Corpus of Electronic Texts Edition
Each gan aradhain an fhearg (Author: Maol Sheachluinn na n-Uirsgéal Ó hUiginn)

p.286

MAOL SHEACHLUINN NA n-UIRSGÉAL Ó hUIGINN cct.
  1. 1] Each gan aradhain an fhearg
    2] do-ní—ghá deacra díbhearg—
    3] ag breith chéime ar a conair
    4] déine eich gan arodhain.
  2. 5] Each gan aradhain uirre
    6] déine ná rioth réalluinne;
    7] deirge ná drithle gan smál
    8] crithre na feirge ar bhfadádh.
  3. 9] Ionann a n-airdheanna sin
    10] —ní horam-sa nar imthigh—
    11] neach nach gabhann ar a ghuth
    12] each ga mbloghann a béalbhach.
  4. 13] Fearg ar bhfagháil a sboraidh
    14] mar bhíos each gan arodhain
    15] tarla rinn 'n-a tonnghoil te
    16] sinn ag comhghoil re chéile.

  5. p.287

  6. 17] A mheic Raghnailte, a rún ban,
    18] tu-sa a-deirim dá déanamh
    19] gan fheacadh ó aonghuth dhí
    20] an eatal fhaobhrach fheirge.
  7. 21] Gidh meise féin ní fríoth ann
    22] locadh aonfhocail agam;
    23] níor loc mé mian mo theangadh;
    24] a srian lé do léigeamar.
  8. 25] Níor thógbhais do shúil ó shin
    26] riom, a Bhriain Í Bhriain Luighnigh;
    27] ní cara an tí dá dtabhar
    28] fala agus í ar n-arsaghadh.
  9. 29] Do thréigis an béas bunaidh
    30] riom-sa, a rí Ó gConchubhair,
    31] an fhearg ní luaithe leat-sa
    32] ná ag searg uaithe t'aigneadh-sa.
  10. 33] Cosmhail re Coin na hEamhna,
    34] a Bhriain, a bhláth fhíneamhna,
    35] do thonn fheirge i ngoire ghliadh
    36] 's do cheirde oile ar aoinrian.
  11. 37] Mar nach faghadh Cú an chleasraigh
    38] díol a fheirge d'imreasnaibh
    39] níor bh'iontaoibh cách ris an gCoin
    40] i dtráth iompaoidh ó éachtaibh.
  12. 41] Laithe do-chuaidh do chur threas
    42] nach fuair a fhóirithin d'áitheas
    43] dá dtug mire chatha an Chon
    44] cridhe na flatha ar bhfiuchadh.
  13. 45] Don fheirg do-chuaidh 'n-a chridhe
    46] Cú Chulainn cúis deibhthire;
    47] do hadhnadh a fhuil 's a fheoil
    48] go bhfuil 'n-a adhbhar uirsgeoil.
  14. 49] An lá-soin ar lasadh dhi
    50] do-rinneadh inntleacht uirre
    51] as ar chosmhail a searg soin
    52] fearg na Con-sain an chleasraigh.
  15. 53] Trí dabhcha—dia do thuigse—
    54] do líonadh ann d'fhíoruisge
    55] dá chur i ngach dabhaigh dhíbh
    56] do chabhair Chon an chleitin.

  16. p.288

  17. 57] An chéaddabhach uisge fhuair
    58] i ndeachaidh—díochra an anbhuain—
    59] do bhí an soidheach thall go te
    60] 's do choimhfhioch ann an t-uisge.
  18. 61] An dara dabhach dhíobh soin
    62] mar do fhothraig Cú an chleasroigh
    63] a chneas ar fud an uisge
    64] do-ug an teas tánaisde.
  19. 65] An treas dabhach—dia do rath—
    66] mar do toirneadh a theasbhach
    67] d'aithle na dtrí gcuairt do chur
    68] do bhí gan fhuacht gan fhiuchadh.
  20. 69] Cú Chuluinn an chrotha ghloin
    70] táinig as na trí dabhchaibh
    71] d'éis a fheirge do dhul de
    72] mar sgur leirge dá luisne.
  21. 73] Ar lorg an chleasa chéadna,
    74] a Bhriain na mbreath bhfíréanda,
    75] do-ní sinn suaimhneach i-se
    76] do linn uaibhreach fheirgei-se.
  22. 77] Na trí dabhcha a-dubhairt mé
    78] do cumadh do chosg fheirge
    79] —cóir teann as a soighníomh sin—
    80] a gcoimhlíon leam do laoidhibh.
  23. 81] Do thoradh mo thrí laoidheadh
    82] do chionn t-each is t'iolmhaoineadh
    83] gidh bé a-dearam red ghruaidh ngil,
    84] fuair mé t'fhearann i n-aisgidh.
  24. 85] Dá mbeinn dod chur i gciontaibh,
    86] a Bhriainmheic mheic Muircheartaigh,
    87] cionntaighe sinn iná sibh;
    88] ar gciontai-ne linn léigidh.
  25. 89] Gach aonuair, a ucht mar thuinn,
    90] dar fhás imreasan eadruinn
    91] gér neimhneach inn it aghaidh
    92] neimhdhrioch rinn do rónabhair.
  26. 93] As an gcloich, a chroidhe the,
    94] re síorbhualadh tig teine;
    95] rer gceird-ne do samhladh sin
    96] ag adhnadh t'fheirge ar éigin.

  27. p.289

  28. 97] Gá dám acht ní dheachaidh as
    98] gur éirigh, a ucht solas,
    99] fearg nua ret fhilidh oraibh,
    100] a ua cinidh Chonchobhair.
  29. 101] Tig don fheirg-sin leath ar leath
    102] is do chomhairleach Chairbreach
    103] gur cuireadh as ar n-áit inn
    104] cáit a suidheabh dá suidhinn.
  30. 105] Téaghadh na háite uaire
    106] deacair d'fhior na haonuaire
    107] 'n-a dtuilleamh buidhe bídh sinn
    108] gach duine is tír a dtéighim.
  31. 109] Do luach nar léigeabhar dhamh
    110] mo bheith mar bhíos gach deoradh,
    111] a Mhuire nar fhéagh th'oireacht
    112] nach tréan duine ar deoraidheacht.
  32. 113] I n-éagmhais m'fhearainn chairte
    114] nach truagh mé, a mheic Raghnailte,
    115] is do mheic óglách uaibh ann,
    116] a ghruaidh mar ógbhláth n-abhall.
  33. 117] Beir mé im dhúthaigh, a dhreach gheal
    118] —an ní a-déaruinn fa dheireadh;
    119] na tolcha ar ar hoileadh inn
    120] go loigheadh ortha mh'intinn.
  34. 121] Magh Eine na n-inbhear gciúin,
    122] Magh Ceitne na gcuan dtaidhiúir,
    123] cnuic áille ar ar hoileadh mé
    124] oirear mo bháire baoise.
  35. 125] Bun Loinne agus Loch Gile,
    126] Calraighe is Cuan Sligighe,
    127] is iad amhairc budh fhearr linn
    128] mar cheann adhairt fam intinn.
  36. 129] Dá bhfaghainn uaid, a ucht geal,
    130] mo bhreith d'fhéachain na n-oirear
    131] ní bhréagfadh lán súla sinn
    132] do chlár Úna agus Fhéidhlim.
  37. 133] Usa dham gé deirim soin
    134] beith ar do chionn i gCruachain
    135] ó tá ar Chruachain Aoi th'aire,
    136] a bhuachail Chraoi Chonaire.

  38. p.290

  39. 137] Bhar n-oireacht ag éirghe amach
    138] go Magh Inghine Eachach
    139] ní rach síos ó Chruachain Chuinn
    140] 's nach thíos uathaibh do anfuinn.
  40. 141] Carn Fraoich ag feitheamh oraibh
    142] 'n-a ríoghthar clann Choncobhair;
    143] a rí Leamhna, luathaigh ort
    144] 's do mheanma i gCruachain Chonnocht.
  41. 145] Críoch Chonnacht ó Choirrshliabh suas,
    146] a mheic Domhnaill na ndeaghdhuas,
    147] biaidh sin i n-a chéide creach
    148] muna thréige sibh Sligeach.

    Each.