Corpus of Electronic Texts Edition
Ní dhlighim aithfear ar fheirg (Author: Eochaidh Ó hEoghusa)

p.368

EOCHAIDH Ó hEOGHUSA cct.
  1. 1] Ní dhlighim aithfear ar fheirg;
    2] toil liom ar las dá díbheirg;
    3] níor chuir sí i n-aithmhéile inn
    4] ní asan aithréidhe mh'intinn.
  2. 5] Do-rinneas—do-rinneadh rinn—
    6] fearg nach aithreach rem intinn;
    7] ní caigealta a chor i mbríogh,
    8] gomh ar n-aigeanta ar n-eissíodh.
  3. 9] Ní cúis nach beartha a bhuidhe
    10] m'fhíoch-sa is fíoch fir ionmhuine;
    11] a ndéabhradh leam agus leis
    12] is téarnamh i gceann cairdeis.
  4. 13] Maith séan dar síoladh an fhearg
    14] eadrom is mac mhic Risdeard;
    15] tonn éagbháthaidh í ar ar ndoirr
    16] is í ar gcéadmháthair chumoinn.
  5. 17] D'Uilliog a Búrc níor bheag liom
    18] bheith dó mar chách go coitchionn
    19] gur chomhlas mar chrithir dte
    20] domlas fichidh ar bhfeirge.
  6. 21] Do-bheirim mo bheannacht dí;
    22] táinig do thaoibh na goimhe
    23] dul i n-ainm rónadhmuidh ruinn
    24] do bhaidhbh órarmaigh Umhaill.
  7. 25] Dá taoibh fhuaramair fhear gráidh;
    26] dí thárrthus togha compáin;
    27] gríos fheirge as uaibhrighe bruth
    28] feirrde luaimnighe a lasrach.
  8. 29] Créad acht taithbheodhadh toile
    30] fearg an aosa ionmhuine?
    31] ní ceisd codal ar chneidh sláin
    32] mar sein do chogadh compáin.
  9. 33] Mo chean fhuair an fhear grádha
    34] dá ndearnas dóigh teagmhála;
    35] do thuig mé nar dheacar dhamh
    36] feacadh an té re dtarladh.

  10. p.369

  11. 37] Gé a-déarthaoi gomadh dóigh mé
    38] níor nár leis a los mh'éigse
    39] bheith tréith oirmheathta rem ucht
    40] do sgéith choinghleaca Chonnocht.
  12. 41] Mi-se foirniata fraochdha,
    42] ei-sean go meirbh míolaochdha;
    43] rinn ar mbeodhachta gidh beag
    44] Leomhanta inn ar Uilleag.
  13. 45] Fillim ar mh'ais, anaim thall
    46] ón ruaig nach rachadh romham,
    47] gidh doifhreasdail inn re headh
    48] i rinn coimheasgair cairdeadh.
  14. 49] Aithnidh dhamhsa mo dhóigh gliadh,
    50] teann mé ar mhac meic Uilliam;
    51] na fiallaigh as ísle d'fhuil
    52] bím-se ciallaidh fa gcomhuir.
  15. 53] Gidh iomdha iomlaoid ghoine
    54] fríoth leis ar lorg n-amhsoine
    55] mó a ghráin-sean a ghuin dom ghaoibh
    56] a fhuil ná táirseadh tathaoir.
  16. 57] I n-iomghoin ánradh bhfromhtha
    58] múintear mo mhic fhoghlomtha;
    59] ní har dhaorchloinn Bhanba Bhreagh
    60] do mhaolfoinn arma fhileadh.
  17. 61] Gidh bé ar nach bím-se dána
    62] do-bhéaruinn buaidh dteagmhála
    63] d'fhuil ghliadhBhúrcach na dtreas dte
    64] ó eas ngriandrúchtach Gaillmhe.
  18. 65] Seach sliocht gConaill chrainnghéir
    66] ná adhmad ón Eoghainfhréimh
    67] bheith fam dhaorchuing madh díoth lais
    68] ná bhíoth do shaorchloinn Shearlais.
  19. 69] Fine Ghaoidheal mo Ghoill féin
    70] dá mbeith nach biadh dar ndeighréir
    71] ar síoth dá gcuireadh 'n-a gcead
    72] gan díoth ní fhuigheadh Uilleag.
  20. 73] Aicme Bhriain 'ma bharr ndosghlan
    74] 's fréamh do theacht 'n-a dtiomchall-san
    75] do chloinn bhuig armghonaigh Ír
    76] is cuid d'adhbhoraibh d'fhairbrígh.

  21. p.370

  22. 77] Soruidh lé—ní luaithe mh'fhearg
    78] budh-easda re hUa Risdeard;
    79] do-bhéara—budh tuar toile—
    80] 's do-ghéabha uam ionmhoine.

    Ní dhlighim.