Corpus of Electronic Texts Edition
Dá bhrághaid uaim i nInis (Author: Tadhg Óg Ó hUiginn)

p.243

TADHG ÓG Ó hUIGINN cct.
  1. 1] Dá bhrághaid uaim i nInis
    2] triall cugtha is cuaird neimhmilis;
    3] adhbhar sgís a sgaradh rinn
    4] anadh ón dís ní dhlighfinn.
  2. 5] Dá bhrághaid—buan an phudhar—
    6] nach fuighthear re bhfuasguladh
    7] —do bhá uair is do b'ionmhuin—
    8] a-tá uaim i n-éiniomdhaidh.

  3. p.244

  4. 9] Dias brághad—ní beithte ris—
    10] do-chuadar uaim go hInis;
    11] mé gan sheise ó shain a-nall
    12] do sgair mei-se dá marann.
  5. 13] Is é ar leas gan í d'fhaicsin
    14] Inis d'éis na mbrághaid-sin;
    15] mar shaltraim ar úr Innse
    16] achmhaing mo shúl shilim-se.
  6. 17] Truagh mo chomhrádh ós a gceann
    18] ag ceileabhradh don chuibhreann;
    19] do-bhir mo chridhei-se i gceas
    20] sibh san Inis-se i n-uaigneas.
  7. 21] A-tá i nInis—uch do bhroid!—
    22] Tadhg Ó Briain i n-a bhrághoid,
    23] a-tá Gráinne—doilghe dhamh—
    24] bráighe nach foighbhe a fuasgladh.
  8. 25] Gé a-tú beo ní fhuilim ann
    26] Ua Mathghamhna ó nach marann;
    27] mo sheise mná ó nach mair
    28] a-tá mei-se gan mharthain.
  9. 29] A-tá gach éigeas oile
    30] ar fhud Innse Laoghaire
    31] mar tám i ndiaidh na deise;
    32] lán do chiaigh an cridhei-se.
  10. 33] Mo dhoimheanma 'n-a ndeaghaidh
    34] ní hurusa a hoileamhain;
    35] sul do bhí acht éantoirrse ann
    36] ní fhéadfoinn-se hí d'fhulang.
  11. 37] A-tá doigh éigneach oile
    38] im thaoibh chlé 'n-a comhnoidhe,
    39] doigh ag iomghoin ar mh'árainn
    40] im iomdhaidh nach iompághainn.
  12. 41] Ríoghan do fhréimh na gColladh
    42] is í ar tús do thoghamar;
    43] truagh dhamh-sa i ndiaidh a togha
    44] mh'annsa d'Ú Bhriain Bhóromha.
  13. 45] Ní liom nach cian bhus cumhain;
    46] tángadar a TuadhMhumhain
    47] sgéala do-chuaidh fam chridhe;
    48] déara uaim 'n-a n-ainnsile.

  14. p.245

  15. 49] Gion go ndeachadh—dia do chor—
    50] inghean ríogh Rátha Cruachon
    51] Ó Briain do budh bráighe ghill
    52] gáire 'n-a dhiaidh ní dhlighfinn.
  16. 53] An chríoch-sa Mhumhan Mheic Con
    54] méad a hanshóigh ní hiongnadh
    55] 's a mbuain dí i ndiaidh a chéile
    56] rí Ó mBriain 's a bhainchéile.
  17. 57] Bheith dod lot ar do lár féin
    58] idir fhiodhbhaidh is eichréidh,
    59] a Mhumha-sa, ó nach maraid
    60] urusa dot eascaraid.
  18. 61] Ní raibhe i ndán dá deirc mhoill
    62] inghean mhiochair Mhaoil Sheachloinn
    63] teacht tar ais—is crádh cridhe—
    64] ó Dhál Chais dá céilidhe.
  19. 65] Is amhlaidh budh áil linne
    66] ó chaladh Chuain Duibhlinne
    67] sí nó a taise do thoigheacht
    68] gér mhaise dhí a deoroidheacht.
  20. 69] Ní guth d'ealaidh Átha Truim
    70] gan a hadhlacadh aguinn;
    71] mac Sláine 's sé nar cheaduigh
    72] gan Ghráinne 's é i n-éinleabaidh.
  21. 73] Mh'uabhar a hucht na deise
    74] chuireas inn i n-éidtreise;
    75] as mo threise thángas riom
    76] rángas mei-se ó nach maireann.
  22. 77] Gé do thréigeas iad uile
    78] ar choinnil Chláir Mhaonmhuighe
    79] níor thoill an chlann-sa Cholla
    80] gan roinn mh'annsa eatorra.
  23. 81] Ag síol Cheallaigh 'gar chleacht mé
    82] ní anabh ar éis Ghráinne;
    83] mo chuid ronna dhíobh ar ndol
    84] ó shíol Cholla do-chuamar.
  24. 85] Ionmhuin teagh a-tá folamh
    86] rer dheacair mo dhealoghadh;
    87] neach don dís nochan fhoil ann
    88] don toigh a-rís ní racham.

  25. p.246

  26. 89] Ag ól buabhall is bleidhe,
    90] ag ceannach ar gceirdei-ne
    91] do bhádar lá san tigh thall
    92] fir agus mná nach marann.
  27. 93] Béim budh iomnár dá n-aighthibh
    94] ní fríoth 'gun aos anaithnidh
    95] mo lucht comtha an gcéin do mhair
    96] gan bhéim ortha 'ga n-eolchaibh.
  28. 97] An dias fa dtá mo thoirse
    98] —is í breath do-bhéaroinn-se—
    99] rem ré ní fhaca a aithghin,
    100] gidh bé aca fhiarfaighthir.
  29. 101] Ar éis Thaidhg mar thángas ruinn
    102] crodh ná ionnmhus ní iarruim;
    103] crodh do-bheirim ar ndol dí;
    104] crodh do-gheibhinn ó Ghráinne.
  30. 105] Gotha ísle 's éigean dóibh
    106] a mbíodh aice fa onóir;
    107] a charaid ó theasda Tadhg
    108] ní lamhaid feasda acht fodhard.
  31. 109] Ar n-éag inghine hÍ Cheallaigh
    110] is Taidhg fa dtáid Éireannaigh
    111] —ní háil bas do bhuain umha—
    112] do-chuaidh as an ealudha.

    Dá.