Corpus of Electronic Texts Edition
Le héanmhnaoi cuirthear clú ban (Author: Aodh Mac Diarmuda Mac an Bhaird)

p.349

Aodh Mac Diarmuda Mac an Bhaird cct.
  1. 1] Le héanmhnaoi cuirthear clú ban
    2] a clú ó choimmeas ga cur;
    3] ní ríomh do-chóidh ar a crodh;
    4] i ndíol sgol is dóigh a dhul.
  2. 5] Sí ag comhroinn cruidh mar as dual
    6] mar do fhoghluim ón fhuil ríogh
    7] bean do fhréimh Uidhir fa an-iar
    8] ag réir chliar dar dhoiligh díol.
  3. 9] Siad gan teachta i n-éantoigh óil
    10] freasdal nochar féadadh dháibh
    11] rug dá toigh chaithmhe don chléir
    12] nar léir faighthe a-moigh ó mnáibh.
  4. 13] Le a bhfaicsin 'sa bhfaighthe ón mhnaoi
    14] dá haighidh do aithrigh gné;
    15] le sgoil fhuair do hadhnadh í
    16] ní fhuair sí le hadhbhar é.
  5. 17] Díol dáibh do réidhigh a-rís
    18] ris an dáimh gan déinimh nóis
    19] cóir déine go doire cnuais;
    20] guais na cléire roimhe ar Róis.
  6. 21] Do dhlúthaigh ar dháil a fleadh,
    22] ar dháimh níor chumhdaigh a cradh
    23] teagh óil ó chéile ga chor
    24] tóir sgol ar an mbéinne mban.

  7. p.350

  8. 25] Féachtar a dúthracht dá mnáibh
    26] dá dúthchas gan déanamh lóin
    27] thug deibheadh ar chuirm do chléir
    28] na cuirn féin fa dheireadh dhóibh.
  9. 29] 'N-a thiomchal do-chuadar cor
    30] —iongnadh 's gan ghuasacht 'n-a ghar—
    31] sreabh nar dhomhuin dhóibh go dul
    32] ag cur omhuin ar bhróin ban.
  10. 33] Bean d'fhuil Uidhir as díon dó,
    34] ní fhríoth le sgoil righe ria,
    35] fríoth orra le a car i gclú,
    36] crú Colla gan bhladh ní bhia.
  11. 37] Mar sgaoiltear ar fhleidh a luagh
    38] do-gheibh gach aoinneach ler bh'ál
    39] —ní chuir sí áireamh ar fhíon—
    40] dáileamh 'ga dhíol go dtí a thrágh.
  12. 41] Sí dá chionn gan chradh ó chléir
    42] a bladh ós a gcionn do-chuaidh;
    43] tug 'n-a héanar díol do dháimh
    44] ar mhnáibh ríogh do-bhéaradh buaidh.
  13. 45] Inghean Con Connacht fa a-niar
    46] an sgol gidh docar do dhíol
    47] do chuir sí glas ar a glór
    48] nach mór go gclas í fa fhíon.
  14. 49] I ngach chéim 'n-a moltair mná
    50] is obair nar éirigh leo
    51] barr tar an mbladh thuilleas tú;
    52] clú ban ód choimmeas fa cheo.
  15. 53] Do ghuais cléire naoidhe a-niogh
    54] do mhaoine ó chéile 'ga gcor,
    55] crodh le dáimh ón bhéinne bhan
    56] gal t'fhéile do-cháidh fan gcrodh.
  16. 57] Don fhuil Raghallaigh ní ró
    58] daghurraidh le cor do chlú;
    59] cia as cneasda le a cor id chló
    60] do thogh do ró teasda tú.
  17. 61] Dod thol i gcrothaibh do-chuaidh
    62] —ní cosmhail gur codladh sáimh
    63] tig dot fhaicsin re seal suain—
    64] fear ag buain id ghaisdibh gráidh.

  18. p.351

  19. 65] Cliar naoidhe do-cháidh tar ceart
    66] do mhaoine ód mhnáibh ar a n-iocht
    67] sgol do-chóidh gan adhbhar ort
    68] socht ar bhróin mallbhan ós mhiocht.
  20. 69] Tearc, a Róis, ar mhodhaibh mná
    70] bean as cóir do chora id chló;
    71] crodh do thabhairt tar ceann chlú
    72] do mheall tú an mhalairt as mhó.
  21. 73] Mar théid i gcoill crann ós fhiodh
    74] barr dot fhéile ní bhoing bean;
    75] súgh cuain ó ollamh do fhan
    76] cradh far donnadh do ghruaidh gheal.
  22. 77] Beiridh oraibh d'uamhain sgol
    78] gur thogaibh id ghruadhaibh gal
    79] folchar róibh ar camháir crodh
    80] sgor dá ngabháil dod bhróin bhan.
  23. 81] Gnáth le Róis donnadh 'n-a dhiaidh
    82] 's nach dóigh ar a bronnadh béim
    83] do cuireadh siar duais le dáimh
    84] far ghuais dáibh i n-a bhfiadh féin.
  24. 85] Budh fada lón aoigheadh uadh
    86] dá maoinibh ní mór do fhéagh
    87] bean ag díol aoigheadh fa ól;
    88] lór an fíon do sgaoileadh sgéal.
  25. 89] Do cheird ríoghna a cur i gcéill
    90] an gníomh-san do ghabh do láimh
    91] coinne ríogh far bhaoghlach buain;
    92] a síodh d'uaim d'aonghuth do b'áil.
  26. 93] Bean don fhuil Uidhir-se ag cuan
    94] i n-uireasbhaidh cruidh 'ga clódh
    95] gémadh aithghearr í fa fhíon
    96] ní bhí díol Aifreann gan ól.
  27. 97] Níor bh'iongnadh bladh d'fhagháil uadh
    98] a crodh do rodháil 'ga riar
    99] sgol i n-ucht ar-oile ag ól
    100] gur mhór an lucht toighe a dtrian.
  28. 101] Díol cruidh níor chosmhail dá éis
    102] sa mhodh-sain acht do mhuin nóis;
    103] fiú a bhfuil dá díoghbháil re duais
    104] guin cruais i ríoghmhnáibh ó Róis.

  29. p.352

  30. 105] Tánaig soin do chumhga cáigh
    106] nochar urmhais dul 'n-a deoidh;
    107] le a dtéid 'n-a teagh i n-am óil
    108] ní hóidh le a fear a chrann ceoil.
  31. 109] A thoil dóibh dá éis níor aomh
    110] mar do léig le Róis a rún;
    111] i n-a eachtra ní fhuair bríogh
    112] teachta ríogh do-chuaidh ar gcúl.
  32. 113] D'éis a dhol don dáimh a-rís
    114] dá crodh 'n-a láimh ní léig Róis;
    115] tarla ag an gcléir ón chronn chnuais
    116] a duais trom go réidh ó Róis.
  33. 117] mhnáibh ar bhladh béaraidh sí
    118] a béal ar réaltain ag ré
    119] dá rabh i n-a goire ar ghnaoi
    120] is bladh do mhnaoi oile é.

    Le.

  34. 122] Fiú ar dháil Mág Mathghamhna dhóibh
    123] dámh as rodhocra do réir;
    124] riar sgol is doiligh 'n-a dhiaidh
    125] oidhir Briain gan chrodh ón gcléir.
  35. 126] Ar chur treasa beirid buadh
    127] deighfhir as deacra do chládh
    128] go rug doinnghrian ar gurt gliadh
    129] fian Oirghiall fa Art san ágh.
  36. 130] Tarrsa nó go dtéid ar ghnaoi
    131] ar gach chéim do chosain
    132] d'fhóir Uladh 'n-a bhéim do bhí;
    133] do chléir fa ní is umhal é.

    Le.