdha
48] a ghreagh seang is a ghormgha géar.
- 49] Ó nar leis Cruacha is cuan Feabhail
50] ní fríoth leis-sean luach ar thuill;
51] do b'é fál a gcreach do chaomhna
52] each is lámh is caolgha Í Chuinn.
- 53] Gion gur hoirdneadhanba an
mhíobháidh
54] mac Í Dhomhnaill Dúin na Sgiath
55] ní budh cóir achd caoineadh flatha
56] ar róimh aoigheadh chatha Cliach.
- 57] Le huaithnibh catha Cláir Laighean
58] 's i Leith Chuinn iar gcrích a ré
59] 's i ngach aointeagh do mhín Mhumhan
60] caointear 'n-a rígh Uladh é.
p.375
- 61] Gaisgead na cruinne ar n-éag Earchail
62] do aithbheodhuigh i n-a fhonn
63] ní hé féine a-mhán do
mhéaduigh;
64] dá chrádh céille éadair
ann.
- 65] Ní hionmhaoidhte i nInis Luighdheach
66] ar lucht caointe na gcóig n-iath
67] caoi do dhéanamh go ndeoir dhatha
68] tre réallain eoil catha Cliach.
- 69] Na cúig cúigidh-se clann Luighdheach
70] lán d'eolchuire druim ar dhruim;
71] fa léan ní dhiongna na daoine,
72] iomdha néal ag caoine Í Chuinn.
- 73] Ceithre searbhghaotha iar slait Raoileann
74] is réalta dhonn as dearg snas
75] ag drud re caithimh a chéile
76] tug ar laithibh gréine glas.
- 77] Siansa cumhadh ceol na Finne;
78] fachain tuirse tá 'gun Mhuaidh;
79] ar chuan Daoile ní fhuil áineas;
80] faoidhe guil ag ráimhEas Ruaidh.
- 81] Cuiridh athtuirse ar fhior gcuarta
82] an ceol tuirse tá san gcuan;
83] do-bheir caoine ar fhior ainiuil
84] faoidhe na sriobh dtaidhiuir dtruagh.
- 85] Ag caoine laoich Locha Feabhail
86] faoidhe truagha tógbhaidh sí;
87] is lór do mhaoithe do mhúsgladh
88] glór na gaoithe ag dúsgadh dhí.
- 89] Ag dúilibh balbha iar mbás Aodha,
90] gidh iomdha cheana caoi thruagh,
91] is lia faoidhe badhbh is brainéan
92] ag caoine a arm raighéar ruadh.
- 93] Do b'iad trí bhrughaidh na mbrainéan
94] a bhas fhuilteach nar fhosd séad,
95] a dhornchar, 's a dhoire caoilshleagh,
96] Murchadh oile Gaoidheal nGréag.
- 97] Murchadh Siuire, seabhac Muimhneach,
98] mac Briain Bhóruimhe, barr Té,
99] níor ghabh for-íor adhbha Cormaic
100] gér dhamhna ríogh orrdhraic é.
p.376
- 101] 'N-a dhamhna téarnatuar
neamháidh
102] Naoise éachtach na n-each mbras;
103] níor léigeadh faoi róimh na
ríghe
104] gé do bhaoi dóigh fhíre as.
- 105] Do thuit fós suil fuair a ríoghadh
106] i Ráith Dá Choga cian uaidh
107] Cormac na Loingse, lámh éachtach;
108] fa dál toirse an t-éachtbhrath fhuair.
- 109] Mac Carraigh chalma an cur éachtach,
110] Aonghus Cláire rer chóir súil
111] do chall ar dhóthchas a dhraoidheadh
112] barr órchas far saoileadh Súir.
- 113] Mar na damhna tú do thuireamh
114] tug cinneamhain bhus cian goimh
115] d'Aodh Eilge gan táth a thíre;
116] fáth feirge na síne soin.
- 117] Timcheall tighearnais an tuaisgirt
118] ní turbhaidh tharla ar tuir mBaoi
119] achd olc d'Ibh Cobhthaigh a gcinneadh;
120] níor locht orthaibh filleadh faoi.
- 121] Ar olc re hógaibh an tuaisgirt
122] nar toghadh oirn Aodh 'n-a rígh;
123] ar n-eite lúith do chloinn Chraoidhe
124] do bhuing tnúith na ndaoine dhínn.
- 125] Guais gur díoghladh do dhigh tnútha
126] le taobh míleadh Mhúir Dá
Thí
127] an feidhm do-níodh gleolucht gaisgidh;
128] fa beodhacht i n-aisgidh í.
- 129] Na catha do chuirdis Ultaigh
130] i n-aoinfheacht le háirsidh Liag
131] le hAodh Fáil do-bheirthí a mbuidhe,
132] fa neimhní dháibh uile iad.
- 133] Do-ghéanadh sei-sean sluagh d'aoinneach
134] Aodh Bearnais ar bruinne slóigh;
135] muna mbeath a each is a ara
136] do ba a leath cleath dala
dhóibh.
- 137] Glún deireanach gaisgidh Gaoidheal
138] a ghaol ón tráth tharla i n-uaigh
139] mar fhine Róigh iar gCoin gCuluinn
140] ó do roigh róimh fhuluing uainn.
p.377
- 141] Dínn do-roighneadh ríoghradh Uisnigh
142] iar n-Art Aoinfhearanba an clódh
143] nó fiodh críon nó tráigh gan
torchar
144] nó síol dTáil iar Murchadh
mór.
- 145] Nó Tuatha Dé na nduas líonmhar
146] ar Lugh Láimhchian dar an linn,
147] nó fine Néill iar Niall n-Oiligh
148] nó a fhian féin iar n-oighidh Fhinn.
- 149] Nó an Róimh phortghlas iar bPoimp
Máighe
150] múr duaitheanta Dúin na nGall;
151] iar ndul faoi dá fláithibh dílse
152] caithir na Traoi an tír-se thall.
- 153] Nó an Fhrainc iar Searlas sluaigh Gaoidheal,
154] nó an Ghréag uma ngéisid cuill
155] do bhí fa bhrón iar n-éag n-Aichil
156] is mór an béadcaithir
Chuinn.
- 157] Aichill mhac Péil na mbeart mbaoghlach
158] do bhí thoir go dteasda sé
159] neimh ón ghrian áigh ar
a
armaibh;
160] níor dháigh gliadh dá fhaghlaidh
é.
- 161] Níor leighis liaigh ná luibh
dhíleas
162] duine ar ar dheargdia do ghlóir
163] Aichill mhac Péil posd an ghaisgidh
164] nar fhosd ó chléir aisgidh óir.
- 165] Níor leigheasadh go lá a éaga
166] éachta a chaolgha ná a chuilg dhuinn;
167] do bhí Aodh amhla 'n-a Aichil
168] damhna ler fhaomh caithir Chuinn.
- 169] Neimh a láimhe ón ló do imthigh
170] d'Ultaibh uile is adhbhar cráidh
171] an ceas naoidhean do fhás ortha
172] tre a bhás aoinfhear Tolcha Táil.
- 173] Na toirthe ar dtréigean a ndatha
174] ní daoine a-mháinmór an
bhroid;
175] a-ta ót éag fa cheas cumhad
176] meas na ngéag ar ndubhadh dhoid.
- 177] Le glór dhuaibhseach dhíoghlas borbghaoth
178] ar bhalbh oighreadh d'fhuighlibh cuain;
179] a-tá a luach d'fhailmhe san fhiodhbhaidh
180] aibhne ós bhruach re n-iodhnaibh uaibh.
p.378
- 181] Diasa fása is fiodhbhadh fholamh
182] d'easbhaidh eire ag éirghe suas
183] a luach soin d'ísle san fhochan
184] go ngoil tríbh-se ag crothadh cnuas.
- 185] Soighnéan fiuchaidh, aoibhle teine,
186] fan dtuaisgeart ag téaghadh líog,
187] a-tá a lógh d'fhuaire san oighreadh;
188] lór do thruaighe ar toirneadh tríod.
- 189] A sil a innibh an aieoir
190] d'fhearthain líonmhair san leith thall
191] teasda soin do bhliocht ón bhuarchrodh;
192] ní fhuil achd riocht uathmhar ann.
- 193] Éachta mionca, míne is burba,
194] boga is cruas, is cumann sáimh,
195] na síona dá gcaoi ó chroidhe,
196] a dhlaoi dhíona Mhoighe Máil.
- 197] A mhaoidheamh beag iar mbreith cosgair
198] a chnú chroidhe, a chathach Ché,
199] a leonadh gnáth daoine ndearbhtha,
200] a bhláth naoidhe Tealcha Té.
- 201] A Aodh Óg mhac Aodha Í Dhomhnaill
202] nar dhiult iorghail, nar éar duain;
203] a dhúsgadh cealg, a cheo shídhe,
204] a breo dhearg an tíre thuaidh.
- 205] A mheic Máire, a mhóradh éigeas,
206] an uaigh i bhfuile, a fhleasg lí,
207] ní beag do mheath fuile Féilim;
208] is creach uile d'Éirinn í.
- 209] Mág Aonghusa ón uair do imthigh
210] an t-eineach uile fuair bás,
211] iomdha gan riar dámh dá dhearbha;
212] triall tre Chlár Teamra ní tráth.
- 213] Teasda gaisgeadh Ghaoidheal gConnacht
214] Conn Aolmhuighe mar fhuair bás;
215] ní cluintear tnúdh le cor gcosgair;
216] dol do thúr tochair ní tráth.
- 217] Fuair a oirdneadh i n-áit Pápa
218] Peadar cráibhtheach, ceann na ngrás,
219] lán do bhuaidh do bhaoi san
ríoRóimh
220] fuair gnaoi ón Tríonóid 'n-a
thráth.Ní tráth.