Corpus of Electronic Texts Edition
Foraire Uladh ar Aodh (Author: Maol Sheachluinn na n-Uirsgéal Ó
hUiginn)
p.317
MAOL SHEACHLUINN NA n-UIRSGÉAL Ó hUIGINN
cct.
- 1] Foraire Uladh ar Aodh;
2] ní hadhbhar eagla d'aontaobh
3] bheith d'Aodh ag comhfhaire a gcroidh
4] taobh re a fhoraire ag Ultaibh.
- 5] Do leigsead Ultaigh uile
6] taobh re hAodh an fhoraire;
7] fuath suain 'ga dheaghoireacht de
8] sealoidheacht ní fhuair impe.
- 9] Doras oslaigthe Uladh
10] tarla ar sliocht na seanchuradh
11] fian Toraighe i dteannta Gall;
12] bearnta foraire a bhfearann.
- 13] Baoghlaighe iná a bhearnadh
dhí
14] dá bhfuil aisde agus innte
15] críoch Chonaire is Chuirc Chaisil
16] puirt fhoraire an Aodhai-sin.
- 17] Innbhear Bóinne agus Banna
18] is gach fonn dá bhfuil eatorra
19] feithidhgá foraire as fhearr
20] beithir romhaighe Raoileann.
- 21] Dún Dá Leathghlas na learg nglan
22] Dún Sobhairce Dún Dealgan
23] do-ní ag comhfhaire na gcath
24] foraire na dtrí dtulach.
- 25] Dírim do mhuinntir mheic Airt
26] go Baile an Iobhair orrdhairc
27] go Rinn Sibhne dhóibh ar ndul
28] 's nó go róigh imle Uladh.
- 29] Leathaidh ar phobal Phuirt Rois
30] 's ar chaladh gCairrge Fearghois;
31] 's ar Thráigh mbinncheolaigh mBaile
32] imtheoghaidh an fhoraire.
- 33] Ó Chúl Raithín na ród nglan
34] ní fhuil soir go hAird nUladh
35] port dá roimhéad ná caol cuain
36] gan choimhéad d'Aodh re haonuair.
p.318
- 37] Ó Aird Uladh an fheoir mhaoith
38] go Beinn nÉadair mheic Éadghaoith
39] gan fhoraire ó Aodh ní fhoil
40] raon maraidhe ná marcoigh.
- 41] Ar Mhág Aonghusa uile
42] tairgfidh ó tá an fhorfhaire
43] drud i ngoire ghlanshluaigh Ghall
44] 's a bhfoighe d'anbhuain d'fhulang.
- 45] Ar sgáth chóigidh chlann Rosa
46] fuilngidh Aodh Mág Aonghusa
47] cian uadha a ghníomha goile
48] síona fuara ag foroire.
- 49] Siobhal oidhche 'n-a éanar
50] is é as fhearr do fhuiléangadh
51] 's a lámh um chaolgha nó um cholg
52] dá chaomhna lámh le leathbhord.
- 53] Síodhuidhe Beinne Boirche
54] fuilngidh ar feadh geamhoidhche
55] gan cheann fa theach do thabhairt
56] fa cheann gcreach i gcontabhairt.
- 57] Fuilngidh madh fada an adhaigh
58] gan bhais do bhuain d'aradhain;
59] fuilngidh le hanbhuain an fhuinn
60] i dtuighnigh adhfhuair iaruinn.
- 61] Mórán baoghail beagán suain
62] iomchraidh Aodh an airm rionnfhuair;
63] béas na gcuradh riamh roimhe
64] do mhian Uladh d'fhoroire.
- 65] Cóir do chuireadar Ulaidh
66] eatorra agus Allmhuraigh;
67] tugsad geall ar dheighthreoir dhó
68] an feithmheoir do b'fhearr aco.
- 69] Mág Aonghusa na n-arm ndéad
70] ar tí an chóigidh do choimhéad
71] méidhe an ghaothmhara do ghabh
72] aonchara fhéinne Uladh.
- 73] Íbh Eachach na n-abhall bhfiar
74] idir fhiodhbhaidh is oirshliabh
75] idir fhairrge mhín is mhagh;
76] gá tír as ghairde ó
ghábhadh.
p.319
- 77] Guaissealbhach Ghleanna Righe
78] gabhais ar a gáibhthighe
79] greim do chaoimheirr an chóigidh
80] 'n-a heing aoibhinn urchóidigh.
- 81] Ar sgáth shíl Eoghain do an
82] Mág Aonghusa i n-eirr Uladh;
83] aibche sa chách a chosnamh
84] ar sgáth mhaicne a mháthar-san.
- 85] Cóigeadh mheic náraigh Neasa
86] dídnidh do dhruim bhráithreasa;
87] an gort 'ga leithchineadh leis
88] feithfidhear gan tocht thairis.
- 89] 'N-a bhráthair aca uile
90] a-tá rí Ó Rudhruidhe
91] tuar conganta le cloinn Néill
92] 's 'n-a bhronndalta ag droing díbh-séin.
- 93] Cú Chuluinn na gcleas ngoile
94] mar sin do fhréimh Rudhruidhe;
95] díon an tsluaigh-se ar-aon orra;
96] dá ghaol uaisle eatorra.
- 97] Cineadh mheic Fhachtna Fháthaigh
98] ba díbh-séin a dheaghmháthair;
99] na slata do fhuaigh Eamhain
100] aca fhuair a oileamhain.
- 101] Mac Deichtine dearc uaine
102] dar bh'ainm Cú na Craobhruaidhe
103] 'n-a thiomchall-san do thuill bladh
104] ag iomchosnamh fhuinn Uladh.
- 105] Coimhdheas do thír is do thuinn
106] do feithtí le Coin gCuilinn
107] do ghrádh chombráithreach na Con
108] do chlár fhonngháibhtheach Uladh.
- 109] Do cuimhnigheadh uair oile
110] comhaltas chlann Rudhroidhe;
111] níor léig faghail na feadhna
112] i n-aghaidh a n-oileamhna.
- 113] Níor luigh ar leith a mháthar,
114] do-ní seacha soláthar;
115] níor shanntuigh an frosmhagh fionn
116] ag cosnamh alltair Éirionn.
p.320
- 117] Do chloinn Eoghain amhlaidh sin
118] do-ní cosnamh an chóigidh
119] Aodh go hionChon na hEamhna
120] an chaor iothmhar fhíneamhna.
- 121] Mág Aonghusa an earla thruim
122] ní lamhthar lucht a leathtruim
123] folt na ndual snáthfhailgheach saor
124] 'n-a mháthairleath uadh d'éantaobh.
- 125] An uair nach aithrighid soin
126] a ghaol Í Chonaill Chearnaigh
127] gaol na ríogh do fhréimh Chonaill
128] do shíol Néill ní neamhchomhaill.
- 129] An uair chuirid i n-a chionn
130] ceithre hollchóigidh Éireann
131] folt claon ar chur na n-idheadh
132] Aodh 'n-a Lugh dá leithchineadh.
- 133] Lugh nó Cianmhac an Cháinte,
134] nó Naoise a fhear éanpháirte
135] slat dá ndleaghair corrDhruim Caoin
136] d'fhearaibh comhluinn Mhac Miodhchaoimh.
- 137] Tairrngeartach Teamhrach Midhe,
138] leannán lochta ar gceirdei-ne,
139] taisdealach Trágha Dá Bhan,
140] gaisgeadhach ágha Uladh.
- 141] Abhartach aonaigh Tailltean,
142] síodhuidhe nach seachaintear,
143] caisgidh fhaghla dá fhine,
144] taisgidh anma Eimhire.
- 145] Coiléan caomh Caithreach Fhíona,
146] croidhe gan fhuath n-eissíodha,
147] rún faobhrach ag faicsin chean,
148] aonroth gaisgidh na nGaoidheal.
- 149] Coimhéadaidh cloinne Rosa,
150] Aodh mac Airt Mhéig Aonghusa,
151] sleagh glaisbheann i n-a ghoire
152] fear fairseang foroire.Foraire.