Corpus of Electronic Texts Edition
Doirbh don chéidsheal cinneamhuin tairngeartaigh (Author: Gofraidh Mac Briain Mac an Bhaird)
p.266
GOFRAIDH MAC BRIAIN MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Doirbh don chéidsheal cinneamhuin tairngeartaigh;
2] indearaidh d'airmbeartaibh a héigean
d'fheadhmfhortail;
3] fiu a heire éara dá hilreachtaibh
4] dá minleantair fréamha a neimhe go a
neamhdhocruibh.
- 5] Deacair snámh an anfaidh iodhlannaigh;
6] tarthair dá hiodhlannuibh dán gach doirbh-
iomaidh;
7] iomdha i ndiaidh na toice do theadhmannaibh
8] do chiaigh mhearbhallaigh nach croidthe dá
coimhleangaibh.
- 9] Rian tairngeartaigh gémadh tál roimheanma
10] doidheaghla re a lán d'airmbeartaibh oiliomdha;
11] dá measdar fádha ratha gach rodhamhna
12] is comhardha tacha a ndála doigheamla.
- 13] Dál ríghe go roichthir 'n-a hinmhighe
14] timdhibhe díne i ndoighthibh a doirbhneimhe;
15] mór dar dhearbh doghruing a furnaidhe,
16] gidh Rudhraidhe Ó Domhnaill do dhearbh a
doinmhighe;
17] ní theasda uaidh é dá hamhghoire
18] tarngoire a bhfuair sé dá soinmhighe.
- 19] A ghairm Iarla fan iothmhuigh n-Eamhna-sa
20] griangha Bearnasa ioma bhfiochthair folfhrasa
21] do ibh do ghuaisibh na garma-sa
22] an t-uai-sin Maghnasa digh ndomlasa.
- 23] Suil tháireas gus a-noise a-nallamhain
24] loise mhallshubhaigh a háineas 'n-a hiomairibh
25] iomdha d'fhairbrígh a holc n-indearaidh
26] do nocht an chinneamhain d'airdrígh fhionnOiligh.
- 27] Do throighibh do thomhais a haobhdhocra
28] soighin mhaordhachta fhorais na hiarlachta;
29] níor bh'fharáil 's a bhfuair dá
fírdheacra
30] do sduaidh ríghbhearta d'agháil a
hiarmarta.
p.267
- 31] Do b'iad fádha a ratha 'n-a ríodhamhna
32] dála sníomholla catha chianfhoghla,
33] drud re roibhthibh, cúilte cróbhodhbhdha,
34] dúinte sróllamhla i bhfoithribh fiad-
hamhla,
35] tar a shúile gan oba ó éiniomdha
36] troda géiriomdha fúin-ne i bhFianadhbha.
- 37] Fa meinic i dtruaill earnaigh
áitheamhdhlúith
38] ar sduaidh gach bhláitheangbhrúich go
Teamhraigh dtréithfhionnmhaoith,
39] nó slios seada an chogthaigh ón
Chruachanráith
40] ar leaba luacharbhláith i bhfolchaibh nó i
bhféith-iomghaoith.
- 41] A bheart iarna re rochtain 'n-a rioghruire
42] ag Iarla mhíonDuibhe 'n-a somplaibh
sróillfhighe,
43] a mhéara ó gháibh ar n-a
ngrianshnoighe
44] táir d'fhiadhaidhe Ó Éanna na
hóirrighe;
45] a bhfuair do thacha um Thulaigh nIughoine
46] do sdiuraidhe an ratha is cabhair ar chróilighe.
- 47] Áineas raith an tagaidh thalmhaidhe
48] ag flaith ballDaile as abaigh n-urlaidhe;
49] balg fis na tarbha do thairngire
50] an dainmhighe tharla ris 'n-a Rudhraidhe.
- 51] Tairreasdair athaidh d'imshníomh foraire
52] finnghríobh Toraighe gan fhachain n-airighe;
53] díol 'n-a fhorbhais iar n-uair dá urfhaire
54] fuair do shubhaighe dhomhnais a dhaighfhine.
- 55] Fa hiad aidhme a adhbhadh n-aolamhail
56] mainnre do chaolfhoghaibh dá n-adhnadh re
nuaidhghealaigh;
57] flaith Lighean ag áineas fa fhíneamhain
58] tháireas do mhímheadhair a n-ibheadh
d'fhuairshreabhaibh;
59] a bhfríoth le rígh Ó gConuill do
chróilighibh
60] fóiridhin ar dodhuing don tír thuaidheam-
hain.
- 61] Biseach síne i n-aimsir earrchamhail
62] 'n-a ríghe ag an ghealchladhaigh thaidhbhsigh thor-
charaigh
63] 'n-a tuinn oir gan fholta gan aincheanaibh
64] gan mhoir n-ainbhtheanaigh do thochta achd re torcharaibh.
p.268
- 65] Gan tuir achd crodh ortha um fhearannaibh,
66] fearannaigh ag ar gach dhromchla dhaghaghaidh,
67] fáth an díona do gháibh goilear-
raigh
68] fa chloidheangaibh síodha an chláir Chonal-
laigh.
- 69] Tréigis a dúire dá deirc
ríoghnaidhe
70] míondruine núidhe i mbeirt na
bánghoile;
71] mogail na gcnó ar inneal n-óirbhleidhe;
72] inneamh póirghine gach cnó dá
clárshnoighe;
73] gréas meachda ar fholt gach fhiardhoire;
74] dearca ar n-Iarlai-ne lucht a lámhdhaighe.
- 75] A snigh do bhraonaibh le feadhaibh fannáille
76] 'n-a gcraobhaidh amáille i sreabhaibh seanG-
huaire;
77] céir ag tál le slatchoill slimfheoighe
78] ag tacmhoing gach mildeoire mar badh grán geal-
nuaidhe.
- 79] Coill eatha ós gach bhfionnmhuigh
bhfóidfhéardha;
80] 'n-a bhfiodhbhaidh róiddéanmha mar badh
sreatha síodórdha
81] do thamhnuibh a dhuilghe idir gháibh
géigiarna
82] fa chéidIarla chláir Luighne
líogómra.
- 83] Breitheamh as aibche le a n-uirríoghaibh,
84] feitheamh ar uillíoghuin d'aicme
fhionnDálaigh,
85] fear neamhshocra an raith do rinnfhéaghain,
86] flaith indéanaimh fhearachta an
Iollánaigh.
- 87] Críochbhun coinne clann bhfionnLogha,
88] bann iomramha ón moille síothladh
seanmhara,
89] dreach gheal dar bh'aoincheol na hurbhadha,
90] gaoithreodh turnamha fhear an eangnamha.
- 91] Óradh na gcladhocht um Dheirg ndalldamhaigh
92] dar cheird an-allamhain falocht i bhfinnfheadhaibh,
93] dreach shoirbh as éideadh i n-iomomhain,
94] beach rionnamhail fa doirbh don chéidsheal cinneam-
hain.Doirbh.