Corpus of Electronic Texts Edition
Do thuit meirge catha Cuinn (Author: Unknown)

p.279

  1. 1] Do thuit meirge catha Cuinn
    2] a-rís—ní rádh gan fhochuinn—
    3] gé fuair soin a rádh roimhe
    4] san ágh ar Mhoigh Mucroimhe.
  2. 5] Cóir a-rís a fhriotal sin
    6] a ndubhairt draoi Airt Éinfhir
    7] comhrádh truagh a haithle Airt
    8] ar Chairthe an Druadh a-dubhairt.
  3. 9] A-dubhairt mar a-deir sinn
    10] "meirge ó gCuinn do-chiú ar dtuitim"
    11] an dá sgéal do sgailt croidhe
    12] léan Airt is ar n-orchrai-ne.
  4. 13] Art gémadh adhbhar toirse
    14] fa ríor ní hé m'fhochoinn-se;
    15] ní chuir sinn i gcás chumhaidh
    16] go bás chinn Ó gConchubhair.
  5. 17] Tug ar n-anbhuain 's ar n-olc féin
    18] a ndubhairt—dia do mhíchéill—
    19] go bhfoil im chridhe a chumha
    20] an file ar Mhóigh Mucrumha.

  6. p.280

  7. 21] Dá thurnamh tháinig an n-olc
    22] meirge marcraidhe Connocht;
    23] ó a thuitim ní bhíd ar bun;
    24] dá dtuitinn is tríd thiocfadh.
  8. 25] Re hucht a thrialla i dTeamhraigh
    26] móide um mharbhadh Thoirdhealbhaigh
    27] far gcaraid-ne mo chumha
    28] anaibghe na heasbudha.
  9. 29] Do b'aidhbhseach adhbhar ar neirt
    30] go bhfuair an t-easgar oirrdheirc
    31] clann Luirc 's a dteachta dá thaigh
    32] ar dteachta a chuirp san chomhraidh.
  10. 33] I gcaladh Bearbha do bhiadh
    34] i gcoinne re cath Gailian;
    35] dá maradh ar n-a mhárach
    36] do budh caladh conghárach.
  11. 37] Do toirmisgeadh—truagh an cion—
    38] le síol Néill ar n-a-noirthear
    39] a choinne fa Chaol nUisge;
    40] do-roinne taom tubuisde.
  12. 41] Mac Aodha, nar éar dámha
    42] suil fríoth fios a theasdála,
    43] i ndiaidh a thóroimhe tig
    44] Ó Briain Bóroimhe i mbráighid.
  13. 45] Mac meic Toirdhealbhaigh—truagh linn—
    46] do bhí—níor bheag an inntinn—
    47] gion go raibhe i ndán da-san
    48] ar Thrágh mBaile a bhárda-san.
  14. 49] Dá ghaol féin—ní fiadhach gar—
    50] nach truagh an treabhadh meanman?
    51] dá lár do lingeadh an Traoi
    52] dá milleadh d'ágh i n-aonlaoi.
  15. 53] Is leo torchair—truagh an béad—
    54] an dream dar chóir a choimhéad;
    55] ní cóir gan chuimhne ar Chadaigh
    56] duilghe dhóibh a ndearnadair.
  16. 57] A fhine ann gan fhuireach
    58] mar budh cineadh comhuidheach
    59] téid ar bhfaicsin na faille
    60] go géig n-aisdrigh nEochaille.

  17. p.281

  18. 61] Do ráidhsead ar gcur chuige
    62] tre bheith beagán sochruide
    63] 'n-a aonar go raibh a-rís
    64] baoghal air nochan fhuighdís.
  19. 65] Téid neach dá náimhdibh bunaidh
    66] aca i gcoinne Í Chonchubhair;
    67] gonais an tuir ó Chluain Caoin
    68] —ní guin do-chuaidh gan chomaoin.
  20. 69] Fa goire bás dá bhiodhbhaidh
    70] gér luaithe lot Toirdhealbhaigh;
    71] do bhí sé 'n-a chosair chró
    72] 's ní hé an rí ar tosaigh theasdó.
  21. 73] Guin ó gach aoinfhear do fhuair
    74] dá dtigeadh—trom an anbhuain;
    75] do rad an rí goin fa ghoin
    76] an fad do bhí 'n-a bheathoidh.
  22. 77] Ar dtuitim dá thaobh mar chailc
    78] gion gur bh'é a dhíol do dhíoghailt
    79] do bhí a bhiodhbha bonn ar bhonn
    80] is rí Cliodhna san chomhlonn.
  23. 81] Níor fhulaing laoch Locha an Sgáil
    82] aithris marbhtha meic Damháin;
    83] ní fhuair an dream é i n-asgaidh
    84] ceann a ré gé rángasdair.
  24. 85] A loit is lór do phudhair
    86] tír cháigh ar n-Ó gConchub- hair;
    87] dá chlannmhaicne is é do fhuair
    88] ré a adhlaicthe go n-anbhuain.
  25. 89] Fear do mharbhtha, a mheic Aodha,
    90] tar éis maoidhte an mhíothaoma
    91] níor fhéad as do dhearnoinn deis
    92] an seanloinn ndéad far dhúinis.
  26. 93] Mac Subhaltaigh is mar sin
    94] a bhas fa cheann a chloidhimh
    95] gan dol fa a dhéis do dhuine
    96] d'éis na Con 'n-a chróluighe.
  27. 97] Níor beanadh a bais na Con
    98] le marcraidh Meidhbhe Cruachan
    99] sealbh a dhornchla re trí thráth;
    100] do bhí ortha 'n-a ursgáth.

  28. p.282

  29. 101] Gur cumadh—is cúis truaighe—
    102] cealg ar Choin na Craobhruaidhe
    103] mar budh beo corp an churadh
    104] gan tocht leo dá lámhughadh.
  30. 105] "Éan" ar cách—ní cleasradh beag
    106] —is í cealg ar ar chinnsead—
    107] "níor ghabh riamh ós cionn na Con
    108] nach biadh i ngioll dá ghábhodh."
  31. 109] Clann Cailitín—cleas neimhe—
    110] ós cionn chéile Eimhire
    111] dá fhéaghain an beo do bhí
    112] na n-éanaibh leo do leigthí.
  32. 113] Ingheana an druadh i ndeilbh éan
    114] do dhul idir é is ai-éar
    115] Cú Chulainn, gidh bé do bhraith,
    116] do fhulaing é don éanlaith.
  33. 117] As do haithneadh a éag soin
    118] aonmhac inghine Cathbhoidh
    119] mar nar ghoill cleas an chleitín
    120] san treas ar chloinn Chailitín.
  34. 121] Meadhbh mar do maoidheadh an bás
    122] dírim laoch—fa lór d'uathbhás—
    123] do Leath Mogha do mheall sin
    124] dá gcora ar ceann an chloidhimh.
  35. 125] Do b'é iomthús a ndála
    126] tríocha laoch gan leathlámha
    127] do-chuaidh don laochroidh ón loinn
    128] gan bhuain re caoimhChoin gCuloinn.
  36. 129] Fágbhaid mar sin—samhail cháir—
    130] do loinn mbuadha id bhais ghéagbháin
    131] lucht doirtthe t'fhala i n-iorghail
    132] —mana a dtoitme, a Thoirdhiolbhaigh.
  37. 133] Faobhar do loinne id láimh dheis
    134] dóigh go ndiongnadh a aithris
    135] —meisde a ngeall dá seachna sin—
    136] dá ndeachtha ar cheann an chloidhimh.
  38. 137] D'iomarchaidh an fhir roimhe
    138] do lann, a laoich Bóroimhe,
    139] gá dtú acht do leigeadh id láimh
    140] gé do creideadh thú ar dteasdáil.

  39. p.283

  40. 141] Ag cosnamh an chuilg neimhe
    142] dhuit i ndeireadh aimsire
    143] gan neart iomromha id ghlaic ghil
    144] sbraic na hiomghona it aighidh.
  41. 145] Ar ndul d'éag ní dheachaidh dhe
    146] an ghráin do gabhadh roimhe;
    147] do-chuaidh le laoch Locha an Sguir
    148] a fhraoch catha san chomhroidh.
  42. 149] Ioth an talmhan ar ar thuit
    150] do-chuaidh uain-ne 'n-a éaruic
    151] ó do shúigh fuil na flatha
    152] an úir fhuil mar fhiadhracha.
  43. 153] Don chumhaidh is cneasda sin
    154] a beith mar bhias a dainimh;
    155] a-tá toil cháigh le a chaoinimh
    156] le a bhfoil dháibh do dhomhaoinibh.
  44. 157] Ar mo thoirse ní théid faill,
    158] mar sin fuaras a fochainn;
    159] meabhaidh ar mo ghuth ón ghol
    160] —uch ní le meadhaibh múchtor!
  45. 161] Meisde bhím tre bhile Ó gCuinn
    162] ar mh'osnaidh an uair ghabhuim
    163] gidh mé as toirsighe dá thocht;
    164] ar dtoirsei-ne is é mh'annsocht.
  46. 165] Beag do shíol Chuinn dá chumhaidh
    166] oidhre chloinne Conchubhair
    167] nar thruaill fíoch agus falta;
    168] dá dhíoth do-chuaidh Connachda.

    Do thuit.