Corpus of Electronic Texts Edition
Mairg chaitheas dlús re dhalta (Author: Maolmhuire Mac Craith)

p.352

Maolmhuire Mac Craith cct.
  1. 1] Mairg chaitheas dlús re dhalta
    2] más fhíor d'éis a dheaghsgagtha;
    3] bheith dar ndaltai-ne ag dréim rinn
    4] céim fa lagfaidhe ar luaighill.

  2. p.353

  3. 5] Ceard Ghofradha as ghlan cridhe
    6] ag cumhdach ar gceirdei-ne;
    7] maith bláth a oideachta air
    8] do b'fháth coigealta ar chiontaibh.
  4. 9] Ní rinn bheireas a buidhe
    10] gloine ghréasa ar ndaltai-ne;
    11] mallacht gach dhalta uadh air
    12] snuadh a nglanta ar a ghréasaibh.
  5. 13] Adhnadh orm do b'fheidhm deacrach
    14] dom charaid dom choimhleabthach;
    15] doidhéinmhe cion—budh cion dúin—
    16] dom fhior choimhéirme is chaomhrúin.
  6. 17] Má tá díoghrais an dalta
    18] ar tí cor re a chomhalta
    19] 'n-a fhior chonganta is cáir damh
    20] náir do bhronndalta ar mbráthar.
  7. 21] Bheith d'Ua Dhálaigh ag dréim ruinn
    22] d'éis a oileamhna aguinn
    23] mar shaoilim a theacht tiocfa;
    24] maoidhim neart is neimhchionta.
  8. 25] Ionann dúinn gliocas is gaois
    26] ionann leabhair do léaghmaois
    27] 'gun mhóroide do mhún sinn;
    28] córaide cúl rér gcointinn.
  9. 29] Cia an compánach nó an cara
    30] as iontaoibh d'éis Ghofradha?
    31] do léig 'n-ar n-ucht a aithne;
    32] do thréig lucht a leasaighthe.
  10. 33] Má do gheall gabháil rem throid
    34] —deacair cointinn re caroid—
    35] dá ghealladh is docar dul
    36] tar focal teangadh thuathadh.
  11. 37] Sgéal beag leam a los Ghofraidh
    38] dá leantar dá labharthaibh;
    39] is ar an dTánaigh táir sain
    40] cáir d'Ua Dhálaigh a dhéachain.
  12. 41] Tionólais Meadhbh—meabhair leam—
    42] ceithre hollchóigidh Éireann
    43] i ndeoidh na tána ó dtighibh;
    44] sgeoil a hádha uaislighidh.

  13. p.354

  14. 45] I nUltaibh go n-iomad fear
    46] nocha gcuala ón cheas naoidhean
    47] re hucht bhféinneadh mear Meadhbha
    48] fear acht éinfhear infheadhma.
  15. 49] Fir Éireann ó Mheidhbh a-mach
    50] Cú Chuluinn a hucht Ultach
    51] buaidh a gcéimeann ag an gCoin
    52] is sluaigh Éireann 'n-a fhochair.
  16. 53] Cú Chuluinn an chrotha bhuig
    54] níor fhágaibh áth an chomhraig
    55] gan éacht gach aonlá uadh air
    56] do shluagh na caomhmná a Cruachain.
  17. 57] Ní fhuair fa dheoidh—deimhin leam—
    58] Meadhbh ar ngríosadh fhear nÉireann
    59] neach sa bheirn ar bhéal an fhir
    60] —sgéal ag Meidhbh ar a muinntir.
  18. 61] Cuiris fios uaithe ar Fhear Diadh
    62] Meadhbh Chruachan na gcreach n-imchian,
    63] tugadh gin go ndearna ar dhligh
    64] go pubal Meadhbha an mílidh.
  19. 65] Gealltar lé a lán do shochar
    66] d'Fhear Diadh ar a dheonochadh
    67] dul san áth ar Choin gCuluinn;
    68] ag soin fáth ar n-uraghuill.
  20. 69] Geallais Fhionnabhair fhuair bloidh
    70] d'Fhior Diadh ar dhruim gach sochair;
    71] do ba searbh leis ar labhair
    72] Meadhbh go feis le Fionnabhair.
  21. 73] Dá ngealladh Éirinn d'Fhior Diadh
    74] ní mheasaim ná budh míchiall
    75] ar chosg bhfeadhma chliathcha an Chon
    76] briathra Meadhbha dá mhealladh.
  22. 77] Inntleacht Meadhbha Mhuighe an Sgáil
    78] meallais mac díomsach Damháin
    79] do léim a chomhalta Con;
    80] céim as rodhocra rugadh.
  23. 81] Fear Diadh agus Cú Chuluinn
    82] lucht aonfheadhma is aonfhuluing,
    83] lucht aonlúidh i ngurt ghaisgidh,
    84] lucht aonrúin is aonaisdir.

  24. p.355

  25. 85] Ionnsaighis áth an chomhraig
    86] Fear Diadh go ndlús iomfhormaid;
    87] sé 'n-a chlú mheabhla mairidh
    88] Cú na hEamhna d'ionnsaighidh.
  26. 89] Caithid ainn-séin rer-oile
    90] rinn a n-áigh 's a n-iorghoile,
    91] diamhair a gcéimeann 's a gcleas;
    92] d'fhianaibh Éireann do b'áineas.
  27. 93] Cú Chuluinn do chardaois mná
    94] do choigil-sean an chéadlá;
    95] Fear Diadh ní choigleadh an gCoin;
    96] ciall 'n-a gcoigleadh níor chosmhoil.
  28. 97] An ga bulga nó gur bhuing
    98] i bhFear Diadh ó Choin Chuluinn
    99] troid bheo fa comhthroime cor
    100] gleo na conchloinne curadh.
  29. 101] An ga bulga ag Coin Chuluinn
    102] iomarcaidh narbh ionfhuluing;
    103] Fear Diadh níor chlisde ar an gcleas,
    104] cisde ris nar chiall coimmeas.
  30. 105] Rug Dia breith i na bhreith chóir;
    106] tuitis mac díomsach Damhóin
    107] mar fhuair sé an géargha dá ghoin,
    108] is téarna an té le dtorchair.
  31. 109] Mar do chuaidh d'Fhior Diadh a dhruim
    110] re comhaltas Chon Culuinn
    111] guais liom a dhul d'Ua Dhálaigh
    112] cur i gcionn a chompánaigh.

    Mairg.