Corpus of Electronic Texts Edition
Iomdha uaisle ar iath Laighean (Author: Eoghan Mac Craith, an t-Órthóir)

p.335

EOGHAN MAC CRAITH, AN t-ÓRTHÓIR, cct.
  1. 1] Iomdha uaisle ar iath Laighean;
    2] a n-áireamh ní fhéadfaidhear,
    3] ní headh nach éidir gidh eadh
    4] seal éigin ar a n-áireamh.
  2. 5] Leo an chuid as uaisle d'Éirinn
    6] clann Chathaoir mheic mhóirFhéilim
    7] críoch as ar mhínigh Magh Fáil
    8] as ghar d'fhíndigh is d'éadáil.
  3. 9] An cúigeadh cuid do Chlár Breagh
    10] is comha cheathra gcóigeadh
    11] tugadh do chloinn Nuadhan Neacht
    12] leis nach loinn uabhar d'éisdeacht.
  4. 13] Na tolcha as teirce sreabha,
    14] na linnte as lia éigneadha,
    15] 's an úir as saidhbhre sealga
    16] fúibh, a Laighne láimhdhearga.
  5. 17] Aoibhneas iarthair an bheatha
    18] i nbhar láimh, a Laighneacha,
    19] an ghoirmthealach fhóidshean fhionn
    20] 's cóigeadh oirthearach Éireann.
  6. 21] An múr ós Dhuibhlinn is dí,
    22] 's an ráth i raibhe Ó Baoisgne,
    23] ráith Teamhrach fa ngealann grian,
    24] is seanfhann greadhnach Gailian.
  7. 25] Cúigeadh Laighean na learg dtais
    26] muna chuirthí cré Pharrthais
    27] níor shill súil, níor thiomchuil traigh
    28] úir budh ionchuir 'n-a haghaidh.
  8. 29] An rann coimmeasa do-chiam
    30] ag breith ghill do ghurt Ghailian
    31] as gheineas Bóinn is Bearbha
    32] leigheas dóibh ar dhoimheanma.
  9. 33] Gach buaidh nuadh, gach sochar sean
    34] dá gcluinim ar chrích Laighean
    35] ní hé do uaisligh í acht Art
    36] ag a mbí ar uaislibh umhlacht.

  10. p.336

  11. 37] Géag phailme Pharrthais Ádhaimh
    38] mac áirmheach Airt Chaomhánaigh
    39] mac Sadhbha no saoi do nimh
    40] slat naoi mheic Amhra a aithghin.
  12. 41] Ní hionann béas—is báidh leam—
    42] d'Art agus d'uaislibh Éireann
    43] fiú leis gach neach teacht 'n-a theagh
    44] 's is tearc teach i n-a dtéid-sean.
  13. 45] Umhluighthear dhó i mbonnaibh beann
    46] 's i gclochaibh aolta Éireann;
    47] do-ní a mbí san fhionnmhuir d'Art
    48] 's a mbí san fhiodhbhuidh umhlacht.
  14. 49] Laighnigh na laoidheang dtana
    50] Art fhóireas a n-easbhadha
    51] gan bhreith ngill an ní fa nimh
    52] nach bí re a linn i Laighnibh.
  15. 53] Do mhéaduigh neimheadh gach naoimh
    54] sochar do chlannaibh Chathaoir;
    55] glór laoidheadh agus leabhar,
    56] glór aoigheadh dá n-uaisleaghadh.
  16. 57] sa díobh as dú a leanmhain
    58] ainm suaithnidh i seinleabhraibh
    59] ainm cóir do Laighnibh do lean
    60] Laighnigh an óir a n-ainm-sean.
  17. 61] Ór uatha i ndíol gach dána,
    62] is ór chuca a gcíoschána;
    63] laoich ó tholaigh mhóir Mhogha
    64] monaidh óir a n-almsodha.
  18. 65] Ór corcra ar chlár a mbrannaimh,
    66] ór ceard ar a gcathbharraibh,
    67] ór tar sréin nglannuaidhe a ngreagh
    68] le féin lannuaine Laighean.
  19. 69] Ní leasainm Laighnigh ar óir
    70] d'fhéin Laighean um cheann gcomhóil;
    71] féinnidh um an ól ní ibh
    72] éindigh nach a hór ibhthir.
  20. 73] Do chumhdach a gcolg leabhar
    74] iomdha ór dá aithleaghadh;
    75] 's is iomdha bruithean óir ann
    76] do bruitheadh do bhróin buabhall.

  21. p.337

    77] Ní dleaghar ionnmhas eile
    78] mar éiric 'n-a n-oirbhire
    79] einioclann d'ór ó gach fhior
    80] do shlógh geimhiolthrom Ghaoidheal.
  22. 81] Clann chéadfadhach Chathaoir Mhóir
    82] darab cíos comhtha deargóir,
    83] a n-anáir do-chiú ar an gcloinn
    84] gan a fiú d'fhagháil d'urroim.
  23. 85] A-tá rí orrdhruic orra
    86] ar a bhfuil ádh urroma;
    87] éigne ó Bhóinn bháineithrigh Bhreagh
    88] áirimhthir ós ghlóir Ghaoidheal.
  24. 89] Clann Chathaoir, ceardcha an chogaidh,
    90] fa Art Óg ní fhuaradair
    91] lá nach mó sa mhó a meanma
    92] ón ló a-tá 'n-a thighearna.
  25. 93] Ní faghthar, ní fríoth, árach
    94] orra fa Art Chaomhánach;
    95] doras gáidh ann níor hosgladh
    96] i n-am áigh nar iadhosdar.
  26. 97] Sleagh bhaoghlach 'n-a bhais tana
    98] fraoch catha ar Mhac Murchadha;
    99] go n-athraigh Art gné an ghallgha
    100] gan é i n-alt a agallmha.
  27. 101] Rí cúigidh láimhdheirg Laighean
    102] gidh bé fáth far feargaigheadh
    103] ar a leas nó i n-aghaidh Airt
    104] i dtreas ní lamhair labhairt.
  28. 105] Do bhíodh ag leonadh lann nglas
    106] mar do ghabhadh fearg Fearghas;
    107] re mac rionnamhail Rosa
    108] ionnamhail an eagla-sa.
  29. 109] Agra leis ní lamhadh neach
    110] tagra ris níor fheidhm áiseach
    111] taoiseach cuaine fhear nUladh
    112] feadh a uaille d'ardughadh.
  30. 113] Fearg mheic Róigh i Ráith Mhacha
    114] 's a bhéimeanna baoghlacha
    115] do adhain fearg mar í ar Art
    116] rí danab ceard an chródhacht.

  31. p.338

  32. 117] Fearg an tochair ní théid de
    118] an rí go cluinsin gceirde;
    119] nó go searg le snáth umha
    120] a fhearg ní háth iondula.
  33. 121] Gion go ngoirthí roimhe riamh
    122] roileag Éireann d'iath Ghailian
    123] rí danab cáir cairt Bhanbha
    124] i láimh Airt is iongharma.

    Iomdha.