Corpus of Electronic Texts Edition
Duine deighmhisnigh Dái-bhíoth (Author: Domhnall Mac Taidhg Ó Dálaigh)

p.283

DOMHNALL MAC TAIDHG Ó DÁLAIGH cct?
  1. 1] Duine deighmhisnigh Dái-bhíoth;
    2] mór fhuair d'ulc is d'fhíorláindíoth
    3] budh toirrseach le triath oile
    4] fa iath gcoimseach gConaire.

  2. p.284

  3. 5] Mór n-adhbhar ler chuir i gcéill
    6] mac Séamuis nar thuill toibhéim,
    7] pór glainshlisnigh, an mear mín,
    8] ar bhfear daighmhisnigh Dáibhídh.
  4. 9] Do dhoirt Dáibhídh as mhaith modh
    10] a dhóchas i nDia Athar;
    11] do ghlac fírmhisneach nach fann
    12] slat do shídhshlisneach Sagsan.
  5. 13] Do thuig i dtós a aoise
    14] triath Barrach—beart roghaoise—
    15] rosg mear as creachthóir ar chrodh
    16] gur neamhchóir seadh sa saoghal.
  6. 17] Níor ghlac sé ó soin i-le
    18] ró sgíse im sgéal dá dhoilghe
    19] dá mbeath go mothuigh sé sin
    20] acht rothuil Dé do dhéinimh.
  7. 21] An lá do-chluin cúis toirrse
    22] far dhéanta dhó doghoillse
    23] ní feas doimheanma ann air
    24] an mall soidhealbha sochruidh.
  8. 25] Ní faicthear a bhrón go bráth,
    26] ní théid caitheamh 'n-a chonách
    27] marcach gruaidhmhear as ghlan cruth
    28] níor ghabh buaidhreadh an Barrach.
  9. 29] Meinic fhuair-sean fheidhm docrach
    30] troid leathtrom gleo guasachtach,
    31] gidh eadh níor theith, níor thuill guth
    32] go breith gach bhoill don Bharrach.
  10. 33] Iomdha troid 'n-ar toillead lais
    34] clú le misneach mheic Séamais
    35] fir cholgshnasda nach uar ail
    36] do shluagh bhorbghasda an Bharraigh.
  11. 37] Fuair iar n-éag a athar dhil
    38] go lór imshníomha is aisdir
    39] fonn cathardha na síodh sean
    40] ag díon athardha a aithreadh.
  12. 41] Tugsad aighthe i n-aoinfheacht air
    42] Goill is Gaoidhil Ghuirt Fhionntain
    43] fear séimh nach sochlaointe brígh
    44] an réidh dochlaoidhte Dái-bhídh.

  13. p.285

  14. 45] Do chuirsead Goill—is é a fhíor—
    46] le neart neimhdheoin Dái- bhíodh
    47] sduaidh chneasaolta go ngné ghloin
    48] i n-easaonta é orthaibh.
  15. 49] Nó gur bh'éigean dó fa dheoidh
    50] dul 'n-a n-aghaidh dá aindeoin
    51] a bheith umhal do b'é a rún
    52] go ré an churadh do chlaochlúdh.
  16. 53] Rug air—is ní hé do thuill—
    54] d'fhoirneart is d'iomad leathtruim
    55] aigneadh sídhe múinte mear
    56] cúirte a thíre gur thréig-sean.
  17. 57] An ló nar ghabhsadar Goill
    58] úmhlacht mo chéile chumoinn
    59] téid ar dhíon an déadbhláith dil;
    60] ní gníomh éadtláith do fhoillsigh.
  18. 61] Ní toirrse, ní trom lighe,
    62] ní meathtacht, ní meirtnighe
    63] do ghlac an ghéag fheardha fhir,
    64] acht méad meanma is misnigh.
  19. 65] Gairid dó 'n-a dheaghaidh sin
    66] go bhfuair sé ar son a mhisnigh
    67] fógra síothchána sluaigh Gall
    68] gruaidh fhíochdhána nach anbhfann.
  20. 69] Aoincheann Barrach na mbreath séimh
    70] beirthear leis—lán do dheighchéill—
    71] cuairt aithghearr le bhfuair a thoil
    72] go baincheann sluaigh na Sacsan.
  21. 73] Fríoth leis aiseag a fhola;
    74] fuair Dái-bhídh dreach neamhdhona
    75] gnúis fheardha ar nar braitheadh béim
    76] maitheadh a ndearna doi-séin.
  22. 77] Ní fhuil aonfhód tiar ná toir
    78] ná cíos i gcairt an Bharraigh
    79] nar fríoth le grásaibh Dé dhó
    80] rer chásaigh é fan am-sa.
  23. 81] Do budh mó sa chách a chion
    82] ar ndol Dái-bhídh fa dheireadh
    83] ruire suairc nach saoibhthim gus
    84] ar cuairt go saoirching Séamus.

  24. p.286

  25. 85] Neimhiongnadh—dia do rath—
    86] roimhisneach Bhíocont Barrach
    87] 's nach fuil díobh obar nar fhéag
    88] síodh nó cogadh do choimhéad.
  26. 89] Mar an gcéadna a chéile dil
    90] Oiléan óg aigneadh suilbhir
    91] gruaidh soidheargtha as séimh breath
    92] doimheallta a méin 's a misneach.
  27. 93] Níor chuir-se i gcéill do neach
    94] go mbíodh cás trom ná tuirrseach
    95] ná anbhuain ar a gnúis ghloin
    96] fá chúis amhluaidh dá bhfaghaibh.
  28. 97] Inghean Dái-bhídh—Dia dá díon—
    98] maith chongbhas aithne an Airdríogh;
    99] ní thuillfe ar neamh diúltadh dhi
    100] bean leis nach diúltar duine.

    Duine.