Corpus of Electronic Texts Edition
Dlighidh ollamh urraim ríogh (Author: Seaán Buidhe Mac Bruaideadha)

p.252

SEAÁN BUIDHE MAC BRUAIDEADHA cct.
  1. 1] Dlighidh ollamh urraim ríogh;
    2] dlighidh rí cách do choimhdhíon;
    3] gidh sluagh do chromadh fa a chuing
    4] dual dá ollamh a urruim.
  2. 5] Rí go hurramach umhal
    6] re hucht fheirge a ollamhan
    7] —gealaidh snuadh dubhlachta dháibh—
    8] is tuar umhlachta d'fhagháil.
  3. 9] Cúis eatha d'fhás tre thalmhain
    10] urraim airdríogh d'ollamhnaibh;
    11] an tsíon ón fhoighide as fhearr,
    12] gloinide síodh is soineann.

  4. p.253

  5. 13] Tig don bhreith bláth tre dhairghibh,
    14] is móiriasg i mionaibhnibh,
    15] na croinn dí ag donnadh a bhfolt,
    16] rí dá ollamh ag umhlacht.
  6. 17] Biaidh ó so a-mach sa Mhumhain
    18] ót umhlacht dot ollamhain
    19] suan, a Mhathghamhain, 'gun mhuir,
    20] tuar daghtharaidh, tuar turuidh.
  7. 21] Mh'urraim uait fat fhíon chomhóil
    22] 's ar fhuilngis uaim d'easonóir,
    23] a Í Bhriain, a bhronnadh greagh,
    24] d'ollamh im dhiaidh budh dídean.
  8. 25] Do las mh'uaill ót fhíon nuadhonn
    26] 's ót uaisle d'fhior aonghualann,
    27] a bhas sheang ghéigmhíolla gheal;
    28] fa teann éigcríonna mh'aigneadh.
  9. 29] Bríogh uaibhreach an fhíona fhinn
    30] tug mar do arduigh mh'inntinn;
    31] neart an dá fhíon it ollamh
    32] gníomh nar chleacht ar chéadlongadh.
  10. 33] Niam ciontach red chéibh ndrolaigh
    34] fa a ndubhairt mé, a Mháthghamhain,
    35] dámadh gníomh mh'fhearg-sa—is ní headh—
    36] acht t'fhíon dearg-sa is do dháileamh.
  11. 37] Gach easurraim dar fhéad sinn
    38] duit, a Í Bhriain ó Bhoirinn,
    39] tug mé acht gan mé dod bhualadh;
    40] fa drud é re hanuabhar.
  12. 41] Níor choigleas, a chiabh na ndrong,
    42] tu-sa—níor theangmháil chomhthrom;
    43] tú rom choigil-se, a ghruadh glan,
    44] a sduadh bhoiginnse Breatan.
  13. 45] Buinne luath lasrach mire
    46] ná néal gréine goirtighe;
    47] loisgnighe m'fhearg—do bh'fhearg mhear—
    48] gur shearg t'fhoisdine mh'aigneadh.
  14. 49] Mei-se go crithreach corrach,
    50] tu-sa áiseach urramach,
    51] ar dteagmháil, a shlat Shligigh,
    52] lat gá headráin d'fhoighidin.

  15. p.254

  16. 53] Mar so is dual, a dhreach chochlach;
    54] file faobhrach freagorthach
    55] agus rí maithmheach málla
    56] do-ní taithleach teagmhála.
  17. 57] Dá mbeitheá mar do bhí sinn
    58] is lasair fheirge it inntinn
    59] ó ar dteagmháil agus tu-sa
    60] ar n-eadráin níor bh'urusa.
  18. 61] Ná bíodh aithmhéala, a fholt tais,
    62] ort-sa fan urraim thugais;
    63] rug th'uirrim ós aird t'áirimh,
    64] a bhuinnsheing aird fhorbhfáilidh.
  19. 65] Iongnadh dhuit-se dá ndeachadh
    66] d'éis do chlú do chéidleathadh
    67] ar aithreachas dod ghnúis ghil
    68] an chúis aithleathas th'áirimh.
  20. 69] Ó adhnadh t'fheirge im aghaidh
    70] do b'fhearr mhei-se, a Mhathghamhain,
    71] le a bhfríoth d'urraim ód ghruadh gheal
    72] dámadh fuar umainn th'aigneadh.
  21. 73] A Í Bhriain bhalbhas tonna,
    74] budh feirrde th'ádh urruma
    75] th'abhra glan dromannach dubh
    76] damh go hurramach umhal.
  22. 77] Urraim cháich, ceilt dá ndeacraibh
    78] agad, a mheic Muircheartaigh,
    79] an bhreath chumainn as cubhaidh,
    80] is t'urraim dot ollumhain.
  23. 81] Urraim ót fhilidh d'fhagháil
    82] do budh ei-séin t'easonáir;
    83] t'anóir, a bhile Bhanbha,
    84] t'fhile d'fhagháil th'urrama.
  24. 85] A-déar riot, a rí Bhanba;
    86] "do-fheadar iocht Mathghamhna;
    87] ní fhúigfeadh mé a ghualainn ngil,
    88] dá mbualainn é mun aim-sin."
  25. 89] Usaide dá fholt drongach
    90] bheith dá ollamh urramach
    91] d'uirrim ní iarrthair acht sin
    92] ar choinnill iarthair Uisnigh.

  26. p.255

  27. 93] Sgéal beag agam dá fholt fhionn
    94] ar uabhar ollamh n-Éireann
    95] dias dar ghiall gaisgeadh 's gal
    96] ar Bhrian Mhaisdean 's ar Mhurchadh.
  28. 97] Lá do riacht Murchadh meadhrach
    98] go Ceann Coradh gceithearnach,
    99] an bile úr geaslach geal
    100] ag súr easlach is innbhear.
  29. 101] Bean oirfidigh Mheic Liag loinn
    102] tarla dhó ar ndul san urlainn;
    103] laogh ar shlabhradh ghlas 'n-a ghlaic
    104] ar hadhnadh as do b' orrdhraic.
  30. 105] Tug grádh ar láthair don laogh,
    106] guidhis an inghean fholtchaomh
    107] Murchadh fa mhac na heilte
    108] slat na n-urchar n-innilte.
  31. 109] "Fa chomhair Bhriain muna bheath
    110] fada go bhfuighthea eiteach
    111] uaim, a chraobh bhíthe bhanda,
    112] fan laogh síthe saorchlannda."
  32. 113] "Gér bh'fhearr uait linn" ar an bhean
    114] "soidhfidh dhamh-sa fa dheireadh,
    115] a chaomhchraobh do chlannaibh Luirc,
    116] an baothlaogh allaidh orrdhuirc.
  33. 117] "An séad ríogh do ró go Brian"
    118] do ráidh an inghean fhoiltfhiar
    119] "ciodh nach biadh gidh bronnadh teann
    120] ó Bhrian ag ollamh Éireann?
  34. 121] "Don oirfideach ón ollamh
    122] dáilfidhear an deaghbhronnadh;
    123] an laogh bu liom-sa fa dheoidh,
    124] a chraobh fhionn-sa dot aimhdheoin."
  35. 125] Re briathraibh millse na mná
    126] mac ríogh Éireann do iompá;
    127] tug an laogh don inghin óig
    128] —taom as ar imdhigh urchóid.
  36. 129] Gabhais éad dá fhaicsin sin
    130] oirfideach Meic Liag Luimnigh
    131] dar gheall Inis fhádbháin Fháil
    132] d'fhágbháil gér bh'iris éagcáir.

  37. p.256

  38. 133] "Ní bhiú-sa i nÉirinn idir"
    134] ar Mac Liag "d'éis mh'oirfidigh."
    135] "ní bhiú" ar Brian na ngéirreann nglan
    136] "i bhfiadh Éireann gan mh'ollamh."
  39. 137] "Tríom-sa ní thiocfa" ar Murchadh
    138] "Mac Liag dá lean sobharthan"
    139] ar an tslat fhial ágnáir fhionn
    140] "ná Brian d'fhágbháil na hÉireann."
  40. 141] "Ós mei-se as éasgaidh n-asdair
    142] leig liom mo lucht tuarasdail"
    143] ar a mhac re Brian mBanbha
    144] slat fa rian gach ríoghdhamhna.
  41. 145] "Dá léiginn-se leat tar muir
    146] lucht do mhórbhronnta, a Mhurchaidh,"
    147] do ráidh Brian nar óbair fheall
    148] "ba dá dtrian d'ógaibh Éireann."
  42. 149] Ag mnaoi an oirfidigh ann soin
    150] tarla tuarasdal Mhurchaidh;
    151] do ráidh sí nach biadh a-bhus
    152] is triall don tí dá dtárras.
  43. 153] Inntinn re haitheasg na mná
    154] don oirfideach do iompá
    155] dar fosdadh Brian na mbrat nglan
    156] gan triall is a mhac Murchadh.
  44. 157] Le hardollamh Innse Fáil
    158] geallais Brian Éire d'fhágbháil;
    159] na táinte bó an bronnadh each
    160] mó dá ollamh an t-eineach.
  45. 161] Muirn Meic Liag 'n-a lasair thruim
    162] 'n-a tuinn ionnarbthaigh ionuinn,
    163] rinn ar macnais-ne go mear
    164] ón linn atmhair-se im aigneadh.
  46. 165] Clann Táil do thileadh Banbha
    166] saoilim le séan Mhathghamhna
    167] Banbha fa bhreith a chinidh
    168] ar gcleith fhaghla is aindlighidh.

    Dlighidh.