Corpus of Electronic Texts Edition
Iongaibh thú orm, a Iarla (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)

p.338

GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Iongaibh thú orm, a Iarla,
    2] mór mh'fhearg ret fholt ngéigniamhdha;
    3] ná tabhair fheirg ar th'fhilidh;
    4] teilg i n-aghaidh th'aindlighidh.
  2. 5] Sul thuileas mo thonn fheirge
    6] do ghríosadh do ghruaidhleirge
    7] do-bhéar robhadh romham féin
    8] gidh foghal oram ei-séin.
  3. 9] Na foghla as a bhfás pudhar
    10] orm, a Iarla DeasMhumhan,
    11] tú do-ní iad ó fhuilnge,
    12] a rí Liag dá leanfuim-ne.
  4. 13] Ní racha sinn seachad féin
    14] dot éagnach, a ucht mínréidh;
    15] red ghnúis mbuig is dú a dhéanamh,
    16] dhuid a-tú dá thaisbéanadh.
  5. 17] Is ort as cóir a chumhal
    18] d'agra, a Iarla DheasMhumhan,
    19] lucht faghla nach rosgar ruibh
    20] do losgadh mh'arbha ar th'ionchuibh.
  6. 21] Gé tharmairt a thoidheacht de
    22] goradh do ghnúise háille
    23] ar son ghairthe gráin leargan
    24] ní cáir aighthe d'imdheargadh.

  7. p.339

  8. 25] Óglách dhuit do-rinne riom
    26] adhbhar móide nach maithfiom;
    27] gníomh té dá dtíosadh don mhóid
    28] mé dod ghríosadh, a Ghearóid.
  9. 29] Dá ndearnainn, a dhreach mar bhláth,
    30] gríosadh th'aighthe tret óglách
    31] mó a chionta don tí dá dtig
    32] gach ní dá dtiocfa treimhid.
  10. 33] Ar ulc riot-sa agus rum-sa
    34] tángas d'fhoghail oram-sa,
    35] a ghéag shúlchar Shíotha Truim,
    36] do rúnchar fhíocha eadruinn.
  11. 37] Feall orm do chaibhdhin charraigh
    38] ní leanabh é ar easurraidh;
    39] 'ma íoc ná déanaidh-se doirr;
    40] m'éaraic-se is díot do dhleasoinn.
  12. 41] Ar mbiodhbha d'eadráin oruinn
    42] tar éis meabhla 's míochomhuill,
    43] a leomhan dearccorr fionn Fáil,
    44] leattrom is gan ionn d'eadráin.
  13. 45] Uirre sin gidh saor thu-sa,
    46] éagcóir d'éis na meabhla-sa
    47] lucht a déanmha i dtreise id thoigh
    48] —gé théarna mei-se ón mheab- hail.
  14. 49] Gion gur thuiteas leo is leanta
    50] dhaoibh-se drong an aineachta
    51] mar do dáilte crú mo chuirp;
    52] im shláinte is dú mo dhíoghuilt.
  15. 53] Feall orm, is gan é ar séana,
    54] cuin dhíolfa nó dhíghéala?
    55] dlighidh tú a dhíol nó a dhíoghail
    56] síodh mása dhú i ndoighníomhaibh.
  16. 57] Suidheochaidh mé do mhuin cheirt,
    58] clú th'fhéicheamhnais gidh oirrdheirc,
    59] an gníomh doluigh nach dearnais
    60] oruibh do bhríogh breitheamhnais.
  17. 61] Créad fhuil agaibh 'n-a aghaidh
    62] gan a íoc ret ollamhain?
    63] lucht cogair fhaghla mh'fhine
    64] agaibh tarla i dtuinidhe.

  18. p.340

  19. 65] Cuma gá conair raghas
    66] an fear re bhfuil mh'fhaltanas
    67] ní bhiú ag cleith dola ar a dhruim,
    68] a fhala is id leith leanaim.
  20. 69] An uair badh chóir dhuit druim ris
    70] nó a mhilleadh, a mheic Mhuiris,
    71] is gníomh dod dhreich mar dheargfhuil
    72] bheith ag díon do dhíbheargaigh.
  21. 73] Mar nach fuigheadh fear dom chloinn
    74] bheith tar th'oirbhire againn
    75] bheith agaibh ciodh 'ma badh cáir
    76] dom fhior chagaidh gá chongbháil.
  22. 77] A Ghearóid, gidh doirbh dhamh-sa
    78] druim do chur red chumann-sa
    79] ceadh 'ma badh ionpháirte inn
    80] is fear mh'iomcháinte ar th'uillinn.
  23. 81] Gé táim ort ag iarraidh ceirt,
    82] gidh ullamh thú dá thoirbheirt,
    83] leasg gan t'agra, a fhleasg Leamhna,
    84] leasg tagra re tighearna.
  24. 85] Tú d'agra gan t'aithghin linn
    86] mo dháil is mó do mhaithfinn;
    87] gidh ionam linn dod leanmhain
    88] ní hionann inn d'fhéicheamhnaibh.
  25. 89] Gidh mé as dírghe cuid don cháir
    90] dá n-agrar thú, a thuir Iomdháin,
    91] budh beag dtaraidh an tulchóir
    92] it aghaidh don agarthóir.
  26. 93] It aghaidh, a fhabhra mall,
    94] gé tá an fhírinne agam
    95] ní íocfa, a ghéag Thoighe Tháil,
    96] acht oile dhéag do dhíoghbháil.
  27. 97] Déantar síodh nó bearar breath
    98] eadrainn, a earla fáinneach;
    99] lór dhúinn a ndobhramair air,
    100] a ghormlannaigh úir éachtaigh.
  28. 101] Nó bíoth cairde leath ar leath
    102] 'n-ar ndáil gidh fada an fuireach
    103] nó go dteagmha, a dhaithghil duinn,
    104] dod fhreagra th'aithghin aguinn.

  29. p.341

  30. 105] Tuigim is mar thuar faladh,
    106] gidh iongnadh an t-ordaghadh,
    107] móid agad dhreich raghloin ruinn
    108] ar mbeith a hadhbhair aguinn.
  31. 109] Rum do rinneadh an bine
    110] fa bhfuil oram th'oirbhire;
    111] do-ghéan uime mh'oirbheirt féin;
    112] an buille oirrdheirc ei-séin?
  32. 113] Baramhail do-bhéarar dhi
    114] urchor i n-aghaidh ruaige
    115] dá dtógbha fhalaidh eile
    116] i n-aghaidh ar n-oirbhire.
  33. 117] Má do chiontuigheas rut riamh
    118] i gcúis fa madh cóir mh'aimhriar,
    119] a fholt na bhfinnearladh bhfann,
    120] nocht an t-indearbhadh oram.
  34. 121] Achmhusán nach eagail damh,
    122] gé tú ar thoradh mo theangadh,
    123] gríosadh neich fa a ní féine
    124] ná bheith ar tí toibhéime.
  35. 125] Aimhleas ar Ghaoidheal ná ar Ghall
    126] do mhuin diomdha ní dhearnsam;
    127] is díleas inn dá gach fhior;
    128] sinn fa dhímheas níor dligheadh.
  36. 129] Do-ní mé—ní dá mhaoid- heamh—
    130] i n-aghaidh bhar n-iolmhaoineadh
    131] dot fhéin dhaoinigh druim ar druim
    132] réir gach aoinfhir fam acmhuinn.
  37. 133] Aithreach a fhad do leanas
    134] díbh gidh maith bhar muintearas
    135] más é as tuar dímhiadha dhamh,
    136] a sduadh mhínfhiadha Mhumhan.
  38. 137] Trem dhiomdha ar do dhreic rachaoin
    138] ní fhuighbhe uainn éantathaoir;
    139] nochan fhuighbhe uaim itghe;
    140] is cuibhdhe uaibh imirce.
  39. 141] Imirce nach áil linne
    142] do-ghéan d'aimhdheoin mh'intinne
    143] tre fheirg ret aighidh nuaidhe,
    144] a dheirg raighil rosguaine.

  40. p.342

  41. 145] Ceileabhradh dhuit—dia do mhóid;
    146] mei-se ag gluasacht, a Ghearóid;
    147] do sheachna ar neach níor dhú dhamh
    148] muna bheath tú dom thréagadh.
  42. 149] Fear aithne na n-uile cheard
    150] dom thréagadh truagh an díbhearg;
    151] gá dú acht ní aithnighe inn
    152] gidh tú as aithnighe i nÉirinn.
  43. 153] Feabhas th'aithne, a fhir Theamhra,
    154] córaide dhamh doimheanma
    155] th'anáir faoi ó nach fuighinn;
    156] fagháil gnaoi do ghnáthuighinn.
  44. 157] Dar leat nocha rabha riamh
    158] id bhrugh, a bharr na bhfinnchiabh,
    159] is ná faca sibh sinne,
    160] a fhir dhathta Dhuibhlinne.
  45. 161] Dá dteagmhainn duid ar druim róid
    162] seocham do ghéabhtha, a Ghearóid,
    163] gan mé ná thú rinn do rádh
    164] agus rinn chlú ar mo chomhrádh.
  46. 165] Beag má do-bheirim aithne
    166] ort gidh adhbhar machtnuighthe
    167] mar do-chuaidh th'aigneadh tar ais
    168] uainn ar gcaidreamh bhar gcádhais.
  47. 169] Ní chongbha th'aghaidh mhóir mhoill
    170] feadh a haithinte oruinn;
    171] deacair dhamh aithne uirre
    172] gan char aighthe oruinn-ne.
  48. 173] Dar leat ní tu-sa a-tá ann
    174] gér dhlúith dá chéile ar gcumann,
    175] nó no ní mei-se mé féin
    176] gidh bé dan treise a thoibhéim.
  49. 177] Baramhail aithne agam
    178] a-tá, a chraobh fhial fhabhradhdonn,
    179] ar do ghlár 's ar ghné th'aighthe
    180] gidh lán mé dod mhearaithne.
  50. 181] Gé aithnim th'aghaidh gcorcra
    182] is th'ucht solus somholta
    183] t'aigneadh ní aithnim a bheag
    184] aithghreim dod chaidreamh caithfead.

  51. p.343

  52. 185] Ní hé a ghuth as ghabhtha orm
    186] mo bhiodhbha, a bharr na bhfiarchorn;
    187] do mhealladh, a bhionnshlat Bhreagh,
    188] d'iomlat teangadh ná tigeadh.
  53. 189] Is faoi leis an bhfear do chum
    190] dhuit sgéal aimhleasa oram
    191] gion go ndéine inn d'ionnlach
    192] sinn dá chéile coimhdhiomdhach.
  54. 193] Ní hé ná badh éidir lat
    194] a chosg, a chiabh na bhfionnshlat;
    195] a mbí im cheann gion go gcoisge
    196] do-sní dream as díochoisge.
  55. 197] Gion go gcoisge an gcaibhdhin mbig
    198] do-ní orm cion nach ceilid,
    199] cogadh na gcuradh coisge,
    200] pobal Mumhan míonfhoisde.
  56. 201] Do choisgis cogadh chlann Luirc,
    202] do cheartuighis chloinn shaorChuirc;
    203] ceadh fa gcoisge na ríogha
    204] 's nach coisge mh'fhear eissíodha?
  57. 205] Eadram agus mh'fhear cionadh
    206] libh gion go reich réidhioghadh
    207] réidh uaibh UrMhumha is Éile,
    208] sluaigh urlamha aigmhéile.
  58. 209] Laighnigh i leith do dhroma
    210] fraoch mar éirgheas eatorra
    211] tú don chéadghuth ga gcosg soin
    212] do bhrosd ar n-éagnach oruibh.
  59. 213] Do réidhigh do neart a-niar
    214] snaidhm cogaidh Chloinne Uilliam;
    215] truagh ar réidhigh do rosg glan
    216] 's gan chosg ar n-éinfhir fhaladh.
  60. 217] Mar sin dámadh loinn libh-se
    218] do choisgfidhe an gcaibhdhin-se;
    219] tig dhíbh Í Chairbre do chosg
    220] is airge an tír le a dteagosg.
  61. 221] Ní chluinim cogadh dá mhéad,
    222] a Iarla Inse finnGhréag,
    223] nach coisge ó nach ceile
    224] gion go gcoisge ar gcoillidhe.

    Iong.


  62. p.344

  63. 225] Saor, a Eilionór, ar mh'fheirg
    226] th'aghaidh leathain mhóir mhíndeirg;
    227] gé tá míndeirge id ghnúis ghloin
    228] ní i gcúis díbheirge deargthair.
  64. 229] A Chondaois Cóigidh Mumhan
    230] nar luigh ar lucht ealadhan
    231] gidh tuar mo dhoirre a-dire
    232] ní thoille uam oirbhire.

    Iongaibh.