Corpus of Electronic Texts Edition
Do bháidh teine Tír Chonuill (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)

p.257

FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
  1. 1] Do bháidh teine Tír Chonuill;
    2] táinig díoth don déathoruinn;
    3] gríos beo do bháidh ar dtreise
    4] do-cháidh tre bheo ar mbaitheise.
  2. 5] Cia do shluagh Bearnais nar bháidh
    6] lasair innighthe anbháil?
    7] do loisg thall seanróimh ar sean;
    8] ar neamhghlóir ann do hoirneadh.
  3. 9] Árus diadha Dhúin na nGall
    10] lá a dheargtha—doirbh an fulang—
    11] táinig thoruinn tuile bróin
    12] do robhuing uile ar n-onóir.
  4. 13] Doire Choluim Chille cian ó shoin
    14] do loisg teine é amhlaidh;
    15] do bháidh grísneimh dá uair inn;
    16] suail nar ísligh ar n-uirrim.
  5. 17] Rí Éireann—anba an t-eineach—
    18] do bhronn Aodhmhac Ainmhireach
    19] naomhDhoire na bhféarmhagh bhfionn
    20] d'éarlamh raonmhoighe Raoileann.
  6. 21] Re mac Ainmhireach ann soin
    22] rug buidheachas a bhronnaidh
    23] Colum cráibhtheach craobh shéanta
    24] naomh na bhfáithbhreath bhfíréanta.
  7. 25] An lá-sain féin—fíor an dáil—
    26] do éirigh—anba an diombáigh—
    27] lasair bhras teinntrighe te
    28] dar las deirgtheine Doire.
  8. 29] Tre losgadh longphuirt Choluim
    30] do ghabh brón síol saorChonuill;
    31] brón a ionnshamhla re headh
    32] ar shlógh lionnadhbha Lighean.
  9. 33] Doire d'éirghe an dara huair
    34] táinig d'fhuil Chonuill chrannruaidh
    35] d'árus séimh na sreabh leisggeal
    36] badh-éin is eadh innisdear.

  10. p.258

  11. 37] Córaide a uaim amhlaidh sin;
    38] an rath céadna ar chath leithbhir
    39] fo ríor ní raibhe dá n-éis
    40] a mbíodh i mbaile Bhroinséis.
  12. 41] Róimh chrábhaidh catha Éirne
    42] cóir do Dhia í d'aithéirghe;
    43] nír bh'é tol a mbráthar mbocht
    44] báthadh do dhol san diadhacht.
  13. 45] Dá ndíoghbháil táinig thoruinn
    46] uile i n-ar síol saorChonuill
    47] tonn bháidhte—is béad lem chridhe—
    48] tréad na háite hainglidhe.
  14. 49] Móide as díoth a ndul seacha,
    50] fa crábhadh a gcéidbheatha
    51] —dóibh do b'aithbheatha a n-umhla—
    52] aithreacha na healadhna.
  15. 53] Budh tréad gan bhuachaill crú Cuinn
    54] nó go gcruinnighid chuguinn
    55] tre annsa i gceann a chéile
    56] dream ler bh'annsa an aithmhéile.
  16. 57] Gér bhocht nír bhocht a gcridhe
    58] ord na háite hainglidhe;
    59] ní bhíodh a lógh orra ar-ís
    60] gidh mór dtonna do thráighdís.
  17. 61] Ní d'iarraidh chlú ar chathaibh Breagh
    62] do cheannchaidis fíon fuairmhear
    63] 's ní do ghrádh comhóil cheana
    64] acht d'onóir an fhoirghneamha.
  18. 65] Teach aoigheadh coitcheann do chách,
    66] moladh Íosa i ngach éantráth,
    67] fa gnáth aca ucht re hucht,
    68] slata dar bhláth an bhochtacht.
  19. 69] Tréad báidh dar bheatha an bhochta
    70] fuair do dhruim a dhaonnachta
    71] glóir shaoghalta mar nar shir
    72] i róimh chaomhanta an chreidimh.
  20. 73] San eaglais bhoicht nar bhocht céim
    74] go bhfaiceam ar-ís iaid-séin
    75] ar éinshlighidh sonn fa seach
    76] an drong chéimrighin chráibhtheach.

  21. p.259

  22. 77] Smuain mar tá Éire dá n-éis
    78] cuir tre sheirc, a Shan Phroinséis,
    79] ar Impire na n-aingeal
    80] impidhe nach éadaingean.
  23. 81] An coimhthionól nar chleacht sgís
    82] togbháil an bhaile i mbídís
    83] sir ó chroidhe ar Cheard na ndúl
    84] danab goire a fhearg d'iompúdh.
  24. 85] A Shan Phroinséis nar mhuidh mhóid,
    86] guidh fa leith thuas an Tríonóid;
    87] sul thuga sí éara ort
    88] fa thrí déana do dhúthrocht.
  25. 89] Fa fhurtocht ar th'árus féin
    90] nocht ar a aghaidh iaid-séin
    91] a chóig chomhartha ar do churp
    92] róid nach doghabhtha ó dhúthrocht.
  26. 93] Ar deis Dé go ndeachaidh sibh
    94] dot ísliughadh dar-íribh
    95] do shíor do chráidhis do chorp;
    96] ní gníomh áinis an umhlocht.
  27. 97] Do thréig tu-sa do thír ghnáth
    98] agus innile is órshnáth
    99] is leabtha suain ar bheith bocht
    100] go breith buaidh ar an mbochtacht.
  28. 101] Do thréigis fós—foirbhthe an ghlóir—
    102] beirt órdha ar éadach ndeargóir,
    103] is fíon ar an uisge fhuar;
    104] a bhríogh dhuid-se ní diombuan.
  29. 105] Dar ndóigh ní dhiongna an Coimdhe
    106] th'oba ar aoi na connailbhe;
    107] do-rala Rí an bheatha bocht
    108] 's do bh'í do bheatha an bhochtacht.
  30. 109] Ná léig feasd ní as sia ná so
    110] ó tá th'impidhe ar Íosa
    111] san Bhanbha fa ealta éan
    112] leabtha falmha na bhfíréan.
  31. 113] Córaide a chur 'n-a chruth féin
    114] dá snadhmthar ar-ís ei-séin
    115] teach suidhe na mbráthar mbocht;
    116] báthadh ní fhuighe a n-umhlocht.

  32. p.260

  33. 117] Go gcluine sinne sonna
    118] san mhainisdir mhíorbhalda
    119] faoidh bróin mar do bhí reimhe;
    120] fa róimh hí don aithrighe;
  34. 121] Ag moladh Dé leath ar leath
    122] go gcluineam ceol a haithreach,
    123] is ceol abaigh a héan mbinn;
    124] ní cagail déar do dhlighfinn.
  35. 125] Go bhfaiceam a hiobhra ar-ís
    126] fa bhláth mbuan mar do bhídís
    127] 's a habhla feactha fanna;
    128] balbha a n-ealta eatorra.
  36. 129] Do b'iongnadh Ultaigh dá héis
    130] treabh shuaitheanta Shan Phroinséis;
    131] gnáth éagnach ar ar gan fhál;
    132] do ghabh ar gcéadrath claochládh.
  37. 133] Samhail dúinn iar n-a dol síos
    134] ceardcha gabhann gan ghuailghríos;
    135] beich gan mhil, teach gan tughaidh,
    136] nó each gan idh n-urchumhail.
  38. 137] Guidh ar a son san tigh thuas,
    138] a Phroinséis fa cruaidh coguas,
    139] na guaisbheithre ó Ghurt Eine
    140] lucht uaislighthe th'aitreibhe.
  39. 141] Conallaigh dá ngarmthaoi Glais
    142] fiallach uaislighthe th'árais,
    143] guidh go síordhuidhe ar a son,
    144] cuir th'fhíorghuidhe let fhocal.
  40. 145] Guidh le laochraidh Fhóid Eine,
    146] guidh leam i n-am d'áiridhe,
    147] a chraobh dhíona an duille ghloin,
    148] a Mhuire mhíolla mhiochuir.
  41. 149] A úir as airde ná neamh,
    150] a bhean rúin Ríogh na n-aingeal,
    151] a ghlór nachar ghnáthuigh coir,
    152] a mháthair, a ógh ionmhuin.
  42. 153] A ghéag fhíthe as uaisle bpóir,
    154] lá na breithe ar Sléibh Si-óin
    155] ag toigheacht dún i gcionn cáigh
    156] nach liom do rún tre robháidh.

  43. p.261

  44. 157] A Easbal dan hainm Peadar,
    158] a dhoirseoir an Dúileamhan,
    159] uch gan sinn-ne id ghar do ghnáth;
    160] rinn-ne go rabh do robhádh.

    Do bháidh.