Corpus of Electronic Texts Edition
Do Fhlaithrí Ó Maoil Chonaire (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)
  1. 1] Éisd rem egnach, a fhir ghráidh;
    2] is tús damh ó Dhia an domhnáin
    3] i ndiamhair le dlús guidhe
    4] iarraidh ar tús trócuire.
  2. 5] Tug an toice re haimsir
    6] druim riom san chrích Chonaill-sin;
    7] im aghaidh is ionnsa í;
    8] liom-sa labhair, a Fhlaithrí.
  3. 9] Do choilleas onóir mh'anma
    10] 's mo bhuar's mo lucht leanamhna
    11] 's mo dhúthchas gidh dál pudhair
    12] i glár chlúm-chas Chonchubahair.
  4. 13] Fás slios agam re hathaidh
    14] d'easbhaidh shíl Chuinn Chéadchathaigh;
    15] am slat chroimcheannach re headh
    16] i ngoirmtheallach mac Míleadh.
  5. 17] A chara—ós dá chasaoid ruibh—
    18] Goill dom athchur 's dom arguin
    19] rom thug go Labháin tar linn;
    20] rug a hanáil óm intinn.

  6. p.118

  7. 21] Ainm uasal san Eoruip ort,
    22] tú airdeasbag Chláir Chonnocht;
    23] déana báidh is robháidh rinn;
    24] is cáir dot onáir mh'fhaithchill.
  8. 25] Ní maith mo dhóigh, a dhearc mhall,
    26] díoth toice má tug oram
    27] teacht ó chaithÉirne an chlúimh thruim,
    28] súil re haithéirghe aguinn.
  9. 29] An bláth chuireas an choill di
    30] tig a ionnshamhail uirthe;
    31] re ndul dúinn go cathmhúr gCuinn
    32] súil ris an athchlúmh aguinn.
  10. 33] Tig teas iomarcach d'éis reoidh;
    34] glanaidh grian i ndiaidh duibhneoil;
    35] fásaidh slios ré ar n-a raghuin;
    36] gá fios nach é mh'ionnshamhail.
  11. 37] Cuirfe as mo chroidhe a chumhga;
    38] a-tá iomad th'ealadhna
    39] 's do rífhreamha dom reic ribh,
    40] a mheic fhíréanna Fhíthil.
  12. 41] Maine mac Néill, Niall féin,
    42] Eochaidh Muighmheadhón maoithréidh,
    43] drong Fuineadhach nar bh'olc n-áigh.
    44] 's Muireadhach ort dom fhuráil.
  13. 45] Fiacha Sraibhthine, súil ghlas,
    46] Cairbre Lifeachair lúthbhras,
    47] agus Cormac dom char ort,
    48] donnghlac nachar ghabh guasocht.

  14. p.119

  15. 49] Art Éinfhear, Conn na gcéad gcath,
    50] Féilim Reachtmhar rí Teamhrach,
    51] is Tuathal dom fhuráil ort,
    52] a bhranáin Chruachan Connocht.
  16. 53] Biaidh a bhfuil ó Thuathal thiar
    54] go hÉireamhón ar éinrian
    55] ag labhairt leam ais re hais,
    56] a cheann adhairt gach eolais.
  17. 57] Dlighe ó chrú Chormaic mheic Airt,
    58] 's ód ghairm onóraigh orrdhairc,
    59] is ót sheanathair láimh linn
    60] báidh ret ealathain inghill.
  18. 61] Do sheanathair san aois óig
    62] do chuir geall—dar ghar urchóid—
    63] fa dhán re hadhbhar eile
    64] glár far hadhnadh oirbhire.
  19. 65] An uair-sin ó thír do thír
    66] do-chuaidh Muirgheas mhac Paidín
    67] a-nonn i gceann mo chinidh,
    68] drong ór fhearr a fhóiridhin.
  20. 69] Tug m'aicme ann sin láimh do láimh
    70] le Muirgheas do mhuin roghráidh
    71] cuairt cheiníl go Cruachain gCuinn
    72] ó thuathaibh Ceiníl Chonuill.
  21. 73] Rug mh'aicmei-se—iúl go bhfios—
    74] breath san mhórdháil le Muirgheas
    75] an uair-sin féin druim ar druim
    76] —céim do uaisligh a fhoghluim.

  22. p.120

  23. 77] Ris an bhfine dá bhfuil sionn
    78] mac Paidín oide Éirionn
    79] ceangal síor ó soin i-le
    80] ag a síol i Moigh Mheidhbhe.
  24. 81] Sliocht Eoghain Mhóir Mheic an Bhaird,
    82] sliocht Muirghis ón mBúill mbraonaird,
    83] fa mhóid gráidh shíordhuidhe ó shoin
    84] tar dáimh fhíonMhuighe Fhionntain.
  25. 85] A airdeasbaig fhóid Aidhne
    86] mar chairt ar ar gconnailbhe
    87] —ní cóir blagh do dhul di-se—
    88] an i mbun na báidhei-se.
  26. 89] A mheic Fhíthil, adhair dhi
    90] baidh ar n-aicmeadh rer-oile;
    91] buail séala ar mh'annsa as a hucht
    92] déana dhamh-sa do dhúthrocht.
  27. 93] Ag sin an pháirt 'n-a páirt te
    94] cuir a hucht ar dá n-aicme,
    95] a ghéag abhla ó Thoigh Dhá Thí,
    96] do thoil led labhra, a Fhlaithrí.
  28. 97] A mheic Onóra éisd rinn
    98] gé táim ann nochan fhuilim;
    99] ó theasda mh'ana éisd mh'uch;
    100] a chara éisd rem éagnach.

  29. p.121

  30. 101] Sir síoth dhamh ar dhaonnacht Dé
    102] gion go ndearnas a dheighréir
    103] rem ré san bheathaidh i-bhus,
    104] a Pheadair, éisd rem éagnach.
  31. Éisd.