Corpus of Electronic Texts Edition
Fuirigh go fóill, a Éire (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)

p.321

GÓFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Fuirigh go fóill, a Éire,
    2] gearr go bhfuighe fírchéile;
    3] do chéile ní fear foirbhthe,
    4] a Éire, a threabh théagairthe.
  2. 5] A fhionnráith Teamhra Dá Thí,
    6] aithnim an fear dá bhfuiltí;
    7] triath d'óigleanabh do b'áil libh,
    8] a chláir fhóidleabhair Uisnigh.
  3. 9] Fada nach fuarais, a bhean,
    10] aoinfhear d'aicme na naoidhean;
    11] fad do chairde is dubhach dhuit,
    12] a Thulach Chairbre is Chormuic.
  4. 13] A-tá fear i n-aois leinibh
    14] —gearr go bhfuighe fóiridhin—
    15] i ráith na ngéigbheangán ngeal
    16] a chéidleannán mac Míleadh.
  5. 17] Tánaig an té taoi d'iarraidh,
    18] a fhinnbhean Néill Naoighiallaigh,
    19] dar dhual Bóinn bhraontana bhinn;
    20] aontamha go fóill fuiling.
  6. 21] Eidhre ó gCarthaigh, ceann Gaoidheal,
    22] gearr bhias i mbeirt ógnaoidhean;
    23] feith, a Bhanbha, a bhean Tuathail,
    24] go bhfaghbha th'fhear ionnuachair.
  7. 25] D'éis dealuighthe go réidh ruibh
    26] d'fhuil Chuinn is d'fhíorfhuil Eoghain,
    27] a bhean naoidhe an Chláir choimhthe
    28] an áil naoidhe neamhfhoirbhthe?
  8. 29] Meinic riamh seinbhean mar sin,
    30] a leannáin Airt Éinfhir,
    31] do ghnáth ag iarraidh fhear n-óg,
    32] a threabh dhiamhair na ndeargród.
  9. 33] Líthear ort-sa re hathaidh,
    34] a fhinnbhean Chuinn Chéadchathaigh,
    35] caor do mhianaigh Mogha Néid;
    36] sona an liamhain dod leithéid.

  10. p.322

  11. 37] Duit do thairngir an fáidh Fionn
    38] feacht riot i ráithe aoibhioll
    39] do dhearbh go mbiadh 'gun bhanfháidh
    40] leanbh a-niar dá nuaghabháil.
  12. 41] Ort, a Bhóinn, ná bíodh tuirse;
    42] leanbh óg don chloinn Charthaigh-se
    43] do thileadh Cláir bharrghloin Bhreagh
    44] do tharngair an fáidh Fítheal.
  13. 45] Dá labhradh éinfhear eile
    46] leat go teacht don tairngeire,
    47] a bhean fhionn fhoighéagglan Airt,
    48] oiréadmhar liom an labhairt.
  14. 49] Do-níd fáidhe Fuinn Ealga
    50] do-níd síona soineannda
    51] ar Thealaigh na dTrí gCuradh
    52] rí leanaibh do lámhnughadh.
  15. 53] Ar a leithéid do leanabh
    54] sgéala dhuit dá fhoillseaghadh,
    55] aoighe sgeoil uaignigh annaimh
    56] d'uaidnibh an eoil fhuaramair.
  16. 57] Lá thoir i gcath Chluana Tarbh
    58] d'airdrígh Éireann na n-órarm
    59] tig an uair-se d'fhagháil gliadh
    60] 's a bhranáin uaisle ar aoinrian.
  17. 61] Le cloinn Bhriain na síodhbhrugh seang
    62] an bhanfháidh darbh ainm Aoibheall;
    63] gus an mnaoi d'iarraidh fheasa
    64] tiaghair ar chaoi chairdeasa.
  18. 65] A-dubhairt Donnchadh mhac Briain:
    66] "cia dhínn thuitfeas san troimghliaidh
    67] d'uaislibh griandathta chlann gCais,
    68] a shann iarrata an eolais?"
  19. 69] "Airdrí Fhódla na sreabh seang
    70] tuitfidh Brian ann" ar Aoibheall
    71] "tuitfidh Murchadh—gá mó sgéal—
    72] ní foghthar 'n-a chló a choimhthréan.
  20. 73] "Tuitfidh Toirdhealbhach óg ann,
    74] mhac Murchaidh bhus cruaidh comhlann
    75] re cois roghan fhréimhe Cais;
    76] folamh Éire 'n-a n-éagmhais."

  21. p.323

  22. 77] "Cia ghéabhas Éire dá n-éis"
    78] ar Donnchadh ghnúis mar gheilghéis
    79] "sloinn dúin, a bhanfháidh mBriain,
    80] súil ní faláir re finnChliaigh."
  23. 81] "Biaidh an tír-sin na dTrí bhFionn
    82] do réir m'fháisdine" ar Aoibheall
    83] "i ndiaidh na n-ardshlat oile
    84] ag Tadhgmhac Briain Bóroimhe."
  24. 85] Gá dám dó, cuirid an cath
    86] Lochlannaigh is laoich Teamhrach;
    87] má tá nar shlán clann Chobhthaigh
    88] ár ann ar na hAllmhurchaibh.
  25. 89] Marbhthar le Donnchadh 'n-a dhiaidh
    90] urra codhnach síol saoirBhriain;
    91] reacht na Fódla mairg do mhill
    92] le fógra Thaidhg do thuitim.
  26. 93] Go hAoibhill d'éis an chatha
    94] tig Donnchadh gnúis ghealdatha
    95] go fáidh na ríogh ó Ráith Luirc
    96] do ráith narbh fhíor a n-éabhairt.
  27. 97] "An tí dar thairngir sinne
    98] Ráith Teamhra is Dún Duibhlinne
    99] —a chionta dhíom ní dhlighe—
    100] dá shíol tiocfa an tairngire.
  28. 101] "I gceannas Críche Teamhrach
    102] rachaidh mac Taidhg Toirdhealbhach
    103] ua na ríogh bhus rí eile
    104] do-ní fíor dar bhfáisdine.
  29. 105] "Beag dtarbha dhuit, a Dhonnchaidh,
    106] caill do chirt led ghníomharthaibh;
    107] uait féine i ndiaidh do dhoibheart
    108] biaidh Éire gan aoghaireacht.
  30. 109] "Ní laibhéar go laithe an bhráith
    110] d'éis shíol mBriain" ar an bhanfháith
    111] "gidh doiligh linn gan leanmhain
    112] don bhuidhin fhinn ildealbhaigh."
  31. 113] Do b'fhíor d'Aoibhill a ndubhairt
    114] fuighle ar nach fuil contabhairt;
    115] ráinig ríghe is reacht Teamhrach
    116] neart na tíre ag Toirdhealbhach.

  32. p.324

  33. 117] Do thairngir fáidh fada ó shoin
    118] go mbiaidh neart Oirir Fhionntoin
    119] ag Domhnall do chloinn Charthaigh
    120] roinn ghormlann ar ghníomharthaibh.
  34. 121] Muna thí an tairngire is-teach
    122] don Domhnall-so fa dheireadh
    123] —biaidh lá bhus ard a eire—
    124] do Thadhg a-tá an tairngire.
  35. 125] Fáisdine athar más fhíor
    126] tiocfa is-teagh d'oidhre an airdríogh
    127] más fhíor labhradh gach fhir eoil;
    128] ag sin adhbhar m'uirsgeoil.
  36. 129] Tréig, a Thaidhg, do trealamh leinbh,
    130] ná luaidh feasda feidhm roimheirbh
    131] —súil Mumhan ribh dái- ríribh—
    132] sir do chuladh gcaithmhílidh.
  37. 133] Gabh umad th'úirbheart iarainn,
    134] a rosg glas mar ghoirmniamhainn,
    135] caomhthruaill do ghlanlúirigh ghil
    136] gharbhghlúinigh dhaolchruaidh dheilgnigh,
  38. 137] Gabh do loinn gcorrghlais gcumhdaigh,
    138] a mheic na mná ó ríogh Lundain,
    139] samhail smuail do dhrithlinn deirg
    140] dá fhichlinn chruaidh led chéidfheirg.
  39. 141] Gabh mar so le séan uaire
    142] dá shleigh Con na Craobhruaidhe;
    143] fa baoghlach brath na bhfoghadh
    144] i gcath fhaobhrach Fhionnchoradh.
  40. 145] Minic ród fhuair a fhéaghain
    146] mionn litreach lán d'óiréanaibh,
    147] sgiath fa cruaidh i gcath Ghabhra
    148] 's do-chuaid ón chath chathardha.
  41. 149] Ná beir leat i gceann chatha
    150] achd airm adhbhair ardfhlatha;
    151] t'fhailm fhionn dhathómra ós do chionn
    152] do mhionn clachórdha cloichfhionn.
  42. 153] Tairg do thobhach do chóra;
    154] go meala, a mheic Onóra,
    155] th'airm curadh go gceo nimhe
    156] ler chumhan gleo Gáirighe.

  43. p.325

  44. 157] Ní mholaim dheit, a leinibh,
    158] —cóir dhuit Éire d'fhóiridhin—
    159] bheith éigcríonna id leanbh go léir
    160] dearbh do chéidghníomha, a choiléin.
  45. 161] Mór gcath chuirfeas do dheoin Dé
    162] mhac Domhnaill, gnúis mar ghlainré;
    163] cóir súil re sealgaire an luin
    164] dhúin gidh leanbaidhe a luaghail.
  46. 165] Cuirfidh cath Mhullaigh Maisdean
    166] gleo re bhféachfaidh fíorghaisgeadh;
    167] brisfidh calg fa mhagh Midhe;
    168] gar do thadhg an tairngire.
  47. 169] Cath díbheirgeach Dúin na Sgiath
    170] cuirfidh oidhre fhóid fhinnChliach;
    171] re a ré muidhfidh gach mearchath
    172] is cuirfidh sé an Saingealchath.
  48. 173] Dá ró Tadhg i dtréan Bhanbha
    174] biaidh ar-ís 'n-a n-athardha
    175] gach aoinneach san riocht reimhe
    176] do shliocht daoineach Deirgtheine.
  49. 177] Dlighidh ollamh uirrim ríogh,
    178] reic a áithis 's a fhéilghníomh:
    179] gabh ar tós m'fhorfhuighle, a fhir,
    180] rem chomhairle fós fuirigh.

    Fuirigh.