Corpus of Electronic Texts Edition
A-tám i gcás eidir dhá chomhairle (Author: Eochaidh Ó hEoghusa)
p.215
EOCHAIDH Ó hEOGHUSA cct.
- 1] A-tám i gcás eidir dhá chomhairle;
2] gá cás as rodhailghe ná an dál a-
direim-ne?
3] guais teacht ó chríochbhun an dá
chomhairle
4] dá neart chomhaidhbhle dar síorchur dar
slighidh-ne.
- 5] Dá chúis rom-ghoin le diamhair ar
ndoimheanma
6] toil na hoileamhna ag iarraidh ar n-aradhna
7] ó fhairche ráthaigh ghartghloin gheilEamhna
8] 'gar máthair gheineamhna is
m'antoil anamhna.
- 9] Measaim triall le mearbhail ar mórchumhadh
10] ó fhiadh na n-órchuladh, ó sheanmhaigh
shíothMhumhan,
11] go hadhbhaidh mbuig sruithbhinn na saorchuradh
12] is cuid dar saothrughadh ar nach cuirfinn
críochnughadh.
- 13] Measaim dá éis i n-aimsir ar dtriallai-ne
14] go géis ngrianDaire ros faillsigh gach
fáidhfhile
15] is mé go haoinchéim ar ndul sa
dréimire
16] nar chéillidhe sgur re baoithréim ar
mbáirei-ne.
- 17] Anfad re cuma ar nduaine deiridh-ne
18] sunna i neimhinmhegá cruaidhe comhairle?
19] mása thruagh leogidh eadh dá n-anaim-
ne
20] ní raghaim-ne beo go sluagh mear Modhairne.
- 21] Ó chrích chaillghil na gcaladh
síodhamhail
22] dá n-anar san ríoMhumhain mhaighrigh
mhíondoirigh
23] gá dulc dhún ar sealadh go
sírrighin?
24] dleaghar do ríghfhilidh súr gach
síodhoirir;
25] an dara bliadhain gan triall fa thuaidheamhain
26] ní bhiam ó shluaighfheadhain riaraigh
ríoghOiligh.
- 27] Gér linn ón droing do ghnáth a
nguailnidheacht
28] do luaighidheacht tar cách is roinn a
ríoghadhart,
29] is luibh chabhra dhúin ar ar ndeoraidheacht
30] ó cheoloireacht Ghabhra ar súil re a
síorradharc.
- 31] Dursan ar dtriall ó oirear fhionnDaoile
32] na moigheadh ndionnnaoidhe go fiadh bhfionnÁine;
33] gidh ionmhuin clár sreathghlan seanDáire,
34] neamhthal ar leannáin-ne fa dál
diombaidhe.
p.216
- 35] Uchán ar gcéim-ne ón talmhain
thuaidheamhain,
36] 's ó Éirne chuainealaigh bhalbhghlain
bhraondoirigh,
37] is ó fhréimh armruaidh rúnbhrais
ríoghUidhir,
38] 's ó shíodhuidhibh glanshluaigh
shúlghlais shaorOiligh
39] 'sh óm Aodh féine mo ghrádh tar
Ghaoidhealaibh,
40] as céile d'aoigheadhaibh 's as fhál
d'aoghairibh.
- 41] Is í ar ndáigh nach ba cian ar
gcéilidhe,
42] ar gcéilei-ne riamh a-mháin dá
mhóirfhine,
43] ó Mág Uidhir dá roiseam 'n-a
ríobhaile,
44] síodhaidhe boisseang ó bhruighin ar
mBóinneine.
- 45] Do-ghéabh i síothlios fhionn an Aodha-sa
46] mo dhínchrios taobha-sa, mo lionn lúdha-
sa,
47] is gan ar dtriall a hamharc an aoilleasa
48] radharc gach aoibhneasa san fhiadh Úna-sa.
- 49] Budh mór saorchlann dom fhios do
b'inríoghtha
50] is fraochlann rinnlíomhtha ar slios na
sean-bhóchna;
51] budh iomdha béinne úr airmniamhtha
52] is glainbhriathra cléire san dún
dealbhórtha.
- 53] Budh iomdha le moltaibh fáidh fan
bhfionnorlár,
54] 's gáir bionnorghán le hochtaibh
imeilmhéar,
55] 's ceo doilbhthe ar gach leath fan loinnearmhúr
56] ó chroibmearlúdh bhoirrthe each n-
ingeinghéar.
- 57] Budh iomdha ag triall don ealtain éigseighil
58] éigsfhilidh dá riar ón ghreantaigh
ghéagsdaraigh;
59] badh iomdha rithlearg áith le hógsgolaibh
60] go ráith bhfódsgoraigh na n-ilcheard n-
éagsamhail.
- 61] Badh iomdha sompla úr ar óireangaibh,
62] is lúdh ag sróillearraibh corcra ós
chaoilrean-naibh,
63] gáir ag seilg, bionngháir ag buabhallaibh
64] fan leirg mbuabhallaigh lionnbháin
laoidheangaigh.
- 65] Do-ghéabh róm gan fholta gan imreasain
66] an slógh re finnleasaibh corcra an chuirmlissin;
67] do badh díol teineadh don uallchath Eamhna-sain
68] dealbhlasair buadhchlach bleidheadh na bruighneisin.
- 69] Do-ghéabh Aodh romham 'n-a ríoghshuidhe,
70] síodhuidhe saor nach bloghann a
bhéalluighe,
71] 's a ógbhadh thréan ar ar thinne
caomhfhile
72] 's ar bhfréamh chraobhei-ne ime go
héanduine.
p.217
- 73] Dá roicheam don bhrugh fhionnfhuar oireaghdha
74] budh diombuan ar ndoimheanma ar ndul san deaghadhbha;
75] do-ghéabh san phurt mo ghaol geineamhna
76] is Aodh seinEamhna go n-a lucht leanamhna,
77] lámh ler sgaoileadh teagar gach tighearna,
78] dreagan nach infheadhma re haoinfhear n-ealadhna.
- 79] Fuath na dreime ó raonchlár
ríoBhóinne,
80] baothghrádh fíoróighe seinge
síodhshaoire,
81] fa nochtaid fialmhná a meanma
mímhéine,
82] grianlá rífhéine meardha
míonDaoile.
- 83] Beithir Eamhna dar fuilngeadh fíorfhoghal,
84] ríoghobhal Teamhra na mbuidhneadh
mbéinneimhear,
85] seabhac d'ealtain na gcuradh gcaolfhoghadh,
86] saoraghadh deargthair gan omhan éinfhileadh.
- 87] Mo chéile rúin, caomhthach gach
chomhuidhigh,
88] ón saothrach ar sgoluidhibh múir
Muireadhaigh,
89] fear síorchuir óir ar ar n-ealadhain
90] tar deaghfhalaibh an tslóigh fhíochmhair
fhuineadhaigh.
- 91] Mo chean fionnbharr na bhfeadh ndruidfheactha
92] dá dtiobhram cuideachta re feadh bhfaideachtra,
93] 's an learg neamhchruinn fhionnghlan fhadochta
94] mo chearchuill chodalta, ionnladh mh'aigeanta.A-tám.