Corpus of Electronic Texts Edition
Bean dá chumhadh críoch Ealla (Author: Fear Feasa Ón Cháinte)

p.223

FEAR FEASA ÓN CHÁINTE
  1. 1] Bean dá chumhadh críoch Ealla;
    2] a-tá—ní taom soineanda—-
    3] neoil éachta impe re headh,
    4] linnte téachta 'n-a timcheal.
  2. 5] Síona corracha ceatha,
    6] saighnéin lonna loisgeacha,
    7] tuile chumhadh ós a ceann
    8] nach duibhe dubhadh díleann.

  3. p.224

    9] A-tá re hathaidh d'aimsir
    10] 'n-a tír dhorcha dhoghailsigh
    11] nar bhean a déarchuladh dhi;
    12] ní bean éanchumhadh i-se.
  4. 13] I gcrích Ealla na n-eas nglan
    14] iomdha comhartha cumhadh
    15] táraidh dá tochrádh re treall
    16] gur sháraigh ochlán Éireann.
  5. 17] A haibhne i dteirce torchar;
    18] ní trom féar a fanntolchadh;
    19] iúl fraochmhar a slighthe sain;
    20] sirthe faolchon 'n-a fiodhbhaidh.
  6. 21] A-tá—ní cumha chuimse—
    22] dá adhbhar 'gá hathtuirse;
    23] gibh bé dhíobh as dimbhríogh dhi
    24] do líon sé d'imshníomh i-se.
  7. 25] I nEallaibh d'éis a leonta
    26] aimrid gach craobh cheineolta,
    27] luath ar an gcioth mheasdar mall,
    28] ní easgar ioth 'n-a ionam.
  8. 29] Do cailleadh le crích Ealla
    30] —tug dorcha a dreach shoineanda—
    31] tuir iorghuile achaidh Fhinn,
    32] nathair ionghuire a himill.
  9. 33] Do cailleadh fós—fada a ghomh—
    34] a mionn adhartha, a hollamh,
    35] caitheamh aimsire a sluagh sain;
    36] truagh an ainnsile d'Eallaibh.
  10. 37] Domhnall Caoimh creach brughadh,
    38] Dálaigh díoth ollamhan,
    39] a mbeith mar táid 'n-a dtaisibh
    40] dá chreich an fháid Eallai-sin.
  11. 41] Dá leonadh a fhlaith ngoile,
    42] dá bhuaidhreadh a mbanchoire,
    43] dá chúis daghra leasChláir Luirc
    44] dá dhamhna an easráin d'adhuint.
  12. 45] Mór as easbhaidh d'iath Ealla,
    46] mór as díoth d'fhuil Oilealla,
    47] dá phudhair luighe gach lis
    48] don Mhumhain uile is éisleis.

  13. p.225

    49] Díoth dá marcraidh mac Chaoimh;
    50] díoth dá n-ollamhnaibh d'aontaoibh
    51] —ní léir sreath adhmholaidh as—
    52] creach dá n-adhbhoraibh Aonghus.
  14. 53] A-táid mar a-tá an Mhumha
    54] fa ndíth-sin ag déardhubha
    55] beithre fhoraire Fhóid Bhreagh,
    56] sgolaidhe na gcóig gcúigeadh.
  15. 57] Gér mhór ag sgaoileadh don sgoil
    58] a n-orchra i ndiaidh Í Dhálaigh,
    59] níor lugha ag deaghail don droing
    60] a gcumha i ndeaghaidh Domhnaill.
  16. 61] Ní bhíodh sgolaidhe don sgail
    62] dá mbíodh i mbaile Í Dhálaigh
    63] gan chomaoin éigin ón fhior
    64] d'fhorraoin nar bh'éidir d'áiriomh.
  17. 65] Chuige do ghabhdaois trá ag teacht,
    66] do bhídís aige ag imtheacht
    67] go hionbhuidh sgaoilte don sgail,
    68] faoilte ionmhuin re a n-aghaidh.
  18. 69] Oide sgagtha na sgoile
    70] 's a gcompánach comhnoidhe
    71] re linn sídh nó i gcailg chagaidh
    72] mairg an tír re a dtéarnadair.
  19. 73] Díoth don mholadh, olc don aoir,
    74] bás Aonghusa mheic Amhlaoibh;
    75] saoth don ghaisgeadh líomhtha lonn
    76] an baisgeadh díochra Domhnall.
  20. 77] Mac Í Chaoimh ceardcha goile
    78] díobhadh uaisle a fhaonloighe,
    79] áladh doiligh dá gach dháimh,
    80] bádhadh oinigh is easráin.
  21. 81] Níor mhian leis an lá do mhair
    82] gan chuaird ollaimh 'n-a fhochair;
    83] an fáidh ó bhfuair gach oideacht
    84] cáir do-chuaidh 'n-a chomhoideacht.
  22. 85] Domhnall mhac Airt 's a ollamh
    86] dóibh is aoibhne—adamar—
    87] béine nar an ar-oile;
    88] gar dá chéile a gcomhnoidhe.

  23. p.226

    89] A-táthar leo—leor do shníomh—
    90] ar gach thaobh d'fheart na n-airdríogh;
    91] tarthaidh sinne ar ndíobhdhúdh dhe
    92] i ríoghmhúr Cille Créidhe.
  24. 93] Sáith Í Dhálaigh do dhamhna
    94] i nDomhnall dreach nathardha;
    95] sáith an donnaghaidh shing shéimh
    96] dar linn d'ollamhain ainn-séin.
  25. 97] Suaimhneach dá gach dhuine dhíobh
    98] gan marthain d'fhulang fairbríogh
    99] i ndiaidh an chomthaigh ro chleacht;
    100] liaigh dá n-orchraibh a n-imtheacht.
  26. 101] Ionnshamhail Domhnall dreach bhras
    102] ní dóigh go bhfuigheadh Aonghus;
    103] fa chrích ndaithghil mbraonghlais mBreagh
    104] aithghin Aonghais ní fhuigheadh.
  27. 105] Bíoth gur mhaith le mac Í Chaoimh
    106] bheith is ollamh d'éantaoibh
    107] meisde é dul d'Ú Dhálaigh
    108] sé ag cur ar a chompánaibh.
  28. 109] Do b'easbhaidh duas d'Ú Dhálaigh
    110] díoth céile agus compánaigh
    111] bás an fhialruire shéimh shing
    112] tar féin Fhiadhmhuighe Fhéilim.
  29. 113] Is toirmeasg sgéal do sgaoileadh
    114] díoth dréacht agus duanlaoidheadh
    115] fa Chlár nOiligh dtonnmhall dtais
    116] do Dhomhnall oighidh Aonghais.
  30. 117] Mór gcompánach croidhe Dhé
    118] do-chuaidh ag iarraidh éigse
    119] —ró doghruinne nar líoth lais—
    120] do dhíoth fhoghluime Aonghais.
  31. 121] Gréas marbhnaidhe meic mheic Airt
    122] dámadh beo an t-oide orrdhairc
    123] do snoighfidhe 'n-a ghréas ghlan
    124] gréas badh sgoithghile sgiamhadh.
  32. 125] Níor ghuais dí 'n-a dheaghaidh sain
    126] toibhéim oide ná adhbhair;
    127] níor bheag d'fheitheamh, a Dhé, dhi
    128] gomadh breitheamh é uirre.

  33. p.227

    129] Do bhí—níor bheag do thuigse,
    130] níor ghuth dhóibh é an ionbhuidh- se—
    131] geall gach oide 'ga ucht shlim
    132] a hucht a oige n-inghill.
  34. 133] Do nós Í Dhálaigh sa dán
    134] do bhí Domhnall díon forrán
    135] re súr feadh, re feitheamh cruidh,
    136] 'n-a bhreitheamh cean is coguidh.
  35. 137] 'N-a láimh leadartha biodhbhadh,
    138] 'n-a ghríbh chuirthe caithiorghal,
    139] 'n-a dhóigh oinigh, 'n-a eo ghlan,
    140] 'n-a dhoighir bheo gan bháthadh.
  36. 141] Mac Í Chaoimh, cuingidh Ealla,
    142] troigh luaimneach lá doineannda,
    143] bas dána dhíobhraigthe sleagh,
    144] brágha míonmhaicne Míleadh.
  37. 145] Ursa troda, túr deabhtha,
    146] fuigheall iarainn aithleaghtha,
    147] lámh éachtach áladh docrach
    148] bádhadh céadchath gcumhacthach.
  38. 149] Mac Eilionóir, abhra slim,
    150] ní hé a inmhe acht a inntinn
    151] thug ainm d'iomarcaidh gach fhir
    152] don bhaidhbh iongantaigh éigsigh.
  39. 153] Rogha foghluma fríoth lais,
    154] cur feadhma, foghal ionnmhais,
    155] cosg díbheirge cháigh dá chrích,
    156] rímheirge áigh is eissíth.
  40. 157] Geall gach oide taoibh re taoibh
    158] mar fhuair Aonghus mhac Amhlaoibh
    159] geall gach ríodhamhna rug sin
    160] ar fud fhíonadhbha Éibhir.
  41. 161] Ó Dálaigh an dréachta ghloin,
    162] mac ochta chloinne Carthaigh,
    163] dalta an chróchshlóigh mhálla mhir,
    164] órthóir an dána dhírigh.
  42. 165] Bádhadh tnútha, tobar fis,
    166] cosg dubha, dúsgadh áinis,
    167] léaghadh meall nglanrolla ngeal,
    168] ceann foghloma na bhfileadh.

  43. p.228

    169] Ursa breithnighthe gréas ngill,
    170] sgolaidhe d'ollamh inghill,
    171] altra cháigh i n-ar gceird-ne,
    172] fáidh glanta na Gaoidheilge.
  44. 173] Dursan, a Dhé, a ndeaghail ruinn
    174] mh'oide, mo chéile cumuinn;
    175] san gcruth i rabhadar rum
    176] uch nar anadar agam!
  45. 177] Géarsam uaibhreach orra sain
    178] mo lucht comtha, mo chomthaigh,
    179] teidhm as tinne do threaghd mé
    180] a bhfearg rinne ní raibhe.

    Bean.