Corpus of Electronic Texts Edition
Dairt sonn dá seoladh go Tadhg (Author: Gofraidh Mac Briain Mac an Bhaird)
p.246
GOFRAIDH MAC BRIAIN MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Dairt sonn dá seoladh go Tadhg
2] crithir bhruithneach breacht neamhgharg;
3] a sblannc dí ag deaghail re a sreing
4] ní dleaghair gan í d'fhaichill.
- 5] Réim ag fágbháil a fiodhbhaic
6] leis an óinsigh n-eisionnraic
7] mionn soighde le bhfromhthar fuil
8] do thollfadh oirdne iobhair.
p.247
- 9] Tar Tadhg n-Óg ní dul di-se
10] 's ní dol do Thadhg thairis-se
11] 's í dá hinneal re headh air
12] gidh eadh ní cinneadh cogaidh.
- 13] Gidh soighneach siansa (ó) a haoibhill
14] i ndáil meic Í mhórBhaoighill
15] ní hí dairt as doilghe neimh
16] ar tí oidhre Airt Aoinfhir.
- 17] Soighead go sighnibh toile
18] is í d'arm na hionmhuine
19] dá chongbháil dá chor fa ghreim
20] damh dá fhaghbháil lem intinn.
- 21] Cúipid aobhdha an amais ghrib
22] dí tárraidh sinn an soighid;
23] soighdeoir na hannsa is í an bhean
24] an t-arm-sa is dí do
dírgheadh.
- 25] Dá saordhacht snoighe an chailbh-se
26] dá craobhraidh an chorthair-
se
27] ar eitibh caomha an chuilbh ghlain
28] nach duirn daonda do dheasaigh.
- 29] Dá fiodh cagais don cholbh féin;
30] dá feidhm ceardcha an ceann soiléir;
31] a snuadh ar coinnlibh an chinn
32] go bhfoighrimh druadh ón dílinn.
- 33] Cóir roinn a glaice grádha
34] baindia an bhreachta shíothchána
35] Cúip-hioda fa déadla doirr
36] re dioda céadna Ó gConoill.
- 37] A gá féin foithne ar seise;
38] maith seanchas na soighdei-se
39] sí i ngnás na glaice dá bhfuil
40] cás a caithte ní cheasnaigh.
- 41] Dorlach do dhairtibh seada
42] maoidhtear ar chrios Cúipioda
43] le hamas gach aoin dar bh'áil
44] mar rannas le craoibh Cruacháin.
- 45] Trí soighde go séan lámhaigh
46] ghabhas greim ar leannánaibh
47] cia díobh ar nach dlighthear brath?
48] ríomh a-dirthear fan dorlach.
p.248
- 49] An chéaddairt ag cur beadhgaidh
50] doighir nach dál foirdheargaidh;
51] an dara dairt 'n-a deoidh soin
52] feoil is ailt ar a hionchuibh.
- 53] Gidh treas soighead na seirce
54] iomthús éarma a hingheilte
55] dul don chrithir go croidhe
56] i n-ithir na hionmhuine.
- 57] Céadshoighead chuirthe an bheadhgtha
58] sonna go seol drithleannta
59] 's ní ba chailg 's í 'n-a
héanar
60] ar tí Taidhg do thaigéaradh.
- 61] Cusbóir re gcaithfe mei-se
62] dá dheirbhshiair na dairtei-se
63] an chuid oile don ghlaic ghráidh
64] croidhe ren hait a n-easráin.
- 65] Céile ar a gcuinghidh leaba,
66] sgoláir do sgoil Cúipeada,
67] gnúis dealbhdha dá ndeachaidh cion,
68] eochair meanma na maighdean.
- 69] Meanma ó bhfuigheam guin fa ghuin
70] fa lár nach léigfe ar ndeabhaidh,
71] rún nach daor slighthe seirce,
72] drithle chaoin dar gcoigilt-ne.
- 73] Deighfhear re ndlighim
robháidh,
74] Ua Baoighill meic Buadhaghám,
75] tamhan a criaidh Dálaigh dhil
76] fa liaigh álaidh dar n-aithribh.
- 77] Mac Máire, mac Taidhg mheic Taidhg,
78] ua Coinn Doire as díol anmhairg
79] plannda cuir ó bhraonghort Breagh
80] far fhuin saordhacht mac Míleadh.
- 81] Ua Cuinn meic Úna ó Áth Truim,
82] sbraic ionChuinn re hucht bhforluinn
83] rún crobhluit ar cóir troda,
84] súgh póir Cormaic churadhda.D.S.
- 85] Mág Aonghusa as úr maicne
86] cusbóir é dar n-annsaicht-ne,
87] seangshlat as saor mar phuba
88] ar aon is deaghMhac Diarmuda.D.S.
p.249
- 89] Mairghréag inghean Méig Fhlannchaidh,
90] géis d'ealtain Cuinn chobharthaigh,
91] is aire ar a laighead linn
92] saighead toile fa a tuairim.
- 93] Banua Ruairc go roich ar mbáidh
94] slios do ghéig Ithe ón Easbáin
95] tréad far mhín mórchuing Banbha
96] géag d'órchoill Ír Ollarbha.
- 97] Déas gan ioth úire
Gallda
98] foichne go bhfás shaorchlannda
99] d'fhochan Gaoidhil fa gheal sdair
100] bean len faoilidh ar bhfioghair.Dairt.