Corpus of Electronic Texts Edition
Mór an lucht arthraigh Éire (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)

p.363

FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
  1. 1] Mór an lucht arthraigh Éire;
    2] siar tar sleasaibh seinBhéirre
    3] do-chuaidh an tonnbhán tráichtte
    4] uainn i n-urlár éinbháirce.

  2. p.364

  3. 5] Do ghad a hanam aisde
    6] Éire na gcuan gciomhaiste
    7] dá éan uachtair chuaine Chuinn
    8] do ruachtain uain-ne i n-aonluing.
  4. 9] Dá eite lúith Leithe Chuinn
    10] rugadar san bháirc bheannchuirr,
    11] críoch na Niall d'éanlucht uile,
    12] siar ó fhéarGhurt Úghoine.
  5. 13] Ó Néill, Ó Domhnaill díon sgol,
    14] Ó Domhnaill, Ó Néill neartmhar,
    15] glóir Banbha i mbáirc na deise;
    16] tráicht fhalmha dá inneise.
  6. 17] Aodh rathmar, Rudhraidhe dil,
    18] do-chuaidh 's gan iad-san d'áirimh
    19] cuire san luing-sin tar linn
    20] do thuirrsigh uile Éirinn.
  7. 21] Rugsad Éirinn is iad sain,
    22] rugsad leo ar fhuirigh uathaibh,
    23] an dá iarla d'fhuil na bhFionn
    24] tre a bhfuil an ghriangha i ngéibhionn.
  8. 25] Bíd cách a bhaile i mbí a dtail;
    26] ana Gaoidheal Ghuirt Fhionntain
    27] is toirthe craobh Fhuinn Uisnigh
    28] ar-aon san luing luchtmhair-sin.
  9. 29] A bhfuil san luing-sin do lucht
    30] ní dhearna—dia do chumhucht—
    31] ar Mhúr Dá Thí Teach Lughaidh;
    32] creach mar í ní hionnshamhail.
  10. 33] A leithéid d'éinchreich oile
    34] níor ghluais Conn ná Conaire
    35] Fád Fuinidh ó thráigh go tráigh
    36] le Mág Uidhir don Easbáin.
  11. 37] Caithréimeach an chreach-sa siar
    38] le codhnach catha Oirghiall;
    39] rug dá choróin Chláir na bhFionn
    40] don Sbáin is onóir Éirionn.
  12. 41] Caithréim mar an gcreich-se a-nonn
    42] ní dhearna Tuath Dhé Danann
    43] fa chreachBhanbha na gcall sean
    44] ná clann mhearchalma Mhíleadh.

  13. p.365

  14. 45] An chreach rothrom rug tar muir
    46] ní thiocfadh aon dá hiarraidh
    47] sgiath comhairghe crú na neart
    48] tre chonnailbhe acht Cú Connacht.
  15. 49] Fa truagh leis cheana a chomhghaol
    50] fa ainbhreith eachtronnmhaor
    51] dá dtug Mág Uidhir a ucht
    52] ar Fhád Fuinidh dá bhfurtocht.
  16. 53] Fa truagh leis treabhadh Teamhra
    54] 's clann Mhíleadh fa mhímheanma
    55] dar ghluais tuir fionnMhuighe Fáil
    56] do mhuin ionmhuine ón Easbáin.
  17. 57] Gá dás acht an tráth tánaig
    58] cuirthear leis ó leachtFhánaid
    59] —eachtra do uaisligh a rath—
    60] teachta ar uaislibh na nUltach.
  18. 61] Conall Eoghan Inse Breagh
    62] gluaisid ainn-séin ós íseal
    63] fa fhios caithleomhain Cláir Sreing
    64] —dáil do aithbheodhaigh Éirinn.
  19. 65] Do roighnibh Éireann ann sin
    66] Cú Connacht Óg Mág Uidhir
    67] rug lucht a mhórluinge a-mach
    68] tar ucht glórbhuinne ngrianach.
  20. 69] Do shaor Mág Uidhir oile
    70] a rug leis d'fhuil Úghoine
    71] 's a bhfuil dí san Bhanbha a-bhus;
    72] go dtí tarbha dá thurus.
  21. 73] Tar bóchna na mbuinneadh ngeal
    74] táinig d'fhurtocht mac Míleadh
    75] long Naoi nó a aithghin oile
    76] le flaithghin Craoi Conaire.
  22. 77] Eathar muirneach badh mhó fiach
    78] long neartmhar Naoi mheic Láimhfhiach
    79] re mbraondortadh do bhuain de
    80] do-chuaidh aonochtar innte.
  23. 81] Long Naoi ó gach linn do lionn
    82] ar fheadh dháilte na díleann
    83] níor léig braon tuile tairsibh
    84] dar shaor uile an t-ochtair-sin.

  24. p.366

  25. 85] Fearg Íosa fo-deara a dáil—
    86] neach beo ar an talmhain tonnbháin
    87] níor léig an tuile throm-sa
    88] don uile acht an t-ochtar-sa.
  26. 89] Sgaoilid ochtar na hÁirce
    90] lán d'aoibhneas is d'fhorbhfháilte
    91] iar ndílinn fan gcruinne gcé;
    92] na sgríbhinn uile mh'fhínné.
  27. 93] Lucht na loingei-se an lucht thall,
    94] an díle fós fearg eachtrann;
    95] an Áirc reimhe an bhárc a-bhus
    96] teine i ngach trácht ó a thurus.
  28. 97] Ar dhílinn feirge Fian nGall
    98] do chaomhuin sí sluagh Fréamhann
    99] 's na cúig tíre im Fhonn nUisnigh
    100] an long shídhe shiobhlaigh-sin.
  29. 101] Gidh ionmhuin ní hionann sin—
    102] do shaor míle do mhíltibh
    103] fan ngortmhagh do ghabh re hArt
    104] dar an ar n-ochtar d'fhurtocht.
  30. 105] Long eile as aithghin di-se
    106] Argho saor a snoighei-se
    107] —ní riar far dhual a dearadh—
    108] uadh do iarr a hainmneaghadh.
  31. 109] Tríd sin fhuair an t-ainm oirrdheirc
    110] bárc nar lia lucht uabhairneirt;
    111] "long Argho" ón uair-sin i-le
    112] tarla ag na huaislibh uirthe.
  32. 113] "Long Mhéig Uidhir" amhla sain
    114] bhias ar an athluing éachtaigh
    115] fuair ón Mhanchach baisdeadh binn
    116] arthrach na n-aisdear n-aoibhinn.
  33. 117] I luing Argho—anba an rath—
    118] do-chuaidh an ghasradh Ghréagach
    119] caor chonfaidh fa teo tionól
    120] dá dtorchair leo Laimheadhón.
  34. 121] Bárc nar bh'fhéidir righe ria
    122] aisde do hionnradh Aissia
    123] le neart slóigh ghasraidhe Gréag,
    124] amhsaine as cóir do choimhéad.

  35. p.367

  36. 125] Innte do-chuaidh cian ó shain
    126] an lucht do b'fhearr d'fhuil Ádhaimh
    127] ag dul do thaghail na Traoi;
    128] cur 'n-a aghaidh ní fhéadtaoi.
  37. 129] Caithréim eile amhla sain
    130] do-ghéantar más fhíor d'eolchaibh
    131] le géagaibh Moighe Midhe,
    132] Gréagaigh oile a n-aimsire.
  38. 133] Do-chuaidh athfhoireann eile
    134] i luing Argho a haimsire
    135] do Ghréagachaibh ó Ghurt Airt
    136] lucht céaddachair do chosaint.
  39. 137] Ón lucht-sain luinge hArgho
    138] níor iomchuir bárc bheannamhra
    139] lucht mar cholumhna Chláir Bhreagh;
    140] comhumhla dháibh do dligheadh.
  40. 141] eath innte acht iad sin
    142] dá phrímhIarla mac Mílidh
    143] sgoth luinge le lucht badh mhó
    144] tar ucht tuinne ní théarnó.
  41. 145] Do chuir fháilte ar croidhibh cáigh
    146] toisg na nIarladh don Easbáin;
    147] 's tug a ndul tar fairrge bhfinn
    148] gul gacha hairde i nÉirinn.
  42. 149] Mar mheasdar trá a dtocht le séan
    150] nó a n-anamhain madh éidtréan
    151] bídh don chuir-sin glóir is gruaim
    152] ar fhóir Uisnigh i n-éanuair.
  43. 153] An long-sa do imdhigh uann
    154] cluinnsin a heachtra n-ionnfhuar
    155] tug a bhríogh im churp do chlódh;
    156] a lucht fa-ríor is romhór.

    Mór.