Corpus of Electronic Texts Edition
Fa ngníomhraidh measdar meic ríogh (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)

p.296

GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Fa ngníomhraidh measdar meic ríogh
    2] na bpreabsgor mear taobh re taobh;
    3] fa dheaghsdair na ndeaghmhac ríogh
    4] measdair gníomh na seangshlat saor.
  2. 5] Ní breath as cáir uile d'fhior
    6] ar dhuine fa dháil a shean;
    7] ní fa fhréimh budh dleasda dol;
    8] measda fa mhodh féin gach fear.
  3. 9] Fearr d'fhior a chlú 'n-a chlú mhaith
    10] iná a chrú ós chrú gach neich;
    11] is fearr modha flatha i bhflaith
    12] gidh maith rogha datha ar dhreich.
  4. 13] Feirrde fear dá bhfaghbhadh hí,
    14] gidh eadh nocha n-adhbhar gnaoi
    15] gach ríoghradh ór chin a chré
    16] muna bhé gníomhradh fir faoi.
  5. 17] Fear do-ghéanadh gníomhraidh ghloin
    18] do-ghéanadh míonmhuir don mhuir;
    19] d'fhiodh gan chnú is cnuaisleigheas sin;
    20] clú fir uaisligheas a fhuil.
  6. 21] Fear saor is a bhladh dá bhrath
    22] dá char gion gur caomh a dhreach;
    23] ar ghnúis bhláith do-bhearthar guth;
    24] ní ar chruth cáich bearthar breath.
  7. 25] Áille is feidhm calma re cois
    26] i ndeilbh dhamhna ro budh deis;
    27] a rádh gomadh saor crú a chnis
    28] ní taobh ris as dú ach lámh leis.

  8. p.297

  9. 29] Ag a mheas do-ghéabha ghnaoi
    30] gion gur feas na fréamha ó mbí
    31] gníomh arnaidh madh eadh ro-né
    32] fear gidh bé ar talmhain ó dtí.
  10. 33] Damhna ríoghradh nocha roich
    34] a ngníomhradh chalma do chleith;
    35] d'éis gach ríogh méaraidh a mhaith,
    36] a ghníomh do fhlaith béaraidh breith.
  11. 37] Mac ríogh ó nach rach i bhfad
    38] dá bhrath ar ghníomh a ghlac mbog
    39] tar ceann a dtibhre 's a dtug
    40] rug geall inmhe munar ob.
  12. 41] Mac saoirríogh dá seoltar dán
    42] d'aoinshíol agus Eoghan Mór
    43] ní thig re ré an raimheic ríogh
    44] gníomh ar nar ainic sé an slógh.
  13. 45] Diarmuid Mág Carthaigh Chuain Dor
    46] na sluaigh 'n-a dhaghthaigh ag dul
    47] maith gach triath ann is gidh eadh
    48] gan fhear tar barr gCliach do chur.
  14. 49] Téid a fheidhm do dhearbh gach drong
    50] tar a dheilbh—gá dealbh as fhearr?
    51] uaisleacht a bhfoil d'fhíonfhuil Ghall
    52] ní thall soin dá ghníomhaibh geall.
  15. 53] Báidh leam bhar dteisd ar thuir Chua;
    54] ar chuir dá ceann ní ceisd dó
    55] tar méid mílidh gé théid tú;
    56] sínidh 'gad chlú méid as mhó.
  16. 57] Do rígh gion go rabhtha id mhac
    58] do sgarfá re sín an sioc;
    59] dá measda i n-ágh gníomh do ghlac
    60] cneasda mac ríogh do rádh riot.
  17. 61] Bhar dtuigse ann is bhar n-aoibh,
    62] a chlann Chuirc-se 's a chlann Táil
    63] méin mhaith uaibh-se gé do fhuair
    64] uaidh féin as uaisle flaith Fáil.
  18. 65] Oilill is Corc agus Conn
    66] is don fhoirinn a fholt fann,
    67] Dá Thí Theamhra agus Bé Bhionn;
    68] cré na dTrí bhFionn Eamhna ann.

  19. p.298

  20. 69] Athair a chomhanma chaoin
    70] fachain roBhanbha do réir
    71] Cormac mhac Muireadhaigh mhóir
    72] slat don fhóir fhuineadhaigh fhéil.
  21. 73] Cormac Mór athair an fhir
    74] i gcathaibh níor clódh a sdair;
    75] do dhoirt dream armach a fhuil
    76] i Muigh thamhnach do fheall air.
  22. 77] Giall dá dhaghmhac ro ba dú;
    78] Cormac ó nar chian a lá
    79] ríoghaid fuineadhaigh fear Cua
    80] Ua Muireadhaigh do mhear mná.
  23. 81] Ag coimhdhíoghail Cormaic Mhóir
    82] dá roghlaic shoighníomhaigh shaoir
    83] do thuit foirionn úr le fhéin
    84] ó Fhéil go Dún gcoidhfhionn gCaoin.
  24. 85] Ua fialBhloid gér chabhair cách
    86] Diarmuid aghaidh ar gach iath
    87] níor sguir fa athair a fhíoch
    88] gur chuir díoth ar chathaibh Chliach.
  25. 89] Tug go huathadh iolar sluagh,
    90] a shiobhal fa ruathar ríogh,
    91] do dhíthigh náimhde i ngort ghliadh
    92] gur iadh im Phort Láirge a líon.
  26. 93] Ar síol mBriain do ba beart doirbh
    94] ar dteacht i ngliaidh níor ghníomh meirbh
    95] do chuir im Ghleann Maidhir maidhm
    96] i sbairn fa cheann blaighidh beirn.
  27. 97] Mac Cormaic Mhóir do ghabh greim
    98] ris nar ghabh tóir 'n-a tóir thim;
    99] a rian budh cartha dá chloinn;
    100] riar Goill ní lamhtha re linn.
  28. 101] Mór gclach do claonadh re chois,
    102] mór gcath budh bhaoghal do bhris,
    103] d'aithle thugha gach Ghoill ghlais
    104] budh lais Mumha gan roinn ris.
  29. 105] Ag sin Diarmaid más lór libh
    106] is an Diarmaid Mór nach mair;
    107] rí Breagh trá fa tairm an fhir,
    108] fear ór chin a-tá a ainm air.

  30. p.299

  31. 109] Ionann dáibh arm, ionann gníomh,
    110] ionann tarm áigh, ionann séan,
    111] ionann ainm a n-aithreach saor,
    112] acht gairm na gcraobh dtairtheach dtréan.
  32. 113] Fear é as inDiarmada Mhóir
    114] ar ghné, ar bhinnfhialbhuga, ar bháigh;
    115] a ghníomh san Diarmuid fa dheoidh
    116] agus treoir ríogh fhialbhuig Fháil.
  33. 117] na feadhna ar a bhfoil sliocht
    118] léir soin i n-earla na n-alt,
    119] feidhm na mBrian, laomhdhacht na Lorc,
    120] rian na gCorc, aobhdhacht na nArt.
  34. 121] Gidh uaisle an glan faltúr fial
    122] ó Artúr dána gar a ghaol
    123] méin Éireannach ní holc dhún
    124] fa fholt úr chéimeannach chlaon.
  35. 125] Trí Domhnaill theas im ua dTáil
    126] —i dtreas budh doghraing a ndréim—
    127] trí Toirdhealbhaigh don taoibh thuaidh
    128] mun sduaidh saoir roighreadhnaigh réil.
  36. 129] Dá Chonchobhar, dá Thadhg thall
    130] dá dtard tromthoradh an tonn,
    131] trí Cormaic theas ceann i gceann
    132] im an seang n-orrdhraic ndeas ndonn.
  37. 133] Dá cheinnbhile nar chríon dos,
    134] dá dheirbhfhine an ríogh ó Rus,
    135] sódh na leomhan bhfial ro feas
    136] Eoghan Mór theas, Brian i-bhus.
  38. 137] Airde a chrú is comhardha dhúin
    138] ar chlú na rodhamhna ón fhréimh;
    139] ní bhí ar mearughadh é uaim;
    140] fuair sé a mheadhughadh dá mhéin.
  39. 141] Méin an chomhanma ór chin sé
    142] sa rodhamhna a Tigh Dá Thí
    143] —fa gein bhuadha oile é—
    144] is é as ghloine ad-chuala i gclí.
  40. 145] A thréidhe i nDiarmaid as dluigh
    146] —fa réidhe thiaghmaid 'n-a thoigh,
    147] réidh an céidDiarmuid ór chin—
    148] fan gcéibh dtigh ngéigfhiarbhuig ngloin.

  41. p.300

  42. 149] Mac mheic Domhnaill athlaimh Óig
    150] ris nach gabhthair radhruim róid
    151] 's a chaomhchrú do chin mun ngéig
    152] fa aonchlú acht méid an fhir óig.
  43. 153] Casnaidh báidhe gidh bé dhíbh;
    154] áille ná gach cré an dá chraoibh;
    155] geall fhir dá chéile níor cháir
    156] do dhá chéile cláir ghil ghaoil.
  44. 157] An té aca as aithnid dhamh
    158] nocha bhfaca a aithghin d'fhior;
    159] ós ag luadh saorchlann a sean
    160] sduadh Bhreagh an t-aonchrann ós fhiodh.
  45. 161] Ó do-chóidh comhainm an laoich
    162] —níor chomhainm ris nach cóir tnúith—
    163] gan fhear gcoimhghníomha an fhéil áith
    164] fa chéibh dtláith ndoinnmhíolla ndlúith.
  46. 165] Rí ó theaghlach ar a mbia bladh
    166] lia Teamhrach Dá Thí a theagh;
    167] uathadh a ghlóir a fhiú d'fhior;
    168] "is liú sriobh iná Bóinn Bhreagh."
  47. 169] Ní hionann rí is Diarmaid díbh,
    170] ní ó Dhiarmaid dá gach dháimh;
    171] "ní meadh mínleach agus móin"
    172] fírbhreath as cóir ar fear bhFáil.
  48. 173] Is é tarbhdhamh thuairfeas ghnaoi;
    174] adhnadh a nuaichleas do-ní;
    175] ní samhalta re cruth a chré;
    176] is é an sruth rabharta an rí.
  49. 177] Is é an bile ós chronn chuir;
    178] fonn a chridhe nachar cheil;
    179] is é an fíon dearg ós gach dhigh;
    180] ceard gach fhir do dhíol a-deir.
  50. 181] Is é géag dhean as doirbh ngleac;
    182] ar theagh séad ní soirbh a lot;
    183] is é ar mbunadh bói-ne 's brat,
    184] mac Móire agus curadh Crot.
  51. 185] Fríoth Solamh dá char i gclí;
    186] an damh i n-a rodhamh Ré;
    187] giolla a hoirear bhraonghlan Bhaoi
    188] mar laoghdhamh naoi n-oigheadh é.

  52. p.301

  53. 189] Gan síoth meabhla 'gun fhial ard
    190] do dhíoth feadhna dá mbiadh borb;
    191] an sruth as mhó is moille fearg
    192] ní dearg i ló coinne a cholg.
  54. 193] Ar fhios mheic mheic Domhnaill dún
    194] do badh doghraing gleic re ghníomh
    195] feilm chathardha 'n-a dá clár
    196] ó fheidhm lámh rachalma an ríogh.
  55. 197] A lámh dheas re díoth gach laoich,
    198] lámh nar fríoth i dtreas go tláith,
    199] lámh chlé re congmháil a sgéith
    200] is é i gcléith re corrgháibh cháich.
  56. 201] Cóir do chách a chíos dá chionn;
    202] is gnáth bhíos idir bhróin reann
    203] a ghlac roigheal chaomh fa chrann
    204] barr saor a throigheadh re teann.
  57. 205] Mac Cormaic béilgheabhaidh beirn
    206] le a chorrshlait ngéirleabhair nguirm;
    207] téid tar feartais mara ag maidhm
    208] re baidhbh ndearcglais Bragha Boidhbh.
  58. 209] Fear dá thoigh ag tarraing deoch
    210] a gallaing is a groigh each;
    211] mar leagar bréid longa ar loch
    212] tonna ar dhá roth théid 'n-a theach.
  59. 213] Deoch le bhfalchair gile a ghruadh
    214] d'Ú Charthaigh 's a hibhe a hór;
    215] badh dearg gruaidhlearg gnúise an ríogh
    216] re a crúi-se ó fhíon fhuairdhearg d'ól.
  60. 217] Ríoghdhámhna ar nach céaltar clú
    218] féaghtar tre mhíonabhra mhná;
    219] ní cian uadh an t-ainm as mhó
    220] a ghairm dhó is dá thuar a-tá.
  61. 221] Diarmuid Cliach, cara na ndámh,
    222] ar dtriath is ar ragha ríogh,
    223] ní d'fhaghbháil teasda gan tuar
    224] measda sduadh Ghabhráin fa ghníomh.

    Fá ngíomhraidh.