Corpus of Electronic Texts Edition
Beir eolas dúinn, a Dhomhnuill (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)

p.228

GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Beir eolas dúinn, a Dhomhnuill
    2] réidhigheas gach rodhoghruing;
    3] is ceisd oruinn eol Banbha;
    4] seol romhuinn, a ríodhamhna.
  2. 5] Ná beir siar, ná seol bu dheas
    6] an slógh trom-sa an tráth ghluaisfeas,
    7] a eomhaighre Easa Ruaidh;
    8] neasa ar seolaidh-ne sor-thuaidh.
  3. 9] Seol inn ar ar n-aghaidh soir,
    10] a Dhomhnaill mheic Mhéig Carthaigh,
    11] go faighthe dúin chorrbhláith Cuirc
    12] gus an ngormráith n-úir n-orrdhuirc.
  4. 13] A mheic Cormuic an chnis ghil,
    14] beir eol d'Eoghanacht Caisil
    15] is an tír nach fuil fúthaibh;
    16] sín soir is an seandúthaigh.
  5. 17] Tighe Gall is gríosadh dhuid
    18] ar láthair phobuil Phádraig;
    19] ionnsaigh sluaigh biodhbhadh 'mun mbrugh
    20] do tiomnadh uain don éarlamh.

  6. p.229

    21] Is tú oidhre Cuirc Chaisil
    22] ler tógbhadh an teaghdhais-sin;
    23] a eidhre do thocht is-teagh
    24] níor dheimhne Corc i gCaiseal.
  7. 25] Créad nach leanfaithea lorg Cuirc?
    26] leasg ón dúthchas do dhíobuirt;
    27] do roghabh Corc an ceannphort,
    28] port ór canadh CaisealChorc.
  8. 29] Agaibh fa dheoidh, a Dhomhnaill,
    30] bhias Caiseal cleath anfhorlainn;
    31] do bhréagnaghadh ní huair d'fhior;
    32] uaibh do chéadghabhadh Caiseal.
  9. 33] A-tá i dtarngaire na naomh,
    34] a Dhomhnaill na ndearc mongshaor,
    35] gomadh thoir bhós bhar mbunadh;
    36] a-noir ar tós thángobhar.
  10. 37] Fuair sinn i Saltair Chaisil
    38] go dtiocfa-sa an turais-sin
    39] d'fhéachain fionnphuirt shuairc do shean
    40] ionChuirc do chuairt go Caiseal.
  11. 41] Caiseal Cuirc mhóir mheic Luighdheach
    42] tángabhair—toisg mhearchuimhneach—
    43] ón ráith ghil bhiliodhain bhuig
    44] dar ibhiobhair digh ndearmaid.
  12. 45] Do thréig t'oireacht orra sin
    46] tuatha tá i dtimcheall Caisil;
    47] grádh d'fhiaidhghleanntaibh níor dhíor dháibh
    48] fíon ar iairleanntaibh d'fhágbháil.
  13. 49] A Dhomhnaill Óig, a ucht bog,
    50] dá chúis athroighthe agad:
    51] fearr suth na talmhan tréigthir
    52] 's is guth adhradh d'fhuairshléibhtibh.
  14. 53] Fuinn chaomha Caisil na ríogh
    54] ní críocha dan cóir dimbríogh;
    55] na seacht dtuatha déag do dhol
    56] ar séad uatha do b'iongnadh.
  15. 57] Seol is an slighidh chéadna
    58] sinn, a bharrchais bhaisghéagdha,
    59] mór an brad a seachna sain,
    60] lór fad ar ndeabhtha ór ndúthaigh.

  16. p.230

    61] Aigillte dhuit, a Dhomhnaill,
    62] d'fhóirithin ar n-anfhorlainn
    63] an chúis-sin go gcuire i mbrígh
    64] do thúisigh uile is t'uirrígh.
  17. 65] Do chóirighthibh taoiseach dtrom
    66] is é líon leanfas Domhnall
    67] a seacht déag do dhíon Mhumhan
    68] go líon gcéad gach córughadh.
  18. 69] Taosga is réidhighthe reampa
    70] ná as gluaisde, a ghnúis naoidheannta,
    71] mearghroigh nó buar bhar mbrughadh
    72] a gleannmhoigh fhuar IarMhumhan.
  19. 73] Ní fhuil as so go Sliabh gCrot
    74] —Dia (dá) réidhioghadh rom- hat!—
    75] achd muir ar n-éirghe anfaidh,
    76] a thuir Éirne, d'Allmhurchaibh.
  20. 77] Imirce Mhaoise tar muir
    78] gá tabhairt 'n-a tír dhúthaigh
    79] dar thráigh an Mhoir Ruadh rompa
    80] re shluagh soin ba samhalta.
  21. 81] Oireacht Mhaoise mheic Amhra
    82] i n-éagmhais a n-athardha
    83] ba cian, a shlat Bhanbha, i mbroid
    84] mac Amhra nó gur fhuasluig.
  22. 85] Clann Israhél re headh gcian
    86] i gcrích Éighipte ar ainrian;
    87] go ceann a mbróin 's a mbroide
    88] níor ghearr dhóibh a ndochruide.
  23. 89] Dar cabhradh le Maoise mór
    90] do chumhachtaibh Dé an deaghshlógh;
    91] rath as mhó ní fhuair oireacht
    92] a mbuain dó dá ndeoraidheacht.
  24. 93] Meic Israhél d'fhurtocht dó
    94] Maoise thríd i dtigh Íosa;
    95] tre bhuain a ndaoirsine dhíbh
    96] saoirsine fhuair ón Airdrígh.
  25. 97] Sluagh na hÉighipte 'mun am
    98] rí orra darbh ainm Forann;
    99] rí nar lean don chreideamh chóir
    100] ní leigeadh seadh i seanmóir.

  26. p.231

    101] Forann mór—meisde a sgéala—
    102] níor léig go Dia a dheibhléana;
    103] urramhas nachar dhluigh dhó
    104] do chuir d'urradhas orra.
  27. 105] Maoise do bhrígh na beirte
    106] tug d'fhágbháil na hÉighipte
    107] ar an raMhuir ríoghdha Ruaidh
    108] aghaidh a dhíorma dheaghshluaigh.
  28. 109] D'fhóirithin phobuil Dé dhi
    110] slat bhuadha do bhí ag Maoise;
    111] maith an bhuaidh do bhí ar an tslait;
    112] na sluaigh is í do anaic.
  29. 113] An mhuir shriobhuaine shrothach
    114] do thráigh mar mhuigh míonsgothach
    115] mar fhuair ó ghlaic bhairrghil béim
    116] do shlait aingligh an fhíréin.
  30. 117] D'fhosdódh muinntire Maoise
    118] do-chuadar—céim robhaoise!—
    119] a shlógh is Forann féine;
    120] fa torann mór míchéille.
  31. 121] 'dchonncadar an ród réidh
    122] tre iomdhomhain an aigéin
    123] gabhaid rian Maoise san mhuir;
    124] do budh triall baoise is baoghail.
  32. 125] Do thráigh an Mhuir Ruadh roimhear
    126] don chuideachta Críosdoidheadh;
    127] don lucht nar thuill níor thráigh soin,
    128] do bháidh an druing 'n-a deaghaidh.
  33. 129] Mar do bhuail Maoise an Muir Ruaidh
    130] don tslait le rug gach robhuaidh
    131] sdiuir, a Dhomhnaill, na sluaigh soir
    132] buail do ghoirmloinn ar Ghallaibh.
  34. 133] Neart Gall, a mheic Mhéig Carthaigh,
    134] ní hinléigthe ar Eoghanchaibh;
    135] rug Maoise a mhaicne tar muir,
    136] a-taoi-se ag aicme Eoghain.
  35. 137] Clann Eoghain
    [gap: extent: 4 syllables]

    138] cineadh mar chloinn Is-raihéil
    139] do ghaois-se a broid ag a mboing
    140] mar Mhaoise dhoid, a Dhomhnaill.

  36. p.232

    141] Ná fuilngidh (feasda) reamhaibh
    142] ní as fhaide ná d'fhuilngeabhair
    143] Mumha ag dreim nachar dhúla
    144] 's bhar gcura i n-eirr iargcúla.
  37. 145] Madh sibh-se a-nois do-ní an roinn
    146] cuimhnighthe dhaoibh, a Dhomhnoill,
    147] an Mhumha gan a roinn ruibh
    148] Goill dá bhar gcura i gcumhaidh.
  38. 149] d ghleo, a Dhomhnaill, is Danair
    150] ní bhia d'eagla Allmharaigh
    151] neach, a rí finnEithne, fúibh
    152] ar tí imeirche i n-iargcúil.
  39. 153] Cuirfe re caladh nDairbhre
    154] 's re cuan mBéirre mbeannghairbhe
    155] 's re Corca Duibhne do dhruim
    156] 's re porta Uidhne áluinn.
  40. 157] Tréigfe ar Chaiseal na gcorrphort
    158] íochtar Cua do chéadlongphort,
    159] cuan arab neamhfhaghlach neach
    160] 'n-a mbual leabharLoch Luighdheach.
  41. 161] Gid 'gun loch-sain na learg nglan
    162] rugadh thú agus do tógbhadh,
    163] fada ó bhruach Lacha Luighdheach
    164] racha is ní d'fhuath IarMhuimhneach.
  42. 165] Do ghabháil Mumhan móire
    166] sochraide throm thionóile;
    167] tig dod thairm, a thuir Luimnigh,
    168] na bu th'ainm duibh DeasMhuimhnigh.
  43. 169] DeasMhumha 'gá dúthaigh féin
    170] léigthe, a Dhomhnaill Óig airmghéir;
    171] 's is tréigthe ar iathaibh as fhearr
    172] sléibhte iathair na hÉireann.
  44. 173] Dream danab dual do bhunadh
    174] dá Eoghanacht IarMhumhan
    175] léig dóibh seandúthaigh a sean;
    176] neamhmúchaidh ghlóir na nGaoidheal.
  45. 177] Magh gCoinchinn, Corca Dhuibhne,
    178] 'ga ndúthaigh féin fágbhaim-ne;
    179] mó as drumchla a sáimhríghe sin
    180] tulcha cláirmhíne Caisil.

  46. p.233

    181] Léig d'iarthar innse Banbha
    182] dá gach fhior a athardha;
    183] sín go corrmhaoilinn gCaisil
    184] ngormaoibhinn mín mallghlaisigh.
  47. 185] Beir, a Dhomhnaill Dúin Innbhir,
    186] t'oireacht go n-a n-imirghibh
    187] san iodhainleirg bhfleadhaigh bhfinn
    188] n-ealaigh n-iobhairdheirg n-aoibhinn.
  48. 189] Bhar gcuirn bhláithe is bhar mbrannaimh
    190] cuimhnighthior do chéadarraibh;
    191] ní ba socht dáibh i ndún Chuirc
    192] sa mhur mar tháir a dtabhairt.
  49. 193] Tar Carrthaigh, tar cuan mBeithbhe
    194] cuir aghaidh na himeirche,
    195] tar cuan Leamhna, tar Loch Léin,
    196] a sgoth Eamhna, bhar n-eichréidh.
  50. 197] Seach Ciarraidhe don taoibh theas
    198] tre Mhagh gCoinchinn na gcraoibhleas,
    199] tar seanLuachair síl Deadhaidh
    200] mín ngealbhruachaigh ngoirmshreabhaigh.
  51. 201] I gceann Ó gConaill Gabhra
    202] dod chóirighthibh cathardha
    203] tar Claonghlais daoibh 'n-a dheaghaidh
    204] tar Daoil mbraonghlais mbáinealaigh.
  52. 205] Do Dhún ard Eochair Máighe,
    206] d'imlinn Mumhan míonáille,
    207] ruag shiobhail nar cháir do cheilt
    208] tre Mháigh an Iobhair oirrdheirc.
  53. 209] Do Loch Goir gar do chabhair,
    210] do Shídh áluinn Eoghabhail,
    211] d'Áine an mhúir thirmleasaigh thais
    212] dúinn gan imreasain eolais.
  54. 213] Lámh dheas re hImleach n-Iobhair,
    214] lámh chlé re Cliaigh bhfóidiodhain,
    215] do sheanChruit Cliach nocha cam
    216] agus d'iath ghealchnuic Ghrafann.
  55. 217] Seoch Machaire bhfionn bhFeimhin
    218] don laochraidh nach lingfidhir
    219] i gceann beoil brogha Caisil;
    220] rogha an eoil an t-eolais-sin.

  56. p.234

    221] Ráith Caisil, a chraobh Ealla,
    222] budh í ceann bhar gcoimhleanga;
    223] budh lucht meanman airde ibh
    224] i ngealbhrugh chairrge Caisil.
  57. 225] Ag carraig Caisil na ríogh
    226] cuirfe tar ais a n-imshníomh,
    227] na seacht dtuatha déag-sain di
    228] uatha ag déagsain a ndúithche.
  58. 229] Cuir gach taoiseach 'n-a thuaith féin
    230] do thuathaibh Caisil chlaidhréidh;
    231] ar áitibh treabh a sean sin
    232] sáithtir teagh gacha thaoisigh.
  59. 233] Suidh féin dá choimhdhe ar cheanaibh
    234] i ndúin Caisil choirrshleaghaigh;
    235] dún ris nar dheala dhún druim
    236] gur mheala an dún, a Dhomhnaill.
  60. 237] Duit as cuibhdhe cró do shean,
    238] uime nach anta ó Chaisiol;
    239] tú as cródha i dtroid 's i dtealaigh;
    240] doid is córa creideamhain.
  61. 241] Is í tuigse tuigthear dhamh,
    242] a mheic Mhóire ó mhúr Chruachan,
    243] gan t'aithghin do dhúil duine
    244] don úir thairthigh thalmhuidhe.
  62. 245] Mar chubhar dtuinne do thaobh,
    246] nó mar bhláth n-abaidh n- órchraobh,
    247] mar shmual dá gcuirthear crithre
    248] do ghruadh chruithgheal chrithirthe.
  63. 249] A-tá cathair chaolaigh dhuinn
    250] ós do ghruaidh dheirg, a Dhomhnuill,
    251] rosg ar dhath gloine guirme,
    252] a sgath Moighe Modhuirne.
  64. 253] Tearc do chommór, a chinn Bhreagh,
    254] ar sgaoileadh each nó áirgheadh;
    255] is ceart choingeobha an dá chuing,
    256] tearc do choimbeodha i gcoluinn.
  65. 257] Ar n-a coinnmheadh ar do churp
    258] a-tá, a Domhnuill, an daonnacht;
    259] gan daonnacht ann nochan fhuil
    260] aonalt ná ball dod bhallaibh.

  66. p.235

    261] A mheic na ríoghna ó Ráith Chuinn,
    262] a Dhomhnaill mheic mheic Dhomhnuill,
    263] teannaidh as an tír i-le
    264] ná bídh i mbeannaibh Béirre.

    Beir.

  67. 265] Beiridh th'inneach iul do dháimh,
    266] a inghean shúlghorm Sheaáin,
    267] a bhláth clúimhfheadha cheiníl
    268] a úireala, a Aibhilín.
  68. 269] A Aibhilín nar éar sgoil
    270] mar do chosnais clú an tsaoghail
    271] a bhreath don bhocht do-bhire
    272] go nach beath ort oirbhire.
  69. 273] Beir dhúinn, a Dhomhnuill oile,
    274] eol fa Inis Laoghaire,
    275] a Mhéig Carthaigh Cláir Ghaillmhe,
    276] cáir carthain do chonnailbhe.
  70. 277] Beir eol dúinn go dún Caisil
    278] ar taisibh na tolchai-sin;
    279] líon a táith, a Bhuadhaigh, bir
    280] gus an ráith sluaghaigh saidhbhir.
  71. 281] Féadthar, a Thaidhg, gan teacht soir;
    282] thiar a-tá do thír dhúthaigh;
    283] ní teachta dheit linn i-le
    284] ar eachtra, a mheic sheing Shaidhbhe.
  72. 285] A-tá ag éigsibh Innse Cuinn
    286] eolus do dhúin, a Dhomhnuill;
    287] t'ór, a Í Chaoimh, ní cheile,
    288] 's is mór dhot aoibh t'oirbhire.
  73. 289] Beir eolus díreach damh-sa,
    290] a naoimhMíchíl neamhfhallsa
    291] don chathraigh óghaigh aingligh
    292] shlóghaigh rathmhair ríoghshaidhbhir.

    Beir.