Corpus of Electronic Texts Edition
Gaois Ailbhe i n-inghin Domhnuill (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)
p.330
GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
- 1] Gaois Ailbhe i n-inghin Domhnuill
2] ainnre 'mun mbinnghil mbarrdhuinn,
3] inghean shaor dhealbhdha Dhomhnaill
4] craobh ghormfhuinn Leamhna labhraim.
- 5] Geall gaoise is oinigh Ailbhe
6] 'gun mhnaoi-se oirir Uidhne;
7] ní dá méin tre mhéin Shaidhbhe;
8] Ailbhe í ar chéill 's ar chuimhne.
- 9] Sadhbh inghean Domhnaill Daoile,
10] finnbhean a horlainn Áine,
11] ceannchadh neamhgá ní as bhuaine?
12] bean Muaidhe 's do-ní náire.
- 13] An bhean 'n-a mnaoi as fhearr inmhe
14] do bhean geall do ghnaoi Ailbhe;
15] gan ghrádh neith ar chraoibh Choinnle
16] coimhdhe do dhreich shaoir Shaidhbhe.
- 17] Inghean Domhnaill Óig aghar
18] tar gach móid ag a moladh
19] díoladh a duain d'éis fhileadh
20] re cineadh géis Cuain Choradh.
p.331
- 21] Éisdid sluaigh innbhir Uidhne
22] rer nduain d'inghin a n-oidhre;
23] éisdid sluaigh iarthair Aidhne
24] duain Saidhbhe ó iarrthair oirne.
- 25] Céim anshógha ní hionráidh
26] tar fréimh Anóra d'fhaghbháil;
27] bacadh uilc díorma daghshluaigh
28] anbhuain ríoghna Guirt Gabhráin.
- 29] Inghean Mhéig Carthaigh Cliodhna
30] carthair fa mhéid a meanma
31] do sia don toigh bean Banbha
32] nó targha a-noir teagh Teamhra.
- 33] Dáil a cruidh cian ó thalluinn,
34] dáil a sguir sgiamh don choinnill,
35] a ndáil uman gceird chumaim
36] cáir urraim don deirg dhoinnfhinn.
- 37] Gnúis niamhdha ranua roigheal
38] ag banua Iarla Uladh;
39] do Shaidhbh is cáir a gcuireadh
40] cuireadh gairm ar mhnáibh Mumhan.
- 41] Rug ó gach mhnaoi buaidh bronnta
42] fuair ghnaoiní gnaoi as nar theannta;
43] do-ní sgol do réir rompa
44] bronnta ag féin Dor go ndearnta.
- 45] Re taoibh a dtabhair d'airribh
46] 's a bhfaghair d'aoibh ón ainnir
47] sgíos ó chuaird ar gach choinnimh
48] bhíos ar choinnil shuairg Shaingil.
- 49] Táin do ghnáth i nglas chongna
50] do láidh bas mar bhláth
n-
abhla;
51] do thuill san eing an ealbha
52] ar chuirr sheaghla sheing Shadhbha.
- 53] Do ráidheadh re a dreich ndeighgil
54] "do sheich t'áireamh i n-Albain;
55] gé fríoth riamh olc ó a n-airgnibh
56] gan mhian Cairbrigh ort d'argain."
- 57] Mac Dé ní dóigh dod
thréigean;
58] is é as ghlóir do ghlac ndíggeal;
59] is dóigh dá mbé ort éigean
60] éideadh bocht Dé dod dhídean.
p.332
- 61] Fial an bhroineach réidh ríobhan
62] nach léir tar th'oineach éanar;
63] dá ndearnta ag dáimh ibh d'aoradh
64] baoghal libh dháibh a dhéanamh.
- 65] Re linn mhná bhrogha Bhóinne
66] ní thora lá achd lá gréine,
67] maidean reoidh fa mhagh Máighe
68] eoin áille ag car le chéile.
- 69] Sa mhoigh mhín aibhnigh ealaigh
70] 'n-a tír ghloin aingligh iodhain
71] sreabh chaol 's a cuan 'n-a choraidh
72] ó bhonnaibh craobh n-uar n-iobhair.
- 73] Sruth go mín, eas ag turnamh,
74] teas i sín, suth i bhfoghmhar,
75] crodh fan mbragh, iasg i n-innbhear,
76] damh ag inghear riasg roghlan.
- 77] Mionn súl áille gach ubhaill
78] ó Dhún Máighe go Manainn;
79] a-nuas do sóigh le soininn
80] cnuas mar fhoirinn óir d'abhaill.
- 81] Druim re fiodh foghnaidh dhúinn-ne
82] miodh chuill i gcornaibh uaine;
83] caithtear an lá geal gréine
84] re chéile is fleadh mná Muaidhe.
- 85] Tír bhar sluaigh-se i seilbh Sadhbha
86] fuair-se deilbh 'n-a deilbh dhiongna,
87] lucht ar leith fa bhuaidh dealbha,
88] meanma an tsluaigh ar chleith Cliodhna.
- 89] Eala Cuain lochbhuig Luimnigh
90] do thuair fhochruig dá hanmain;
91] fuath dhí ní bhia achd ga biodhbhaidh,
92] ionmhuin le Dia í amhlaidh.
- 93] Mo chean don mhoill úir iodhain
94] nar thúir doirr achd doirr Deamhain;
95] a crodh gé do-chí ag buidhin
96] guidhidh sí a ndol gan deabhaidh.
- 97] Ráidhte dhúinn d'fhuighlibh aobhdha
98] ris an suilbhir n-úir n-óghdha:
99] "ní fhuilc achd adhbhar ríoghna
100] t'íorna fhannghlan fhuilt órdha.
p.333
- 101] Uathadh bean i mbia t'úire,
102] ní lia fear mar fhear n-Áine;
103] mór bhur n-éad re clú a
chéile
104] tú is do chéile, a ghéag
Gáille.
- 105] Súil Banbha fa bean d'Éibhear
106] ret fhear, a fhabhra míondubh;
107] an teach i mbí is barr Gaoidheal
108] dá maoidheamh ann rí is ríoghan.
- 109] Fuair an ríoghain-se robhladh
110] do fhíoraidhbhsigh uaill ndeaghbhan;
111] sí céad nó dá chéad
fionnbhan
112] ní hiongnadh dhí méad meanman.
- 113] Gaoth dhaith ar ndruim na foirne,
114] flaith i gcuirr gacha cairbhe,
115] lucht loingse ó Lios na Beirbhe
116] d'fhios deilbhe soillse Saidhbhe.
- 117] 'Ma súil gcuirr-se do cumadh
118] a coimse do chlúimh mhalldubh;
119] im rosg mhall Sadhbha ag silleadh
120] filleadh mong n-abhra as andubh.
- 121] Gnúis réidh gheal i n-a goire
122] dá nar bhean béim ná bine
123] abhra mná Moighe Ruidhe
124] duibhe tá i ngoire gile.
- 125] Buaile clúimh as lór liobhra
126] súil mhór uaine fan abhra
127] dlúthmhong cheart 'n-a dá colbha
128] comhla dearc súlchorr Sadhbha.
- 129] Gan locht cuma ar craoibh n-Aise
130] truma a taoibh, truma as deise,
131] crios mar soin budh díor dhi-se
132] 'n-a cris-se fhoil díol deise.
- 133] Treabha as lór daingne is dlúithe
134] far Saidhbh-ne ag slógh na críche;
135] gach treabh dá treabhaibh bláithe
136] snáithe geal feadhaigh fíthe.
- 137] Gasradh ghlan ógbhan uimpe
138] tres an magh bhfódghlan bhfinnte;
139] ag dul don romhaigh reimpe
140] eillte ag cur omhain innte.
-
p.334
141] Inghean Méig Carthaigh choirnghil
142] tar nach barrthair ar bhiodhbhaidh
143] mar do bheath le géis nGabhraigh
144] cabhraidh neach d'éis a hionnlaigh.
- 145] Dlighidh sí anáir óighe
146] d'fhagháil óir is í as
cáidhe;
147] is lia náid na laoi saoire
148] aoine re Dia ag mnaoi Mháighe.
- 149] I dteach nDé do ria an ríoghan
150] Dia lé i leath ris an saoghal;
151] do-ní is gan chleith nGlaoi i
ngábhadh
152] crábhadh neich do bhaoi i
mbaoghal.
- 153] Inghean Domhnaill Dúin Luimnigh
154] ag foghluim 'gan úir fhinnghil;
155] cian ó bhaois airrdhe amhlaidh
156] cabhraidh gaois Ailbhe an inghin.Gaois.
- 157] Gaois Domhnaill Óig a athar
158] i n-Eoghan an airm cheannghlais;
159] bláth is mil re a ré is raitheas
160] níor bh'é sin flaitheas
Fearrghais.
- 161] Gaois Dunlaing ag díon Buadhaigh
162] cách do shíol Domhnaill
daoraidh
163] taoiseach cuaine úir Éibhir
164] féinnidh Uaine an chúil chraobhaigh.
- 165] Art Ó Caoimh do char bandál
166] a aoibh dhamh 's a dhaonaigh
167] fíon le túr 'n-a theagh
mhiodhfhuar
168] diombuan greagh i n-úr aonaigh.
- 169] Cóir Ó Donnchadha a-déarmais
170] do chomhthogha im Bhóinn mbraonghlais
171] Tadhg Sionna ós gach mugh maoidhim
172] giolla a Brugh aoibhinn Aonghais.
- 173] Ar feirg nDé díneadh mei-se
174] Míchéal aingeal dá n-éada;
175] sinn don aingeal 'gar n-aithne
176] daingean linn d'aithle éaga.Gaois.