Corpus of Electronic Texts Edition
Éireannaigh féin fionnLochlannaigh (Author: Fear Flatha Ó Gnímh)
p.290
FEAR FLATHA Ó GNÍMH cct.
- 1] Éireannaigh féin fionnLochlannaigh
2] dá bhfréimh ó na finnghealChollaibh,
3] an fheadhain shaor shuilbhearchonnail
4] nar thaobh Eamhain innbhearthonnaigh.
- 5] Aicme ad-roigh re robhuanaimsir
6] tar moir ngoilthe ngoibhéilinnsigh,
7] lucht sealbha na seinÉireann-soin
8] ó Ghurt Eamhna oiléininnsigh.
- 9] Triallaid tar cuan gcormbogabaigh
10] sluagh dá bhfianaibh formaideagair
11] do ládh druim gér dhearmadobair
12] le clár Cuinn far chomhraigeadair.
- 13] Dronga go gcéill chomhairleimhir
14] do fhréimh Cholla chridhiorghalaigh
15] ó shoin um fhád n-oirearMhonaidh
16] a-tád thoir 'n-a dtighearnadhaibh.
- 17] Ré cian fa chuing fhéinnidheachta
18] ó fhiadh Fhloinn don leomhainealta
19] deighsheal raith an ríoghoireachta;
20] maith deireadh na deoraidheachta.
p.291
- 21] Tír dúthaigh chláir
chríchfhionnMhonaidh
22] dháibh níor dhúthaigh
mhátharbhunaidh;
23] fan tír fhoirbhthe fhéithinnbhearaigh
24] díbh níor ghoirthe achd
gnáthAllmhuraigh.
- 25] Fillid díobh táin tromthuinighthe
26] go Tír bhFáil na fearchoinshirthe
27] do léim tar fhál n-anfadhaithbhe
28] i gClár Néill is neamhchoimhighthe.
- 29] Gasraidh do dhruim dúthrachttogha
30] tar tuinn anfaidh áithneartmhara
31] fád Dá Thí ar tí a
luathrochtana
32] 's a-tád ar tí a tháirtheachtana.
- 33] Banbha Chuinn badh críochcoganta
34] do dhruim fhaghla 's éachtaigeanta
35] sirthe ón bannbhras bárccuideachta
36] adhnas crithre a gcéadchaigealta.
- 37] Críoch réidh maicne mearRudhraidhe
38] fan aicme ós fhéin bhfionnAlmhaine
39] don eing cheathraigh cheallainglidhe
40] beanfaidh greim na giollanraidhe.
- 41] Mo chean báighfhir beoighleacacha,
42] fir go bhfáinnibh órshlatacha,
43] drong gan sháir gan shaoibhfhreiteacha
44] do sháidh sonn a sróllbhratacha.
- 45] Caor shlóigh don fhréimh
ríoDhomhnallaigh
46] nach dóigh dréim re a
ndírimdhreamaibh
47] do shín i-le i léibheannlongaibh
48] gus an dtír dte dtírimghleannaigh.
- 49] Ceann brughadh is breitheamhmaicne,
50] ceann na gcuradh gcaithinnilte,
51] ceann riaghla agus rochomairce,
52] fearr ón Iarla an aithimirce.
- 53] Éan d'ealta na heoMhodhairne
54] do fhéagh reampa a
róimhfhleidhinmhe
55] mac Máire mac saorShomhairle
56] slat fháinne dar n-óiridhibh-ne.
- 57] Cú do-chóidh ós chuainfhear-
chonaibh,
58] ar gcnú óir ar n-aonaithmheadhair,
59] Raghnall griangha an Ghaoidhilchinidh
60] Iarla garmann ngaolaithreamhail.
p.292
- 61] Bláth cnó ar dteachta ó
thréanCholladhaibh
62] ní dhearca a chló ar chaorthandoraigh;
63] do-chuas ler gcéir lóchrannamhail
64] céim suas tar na saorchlannadhaibh.
- 65] Sruth mion ní meadh d'iomuislinnidh;
66] d'fhior Bhreagh ní bhean tomhaschomaidh;
67] ré do só tar soluisreannaibh
68] is é a chló ós chomhursannaibh.
- 69] Do sgaoil d'fhádh snaidhm seantarngaireadh;
70] lán dá ainm an Fhionntanmhaighean;
71] gidh bé ad-cheadh a chointinnmheadhair
72] fear is é ná hionntamhlaigheadh.
- 73] Tugar pár mín meamramrulla
74] ón rígh do rádh tingheallranna
75] lá garma i gceann coimhdhioghluma
76] Gleann Arma agus innbhearBhanna.
- 77] Dún libhse na leathanghormmagh
78] múr nach brisfe brathairminnleadh
79] gan gheis ann dá athoirbhearnadh
80] a-nall leis is Lathairninnbhear.
- 81] Beantar smuais faoi 's fearainnfhiadhuil,
82] gach sgaoi cnuais do chrobhuingéirigh,
83] tug burba ar bhóid neamhaindeonuigh,
84] róid chumhga do chonuirréidhigh.
- 85] Lán arbha i ngach iothlannchuilidh
86] fa chlár n-Arma n-eathbhairrshleamhain;
87] tug tír d'or ar eachradhghroighibh
88] sgor síl ar na seanchaibhdheanaibh.
- 89] Sgotha cnuais 'n-a gcoillfhiarghobhlaibh
90] srotha um Bhuais do bheangáingheimhligh;
91] bric chorcra ar taoi a dtiománghoibhngidh
92] gach laoi ar dtochta a dteannáilgheimhridh.
- 93] Dreach úr shéimh mar shomplaichrithre
94] don fhréimh gan rún gconntarchaithmhe;
95] tonn do líon do lonntorchairthe
96] síol na gConn gcomparchairthe.
- 97] Múr seang aige 's aontachosmhail
98] le Dún na reann réaltachobhsaidh;
99] mar tá sonn mí Mártaitheasbhaigh
100] do bhí fan gConn gCéadchathach-sain.
p.293
- 101] Glóir na gcuach níor chaomhchoraighe
102] ó Bhóinn go bruach saorthoraighe,
103] níor ghairde an mhaith mhórthoghaidhe
104] i bhflaith Chairbre 's caomhChonaire.
- 105] Gach ceall i bhfuair áladhdoirse
106] uaidh as fhearr a haoileagair-se;
107] searc gach baothmhná brághadshoillse
108] ní chlaochlá neart naoimheagailse.
- 109] Sine cóir síl seinFhéidhlimidh
110] ar an mBóinn mín mainéirreannaigh;
111] aoighe thall í i n-oiléineangaib
112] an chlann do bhí ag bainÉireannaigh.Éireannaig.