Corpus of Electronic Texts Edition
Leannáin fileadh síol Suibhne (Author: Eoghan Mac an Bhaird)
p.344
EOGHAN MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Leannáin fileadh síol Suibhne
2] treoin nach tráigh le cianchuimhne
3] caor shlóigh ren doiligh deabhaidh,
4] róimh an oinigh d'oileamhain.
- 5] Lóchrainn oinigh Éireann Cuinn,
6] sliocht an Athlamháin áluinn,
7] an táin ó Thulaigh na n-Art,
8] curaidh gan ghráin re nguasocht.
- 9] Ní chlaochlóidh cuing a n-oinigh
10] 's iad don éigse as fhóiridhin
11] ioldánaigh gan oil 'n-a gceann
12] le goimh iombádhaidh Éireann.
- 13] Is riú bheanas a bhríogh sin
14] "gnáth rath re cois an chaithimh";
15] tréad Suibhneach na saoirfhear mbras
16] fuighleach aoigheadh a n-ionnmhas.
- 17] Laoich as cisde do chliaraibh,
18] leomhain síl Néill Naoighiallaigh,
19] slata cumhraidhe Crú Airt,
20] as urlaimhe clú ó ar
gcosaint.
- 21] Na Suibhnigh-se ó Bhrogh Banbha
22] téid tar cách a gcomhardha,
23] fréamh ríogh ar nach ceiltear cion,
24] síol ó ngeintear an gaisgeadh.
p.345
- 25] Eangnamh is oineeach Gaoidheal,
26] tréidhe as cóir do chommaoidheamh,
27] slata nach claon re comhaidh
28] aca ar-aon ar arodhain.
- 29] Mairidh aca go nua a-niodh
30] flaith leanas lorg na sinnsear
31] ar chuing réidhe a nduas do dhíol
32] ar fhéile 's ar chruas gcaithghníomh.
- 33] Ruaidhrí mac meic Mhaol Mórdha
34] d'éifeacht is d'ainm onórdha
35] is oidhre don chuaine ór chin
36] ar choimhdhe uaille an oinigh.
- 37] Méin oinigh aicme Suibhne
38] fa ngaisgeadh ar ghlanchuimhne;
39] is sgath uaisleachta Chláir Chuinn
40] fa nguaisbhearta áigh d'acmhuing.
- 41] Arsaidh cródha an chroidhe bhí
42] dan hainm Ruaidhrí mac Ruaidhrí,
43] aoibhealltuir dar ghiall an gal,
44] saoileachtain cliar is curadh.
- 45] Airrdheanna flatha fíre
46] 's fós rath a fhréimhdhíne
47] aobhghlac dá n-aghthar gach ní
48] i saormhac rathmhar Ruaidhrí.
- 49] Réim tairrngeartaidh tarla faoi
50] ó aois leinbh an duinn dreachnaoi;
51] toil úr 'n-a mhéin mar mheasdair;
52] céim ar gcúl níor chuireasdair.
- 53] Aitheantar 'n-a fhéile sin
54] bheith dó ag diall re a aithribh
55] 'n-a dhearbhghoil lúidh is lámhaigh
56] 's 'n-a mheanmain úir ioldánaigh.
- 57] Síol Suibhne na dtachar dte
58] mar bhíos 'n-a bheartaibh féile
59] dá dteinnleanmhain ní treoir ghearr
60] i seinleabhraibh eoil Éireann.
- 61] Sgéal fiadhnaighthe fada ó shoin
62] fhríoth ar féile na bhfear-soin;
63] ní sgéal é ar nach cleachtar cion
64] 's ar fheartaibh Dé dá ndídion.
p.346
- 65] Ua Mhurchaidh Mhir Maol-Mhuire
66] lá éigin ar amhsoine
67] do-chí cléir 'n-a aghaidh air;
68] fa dainimh céim 'n-a gcomhair.
- 69] Iar dteacht leo dá láthair sin
70] ráidhid ris an bhfial bhfaoilidh
71] nach géabhdais gan fhíon 's gan ór
72] 's gach díol 'n-a éagmhais
d'urmhór.
- 73] "Tigidh don treibh i bhfuil m'ionnmhus
74] liom" ar an t-óg aisdearbhras
75] "ní cuibhidh ibh d'éara dhamh
76] 's do-ghéabha sibh bhar sásadh."
- 77] Diúltaid uile deoidh i ndeoidh
78] dul leis ar áis ná ar aindeoin
79] muna aomhadh gidh bé a mbreath
80] acht é d'aoradh gan fhuireach.
- 81] "Fíon ná ór, ionnmhus ná
crodh,
82] ní fhuil agam ar iomchar
83] ní do dhíoladh dhámh budh
dhéin"
84] ar an ríodhamh sámh soiléir.
- 85] "Do chím-se" ar duine don dáimh
86] "fáinne óir fad mhéir
mheadháin;
87] ód ghruadh ghléadhonn go ngné
bháin
88] ní ghéabham gan é
d'fhagháil."
- 89] Cloch uasal go n-iomad buadh
90] do bhí san bhfáinne bhfionnfhuar
91] is fa séad ríogh an chlach chorr
92] dá dhíon i gcath nó i gcomhlonn.
- 93] "Badh libh" ar sé "choidhche, a chliar,
94] mo chloch is m'fháinne ar aoinrian
95] 's gan mh'aoradh dá aithle dhuibh
96] do shaoradh m'aighthe oruibh.
- 97] Ann sin do rad Maol Muire
98] a láimh 'mun idh órdhuidhe
99] 's níor fhéad cor do chur dhi
100] ar gcur a chrobh 'n-a chéile.
- 101] "A bhuain díot dá ndeachadh dhuit"
102] ar duine don dáimh orrdhruic
103] "is í ar mionaithne, a ghruaidh gheal,
104] nach tiobhairthe uaibh ei-sean."
p.347
- 105] Imdeargthar im Mhaol Mhuire
106] re comhrádh an chliaruidhe
107] nach biadh sgéal 'mun
fháinne
air
108] méar a láimhe gur leadair.
- 109] Tug a mhéar 's a fháinne óir
110] re cois a chéile i gcéadóir
111] do réir a oinigh fhortuil
112] don chléir dhoiligh dhíogholtaigh.
- 113] "Do-chímid i gcomhghar dhuibh
114] cuideachta, a mheic mheic Murchaidh,
115] ag so ar gcomairce far gcoir
116] ón ollaicme" ar na hollaimh.
- 117] "Bíodh libh comairce agus ceall"
118] ar sé ag silleadh 'n-a thimcheall
119] "a dhreichfheadhna go ngné ghil,
120] gidh bé ceithearna ad-chíthir."
- 121] Sillis ar an gcléir gcéadna
122] 's ní fhuair an geal gnúisdéadla
123] ar ndéicsin fa seach mar sain
124] neach dá éigsibh 'n-a fhochair.
- 125] Mar do fhéach ar a ghlaic ngil
126] iar n-imtheacht don dáimh dhoiligh
127] fuair méar a láimhe ar a láimh
128] 's a fháinnefa séan
sodháin.
- 129] Geall oinigh tar gach aicme
130] fhuair ei-sean 's a thiodhlaigthe
131] níor thais a ndéagsain don
dáimh
132] 's an séad-sain ar ais d'fhagháil.
- 133] Clann Shuibhne na dtachar dte
134] ag leanmhain luirg a chéile
135] laoich as cruaidhe ar chúl a gcleath
136] ón húr gach n-uaire an t-oineach.
- 137] Aithbheodhadh guail a ghrís-se
138] a-nois do-ní an Ruaidhrí-se
139] ón beo a-nú a hanam uaidhe
140] dá marann clú an chéadchuaine.
- 141] Ar tí óigfhir Aird na nGlas
142] ní tearc le n-iarrthar ionnmhas
143] ag so cailg na fine ó bhfuil
144] file gach aird dá fhéachain.
p.348
- 145] Lorg a sheanghá niamhdha ní
146] leanaidh Ruaidhrí mac Ruaidhrí
147] cruth fial ón faide meabhail
148] dial aige re a n-airrdheanaibh.
- 149] Mian leis-sean ar chóir gconfaidh
150] dáil a airm ar eachtronnaibh;
151] 's í áil an diombrais donnghloin
152] dáil a ionnmhais d'ollamhnaibh.
- 153] Ní theasda ó bheithir Bhanbha
154] bheith lán d'eagna ughdardha
155] ceadh acht túr teasda dá
rath
156] 's ní theasda lúdh ná
lámhach.
- 157] Ní theasda oineach iomlán
158] ón óg fhaoilidh aighiodhnár
159] gnúis ghruadhnocht go bhfáilte ag fleidh
160] is láinte a ghruamdhacht gaisgidh.
- 161] Lámh thréan as tréithe le fann,
162] múr cloiche le hucht n-eachtrann,
163] troigh sheangbhán as tromdha i dtreas
164] comhla is dearbhfhál re ndoilgheas.
- 165] Bás cró ar a gceiltear fala,
166] mionn curadh Chláir ríoghLogha,
167] gus draige óna deacar dul
168] gan fheacadh aige acht d'ollamh.
- 169] Fuil Néill Naoighiallaigh na gcath,
170] fuil Briain Mhóir mheic Eachach
171] id ghruadh mhíonghlan eang ar eing
172] gá ríoghradh do b'fhearr
d'Éirinn.
- 173] A mheic Máire nach muidh mionn,
174] rogha Gaoidheal tá id thimchioll
175] coill gan chuimhne crann dtoraidh
176] clann Shuibhne is clann Chonchobhair.
- 177] A sbraic ó n-anann t'fhoghlaidh,
178] a thráigh toraidh d'ollamhnaibh.
179] dan deoin gan éinfhear d'oba,
180] a threoir fhéineadh n-ánroda.
- 181] A mhealltóir seirce seangbhan,
182] a dhraig as cian cheileabhradh,
183] a chongbháil na gcleas ngoile,
184] a sheas urláir iorghoile.
p.349
- 185] Cairt 'ga féile ar fagháil gill
186] Mairghréag óg inghean Féilim,
187] doighir do dhoinnfhiodh ó nAirt
188] coinneall an oinigh d'adhaint.
- 189] Cur a clú rug do roghain
190] pailm chubhra chlann gConchobhair
191] ciabh chloidheach dan cóir moladh
192] soidheach óir na n-ollamhan.Leannáin.