Corpus of Electronic Texts Edition
Fogus furtacht don tír thuaidh (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)

p.307

FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
  1. 1] Fogus furtacht don tír thuaidh,
    2] fogus furtacht dí dom dhóigh,
    3] tiocfa d'Aodh rer-oile a huaim;
    4] don taobh thuaidh is goire an ghlóir.
  2. 5] Broid an chóigidh saorfaidh súd;
    6] fóirfidh ar ghaoltaibh a ghéag
    7] an t-Iarla oirbheartach óg
    8] griangha ó fhód ghoirmealtach Ghréag.
  3. 9] Dá dhaghfhádh fa díleas rún
    10] Fítheal is Dallán na ndámh
    11] i gcuimhne ríomhthair a-raon
    12] fíorfaidh Aodh fuighle na bhfádh.
  4. 13] Muaidh is Doire is Dún na nGall
    14] agus múr Oiligh 's an Fhionn
    15] 's ní sa mhó—ní míobháidh leam—
    16] dó do gheall an fíorfháidh Fionn.
  5. 17] Na Conaill fhíre as fhearr buaidh
    18] dar gheall Coluim ríghe róinn
    19] ná saoilidh nach ba dhíobh dhúinn;
    20] bíodh súil gach Gaoidhil re glóir.
  6. 21] Ar labhair Cormac Ó Cuinn
    22] ní samhail d'orchar re haill;
    23] d'Aodh Bhreagh acht go triall tar tuinn
    24] Treabh Chuinn ní ba fiadh ar faill.
  7. 25] Glóir a gharma iarrfaidh Aodh,
    26] triallfaidh le chabhlach tar cuan,
    27] líonfaidh beannBhanbha na mBrian,
    28] fíorfaidh thiar seanlabhra suadh.
  8. 29] Géisfidh an Ana re n-Aodh,
    30] na slata géisfid dá ghrádh,
    31] géisfidh gach ní do-ní nuall,
    32] géisfidh an cuan dá dtí i dtrágh.
  9. 33] An Loch Léin-se léigfidh gháir
    34] an Éirne géisfidh re a ghlóir;
    35] cuirfidh meanma ar gach dúil díbh
    36] Súir mhín agus Bearbha is Bóinn.

  10. p.308

  11. 37] Mar bhóchna bhailbh briathar mall
    38] an griangha dá ghairm a-nonn
    39] ar tí a gharma ceann i gceann
    40] budh teann labhra na dTrí dTonn.
  12. 41] Na feadha ag claonadh dá gcloinn,
    42] na gaotha ag gealladh Í Chuinn,
    43] tug a dháil go domhan Finn
    44] foghar binn re tráigh ag tuinn.
  13. 45] Don sgoith Bhreagh-sa do bhí i ndán
    46] gach ní do gealladh dá ghaol;
    47] an cuire do imthigh uainn
    48] fillfidh a mbuaidh uile ar Aodh.
  14. 49] Clann Dálaigh fan teo gach toil
    50] do-chádair mar cheo do mhuigh;
    51] do sóigh an chrobhuing ór chein
    52] glóir i dtreibh Chonuill do chuir.
  15. 53] Go bhfagha tuir Tholcha Floinn
    54] do chomhdha a chuirp ar gach chaill
    55] an ré do bhean Dia don druing
    56] nach bia d'íbh Cuinn fear ar faill.
  16. 57] Lór go fóill a ndeachaidh dhíbh
    58] pór budh tóir ar Thealaigh bhFáil,
    59] an choimhdhe ar ar cuireadh uaigh;
    60] nár thoirne uainn m'fhuigheal áir.
  17. 61] Creach eile ní fhuighe an tnúth;
    62] meinic budh cuirthe do chách,
    63] fa ruire tilidh na dtuath
    64] sighin luath is guidhe ghnáth.
  18. 65] Lór don fhormad teacht rer dtréan,
    66] 's ar gcomhlot do theacht dá thaobh,
    67] rogha ar gcuaine aga i n-úr;
    68] nár ghada an tnúdh uainne Aodh.
  19. 69] Do bhí sochar bánfhuinn Briain
    70] ó Chonga go Máluinn mín
    71] síos re fánaidh ar feadh fúinn
    72] gur bhean tnúidh Í Dhálaigh dhínn.
  20. 73] Dá fhoichne a haonchrobhuing iad
    74] naomhCholuim roimhe i ngach ród
    75] Críosd cáidh le griangha na nGréag;
    76] ní dáigh d'éad an t-Iarla óg.

  21. p.309

  22. 77] Flaith dan cóire Teach Dá Thí
    78] ná meas ar a óige é;
    79] gach glóir fa dheoidh fearfaidh faoi;
    80] leathfaidh a ghnaoi do dheoin Dé.
  23. 81] Dá mhórrath budh fogus fás
    82] is dá mhórdhacht dola i ndlús;
    83] teas caol do-ghabhar re ngríos;
    84] caol bhíos gach tamhan ar tús.
  24. 85] Ní i n-aoinfheacht ghealas an ghrian,
    86] ní i n-aoinfheacht treabhthar an tuar,
    87] biaidh neart Ó nEachaidh ag Aodh;
    88] teacht caol ag deathaigh is dual.
  25. 89] Beanfaidh a chasnaidh d'Fhód Ír;
    90] gidh óg budh harsaidh a threoir;
    91] ar Bhanbha thonnmhaill budh tóir
    92] glóir garma Í Domhnaill fá dheoidh.
  26. 93] Do chleacht go dlúith doghraing reann
    94] ceap Ó Domhnaill Dhúin na nGall;
    95] ag uaim róidlearg na dTrí dTonn
    96] do bhí Conn 'n-a óigleanbh ann.
  27. 97] Conn Céadchathach ceann gach slóigh
    98] fa teann ar éachtAchadh n-Ír
    99] rí Breagh do hanadh re a uaim;
    100] 'n-a thamhan fuair Teagh an Trír.
  28. 101] Posd cothuighthe na gcóig sgol
    102] Conaire Mór fa mór seadh
    103] fuair glóir dá thaghadh ó thal
    104] do ghabh 'n-a thamhan Bóinn Bhreagh.
  29. 105] Fós ós chách do-chuaidh 'n-a am
    106] go hág ar an uair do b'fhearr
    107] Iath Breagh do chosain dá chionn
    108] do gheabh Fionn ó thosaigh teann.
  30. 109] Ar an nós-sain—ní nós nár—
    110] acht gidh óg órfaidh a ghaol;
    111] cia an fádh nar tharngair a thréan
    112] séan 'n-a bhládh amhlaidh ar Aodh?
  31. 113] An dream fhuair go hóg tre aoibh
    114] gach fód um Bhuais is um Bhúill
    115] is Cliodhna is Bóinn is Teach Táil
    116] mar do-chóidh dháibh go ndeach dhúinn.

  32. p.310

  33. 117] Gar dar ndoghraing dola ar gcúl;
    118] fogas d'Ú Domhnaill ar ndíon;
    119] leathfaidh ar gcomhtha um gach gcuan,
    120] beanfaidh ar snuadh dorcha dhíonn.
  34. 121] Snuadh dorcha ar gach aoinneach uaidh
    122] orchra Gaoidheal diaidh i ndiaidh;
    123] bláth gach abhla ag dubhadh dhóibh
    124] culadh bróin fa Bhanbha Bhriain.
  35. 125] Snuadh na horchra ar Thealaigh dTé
    126] le dorchacht ní dhealaigh sí;
    127] meadh do Bhóinn tairthigh an Traoi;
    128] do mhnaoi bhróin is aithghin í.
  36. 129] I mbrón na Traoi tarla ciall
    130] an tann-sa do bhaoi gan bhríogh;
    131] múradh a clach damhna déar
    132] tarla léan do rath a ríogh.
  37. 133] Fóir Gréag iar ngabháil na Traoi
    134] dá hanáir nochar fhéach sí;
    135] dá port úr do b'eagar clé,
    136] do leagadh lé go húr í.
  38. 137] Bile réidh dá fiodhbhaidh féin
    138] is é do b'ionchuir dá huaim;
    139] an obair do bhí gan bhrígh
    140] do thogaibh Prímh hí ar n-uair.
  39. 141] Toigéabhaidh toimhse na múr,
    142] toigéabhaidh toighe na naomh,
    143] tulach sgaithmhín Dá thí thiar
    144] dí ar dtriall budh haithPhrímh Aodh.
  40. 145] Cosmhail re cóirgheadh na Traoi
    146] mar fhóirfeas ar Tulaigh dTé;
    147] tír 'n-a loighe tír Dá thí,
    148] dí goma Prímh oile é.
  41. 149] Bóinn bhordbhláith na seintreabh séimh
    150] do thogbháil a teinnteach mbúidh
    151] le grádh tar grinneal an chuain
    152] filleadh fa bhuaidh i ndán dúinn.
  42. 153] A-táid na toirthe a-tá an úr
    154] mar tá gach foichne 's gach fádh
    155] 's an ghaoth ghuithbhinn dár súr siar;
    156] triall tar sruithlinn dún i ndán.

  43. p.311

  44. 157] Cuireadh le mbréagfa i mbrugh Floinn
    158] tug an Téamhagh go n-a thuinn
    159] is na neoil fhlatha re a linn
    160] 's na heoin do rinn catha ó gCuinn.
  45. 161] Mar sin do Laoi 's do Loch Cuan
    162] 's don Bhaoill i nglas acht a ghlár;
    163] rg bhailbh ad-bhath a bríogh;
    164] clach na ríogh dá ghairm tre ghrádh.
  46. 165] Aodh Lighean dá ngabhar greim
    166] dá ndlighthear ragha agus roinn
    167] —bíodh a chiall ag cathair Chuinn—
    168] rachaidh tar tuinn go Fiadh Floinn.
  47. 169] Iar ndul tar lear béaraidh buadh,
    170] géabhaidh gach ar ghabh a ghaol,
    171] cuirfidh na talmha fa thréan;
    172] luighfidh séan a anma ar Aodh.
  48. 173] A-tá lais go Fiadh na bhFionn
    174] cairt ó Niall is cairt ó Chonn;
    175] ní bhia taobh re cúirttreibh crann;
    176] fúigfidh thall gach aon 'n-a fhonn.
  49. 177] Fillfid a bhrughaidh le báidh
    178] fillfid a urraidh tre aoibh
    179] go fleisg Éadair san taoibh thuaidh
    180] 's ar sgaoil uaidh dá ghéagaibh gaoil.
  50. 181] Biaidh roineart ag dáimh fa dheoidh,
    182] biaidh gach oireacht 'n-a n-áit féin,
    183] biaidh ana ar adhbha gach naoimh,
    184] gabhla im chraoibh dá chara i gcéill.
  51. 185] A croidhibh cáigh cuirfidh fíoch,
    186] suidhfidh le cáir idir chách;
    187] le reacht bhinn báithfidh an fuath;
    188] cinn a thuath táithfidh 'n-a thráth.
  52. 189] Caor bhuadha ler tuilleadh toil
    190] ní chluinim, ní chuala, a sdair,
    191] fíor flatha nach fuair a fhuil;
    192] ní fhuil buaidh gan fhatha air.
  53. 193] Iúl fíorghlan le bhfuigthir saoi,
    194] do ríoghadh re gcuingidh Cé
    195] don tréad darbh iomchubhaidh í
    196] céad acht rí ós thiormThulaigh Té.

  54. p.312

  55. 197] Gach annáil dá laoidheadh linn
    198] branáin Gaoidheal druim ar dhruim
    199] a-táid fa Mhál Fine Floinn
    200] 's na Goill as sine i gclár Chuinn.
  56. 201] Mac Brighde fa mbloghthar dair
    202] budh hinmhe an bronnadh do-bheir;
    203] treabh seanAirt ó mhuir go muir
    204] do gheabh fuil Gearailt ór ghein.
  57. 205] Gnáth méin gach con i n-a cuan;
    206] a-tá ag dréim re dol tar sál;
    207] do Rudhroidhe do oir Aodh
    208] craobh chumhraidhe re bhfoil fádh.

    Fogus.