Corpus of Electronic Texts Edition
Gach éan mar a adhbha (Author: Tadhg Mór Ó hUiginn)

p.325

TADHG MÓR Ó hUIGINN cct.
  1. 1] "Gach éan mar a adhbha"
    2] oirrdhearc so is 's sé leantar;
    3] gach ealta mar oiltear;
    4] ní chleachtfa achd a cleachtadh.
  2. 5] Lachain i laoibh sneachta
    6] ag snámh eighridh uaine,
    7] ní fearr leo lá gréine
    8] as teo ná an chlá as cruaidhe.

  3. p.326

    9] Eoin íochtair na fairrge
    10] dá nach foghnann faidfhéar
    11] bíd choidhche gan chadódh
    12] gach n-oidhche fan aigéan.
  4. 13] Éadána eoin mara
    14] ar muigh nach múr trágha;
    15] eoin moighe ná móna
    16] ar doire ní dána.
  5. 17] Eoin coilleadh ní cleachtaid
    18] cuaird ar muigh ná ar maighshléib;
    19] nochan fhaghbhaid dh'anbhuain
    20] nach adhraid don aimhréidh.
  6. 21] Beathadhaigh an bheatha
    22] mar bhíd eoin na n-ealtadh,
    23] gion gob dh'aonchrúdh oiltear,
    24] gan claochlúdh do chleachtadh.
  7. 25] Cách fa a gcleachtadh bhunaidh,
    26] bláth dearcan tre dharaigh,
    27] fir fa cháil a gcionaidh
    28] is dáibh sin a samhail.
  8. 29] Gach macaomh mar mhúintear;
    30] Maghnus maith do múnadh,
    31] slat Breagh, Brian na nGaoidheal,
    32] mac mar Niall geal Glúndub.
  9. 33] Maith do múineadh Maghnus
    34] mac Conchobhair Carna;
    35] gidh tréan nocha toghdha;
    36] gach éan mar a adhbha.
  10. 37] Maghnus mar do múineadh
    38] cá Gall glas ó ngéabadh?
    39] sé ag dul tar gach ndúnadh
    40] Lugh é is ní hé a éanar.
  11. 41] Lugh é is Cú na Cearda
    42] —gach cleas 'gá chúl chraob- hach—
    43] ainm dó im gach mbuaidh Buadhach
    44] i ngach uair bhus aonach.
  12. 45] Gach buaidh as bhuaidh aonaigh
    46] fhuair 's ní fhuair gan iarraidh;
    47] sleagh re sdargha sduadhaigh,
    48] fear Falgha, fear fiadhaigh.

  13. p.327

  14. 49] Fear feithmhe gach fhásaigh,
    50] fear catha agus comhluinn,
    51] badhbh gheal go ngroigh sheangdhuinn,
    52] fear 'ga bhfuil gach foghluim.
  15. 53] Oide múinte Maghnuis
    54] maith ar chách a chomaoin;
    55] tug druim re gach ndobhuaidh
    56] Ó Chuinn gion go gcommaoidh.
  16. 57] Do mhúin féin dó dochar,
    58] do dhruid é i ngach ionadh;
    59] níor mhúin ón ló as leanabh
    60] dó achd a shúil re shiobhal.
  17. 61] Do mhúin trá dá throighidh
    62] théid i n-ágh re n-ógaibh
    63] ag breith cruidh gach chóigidh
    64] fuil do bheith 'n-a bhrógaibh.
  18. 65] Do mhúin dá ghlún ghealchorr
    66] ghabhas beirn re biodhbhaidh
    67] a fhilleadh go harnaidh
    68] re himeall i n-iomghuin.
  19. 69] Do mhúin múnadh éagcóir
    70] dá ucht réidh go riarthair
    71] bheith i gcomhdháil chaomhthaigh
    72] re corrgháibh i gcliathchaibh.
  20. 73] Do mhúin béas dá bhrághaid
    74] —béas aice as ord cagaidh—
    75] gan ní uimpe idir
    76] achd muince go madain.
  21. 77] Níor mhúin at achd iarainn,
    78] nó at cotún craobhach
    79] ón cam gach craobh líneach
    80] 'n-a bharr as caomh caolach.
  22. 81] Do mhúin bheith ag bogadh
    82] fan gcleith nó fan gcloidheamh
    83] bas choirrgheal an churadh
    84] re toirneamh na dtroigheadh.
  23. 85] Do mhúin meadhón oidhche
    86] onchú an earla ghlúinigh
    87] loighe i ndoire dhiamhair
    88] 's gan loighe achd 'n-a lúirigh.

  24. p.328

  25. 89] Olc d'fhulang ga fhoghluim
    90] is eadh dhligheas deighfhear;
    91] fear céadmhaoidhte curadh
    92] ní héagcaointe a eidhear;
    93] tig 'n-a thuile a thoradh
    94] do dhuine fa dheireadh.
  26. 95] Ní tearc toradh iongnadh
    96] aige d'éis a fhorbhaidh
    97] do shról dhearg, do dhoinnmhil,
    98] don ór ceard i gcornaibh.
  27. 99] D'fheoil, do lionn, do luachair,
    100] do thuathaibh fa threabhaibh,
    101] do dhíon bó, do bhroghaibh
    102] d'fhíon is an ló leabhair.
  28. 103] D'éadach agus dh'eochaibh,
    104] is dh'éideadh mar fhaghlus,
    105] dh'arm go n-ór, is dh'ionnmhus,
    106] dhiongbhus Mór do Mhaghnus.
  29. 107] Maghnus mhullaigh Tailltean
    108] troid ris is réim anáigh;
    109] gar don rígh ó roBhóinn
    110] tír nar ghabh do ghabháil;
    111] maith dá bhfuair ní furáil
    112] do fhlaith ar n-uair d'fhagháil.
  30. 113] Rí gaisgidheach nGaoidheal
    114] gorm a chloidheamh crosghlan;
    115] rí na n-each a each-san
    116] do-ní an chreach do chosnamh.
  31. 117] Ní héagcosmhail aigneadh
    118] dá eoch 's d'fhior a druimne;
    119] lán Éire dá n-inmhe;
    120] re chéile isad cuibhdhe.
  32. 121] Each geal, gruagach doinnfhionn,
    122] dias a-tá ar tí fuadaigh;
    123] creach fhear is each n-éididh
    124] re n-each ngeal an ghruagaigh.
  33. 125] Gruagach go méad míleadh
    126] do-éid ar gach n-aoinfhear;
    127] each gráineamhail gléigheal
    128] re ngáidhfhearaibh Gaoidheal.

  34. p.329

  35. 129] Manannán an mharcshluaigh,
    130] Maghnus Muighe Muaidhe
    131] fear eich sheinggil shídhe
    132] agus eirridh uaine.
  36. 133] Níor chumhga neart námhad
    134] ní do-san ná di-se;
    135] Dia deisiol na deise
    136] ei-sion agus i-se.
  37. 137] Is í an Liath Mhór Macha,
    138] mór n-anbhuain ro fhuluing;
    139] tug sei-sean bú a Boirinn
    140] is ei-sean Cú Culuinn.
  38. 141] Is i-se an t-eac oirrdhearc,
    142] Each geal Taidhg ghloin ghraifnigh;
    143] ó a cholg thei-sean teithtir;
    144] Tadhg ei-sean nó a aithghin.
  39. 145] Is i-se an Liath luirgneach
    146] lingeas cách i gcathaibh;
    147] sei-sion mhac Maoil Mhithigh
    148] as phrap re taoibh tachair.
  40. 149] Si-se re sluagh nGaoidheal
    150] Gob na Sgéal sgeamh sholamh;
    151] sei-sean Murchadh Mumhan
    152] nach tomhthar do thomhadh.
  41. 153] Sei-sean Síoda Odhar
    154] dar bh'aithnidh gach aonach;
    155] si-se leath re Lámhach
    156] a each achd nach aondath.
  42. 157] An Blár Aodháin i-se
    158] agus Aodhán ei-sean;
    159] léigthe an magh dhí is do-san
    160] dá rabh sí agus sei-sean.
  43. 161] Sei-sean Lugh lá an tachair
    162] ler thuit fine Fomhra;
    163] triall teithidh ní tarbha
    164] ris an mbeithir mbodhbhdha
    165] fa fhonn Mhuighe Meadhbha
    166] ar Dhonn groidhe Garmhna.

  44. p.330

  45. 167] Conall Cúigidh Chonnacht
    168] chosnas Magh n-Aoi n-armghlas;
    169] is cathaighe coimhdheas
    170] fan machaire Maghnus.
  46. 171] Maghnus mhullaigh Cruachan
    172] croidhe brodla bághach;
    173] doirbh fa mhúr Sainbh srianach
    174] sbairn re lúdh 's re lámhach;
    175] re ghleic ní ghabh lúireach
    176] fa Mhagh mhac meic Mághach.

    Gach.