Corpus of Electronic Texts Edition
A Ghearóid, déana mo dháil (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)

p.201

GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] A Ghearóid, déana mo dháil;
    2] dá ndearna déana i gcéadáir;
    3] tug, a óigleanaibh, th'úidh ruinn,
    4] a úir dhóidleabhair dhearccuirr.
  2. 5] Dídin mé, a mheic an Iarla,
    6] ar fheirg flatha finnLiamhna
    7] gidh bé fachain feirge fuair
    8] t'athair a mheirge an mhórshluaigh.

  3. p.202

  4. 9] Is ort iarraim gidh óg thú
    10] síodh na bhfréamh asad fionnchrú;
    11] ód thromaicme a-tú fa choill;
    12] dar gcomairce is tú as tualaing.
  5. 13] Mairg file re bhfuil a móid
    14] aicme Ghearailt, a Ghearóid;
    15] is fachain dá gcar um cheann
    16] dá rabh th'athair dom imdeall.
  6. 17] Níor chleacht sinn siobhal oidhche
    18] ná imirt arm bhfaobhairthe;
    19] ní poinnidhe ar ngníomh le ga;
    20] coillidhe dhíom níor dhéanta.
  7. 21] Fóir mo ghuasacht, a Ghearóid,
    22] tair romhuinn don ríphealóid;
    23] ar th'eineach dhamh diall oirn-ne
    24] gabh, a chiall, mo chomairghe.
  8. 25] Inneosad uirsgéal cumtha
    26] dhuit im dháil mo chobhurtha;
    27] a-déar mar dhleaghar a rádh
    28] sgéal ar leanabh do leanbhán.
  9. 29] Táinig lá ar Leic na dToradh
    30] Fionntan is é ar n-arsoghadh
    31] dá bhfuair naoidhin n-óig th'aithghin
    32] 'n-a aoighigh fhóid anaithnidh.
  10. 33] Iongnadh leis a leithéid sin
    34] re taobh na haille d'fhaicsin;
    35] rug an naoidhin n-óig ón aill,
    36] tug póig don aoighidh áluinn.
  11. 37] Mar thug an príomhóglách póig
    38] don naoidhin áluinn fhíoróig
    39] téid dealbh a aighthe i n-óige
    40] ón leanbh d'aithle éanphóige.
  12. 41] Beiris leis an leanbh síthe
    42] gus an mnaoi nglic nglóirbhíthe;
    43] ní thug dá mhnaoi a fhios re headh
    44] 's do bhaoi 'n-a chrios an céidsheal.
  13. 45] Fionntan ar bhfios a fréimhe
    46] beannuighis dá bhainchéile;
    47] freagrais a bhean go ngné ghil
    48] hé agus gidh eadh níor aithin.

  14. p.203

  15. 49] Ar bean Fhionntain dá aithle:
    50] "cia thú tú do mhearaithne,
    51] a ghil bhláith dhódghlacshaoir dhuinn,
    52] a ógmhacaoimh áith éadtruim."
  16. 53] "Gidh cúich mé, a bhean, beanfad daoibh
    54] madh áil leat leannán macaoimh;
    55] ní hamhdháigh sinn cneas re cneas
    56] deas linn t'fhaghbháil i n-uaigneas."
  17. 57] "Sguir, a mhacaoimh óig, t'ábhacht,
    58] cian óm leithéid leannánacht;
    59] nocha gaol ábhachta inn,
    60] a chraobh árrachta fhoiltfhinn."
  18. 61] "Fearr dhuit céile séitreach slán,
    62] a bhean mhaith" ar an macámh
    63] "ó taoi ag seanóir seachain soin;
    64] re beathaidh ndearóil dealuigh."
  19. 65] "Ní aontóch ó nach óg mé
    66] —níor aontuigheas as mh'óige—
    67] fear gémadh céim deaghshóigh dhamh
    68] acht mo sheanóir féin Fionntan."
  20. 69] "Dod bhréagadh ní bhia sinne
    70] ó fuaras fhios th'intinne;
    71] ó nach éidear é d'fholach
    72] mé do chéidfhear carthannach."
  21. 73] "Ná habair sin" ar si-se
    74] "seanóir críon mo chéilei-se
    75] sé go neimhsheadhmhar a-nocht
    76] ar gceileabhradh dá chalmacht."
  22. 77] "Mei-se seanóir sluaigh Ealga
    78] ar ndol i ndeilbh naoidheanda,
    79] a bhean" ar sé "nám seachain;
    80] is mé t'fhear i n-óigbheathaidh."
  23. 81] "Dá dteaghmhadh gomadh tu-sa
    82] an céidfhear do charas-sa
    83] nocha bia, a Fhionntain, im fhail
    84] go bhfionntair cia rod chruthaigh."
  24. 85] "A ríoghan a Ros Greadha,
    86] gheas airrdheanna
    87] gach fód go naoidhe ón naoidhin;
    88] naoidhe óg rom athnaoidhigh."

  25. p.204

  26. 89] Innisis Fionntan mar fuair
    90] an leanbh ar an leic dtaobhfhuair
    91] —cóir a n-innisin uadha—
    92] innisidh a iolbhuadha.
  27. 93] An leanbh óg 'n-a hucht féin
    94] gabhais bean Fhionntain ainn-séin;
    95] re haghaidh an uair do ghabh
    96] fuair cabhair mar fuair Fionntan.
  28. 97] Ní taosga ar n-a thabhairt dí
    98] ráinig a anál impe
    99] ná do sgar sí re seandacht
    100] 's do ghabh ní dá naoidheandacht.
  29. 101] Gá dú, achd do bhí siad mar sin
    102] seal buan oile dá n-aimsir
    103] is do bhí 'n-a láimh re linn
    104] gach ní do b'áil le a n-intinn.
  30. 105] Éanmhac airdríogh na Sorcha
    106] fríoth ann aisgidh chobhartha
    107] folt i n-a óiridhibh air
    108] ar dtocht d'fhóiridhin Fhionntain.
  31. 109] Go tráigh nDúna Tolcha Thé
    110] do chur Fhionntain i n-óige
    111] tar an moir sriobmall srothach
    112] a-droigh Iollann Iolchrothach.
  32. 113] Tú, a Ghearóid, a ghein shochair,
    114] leithéid Iollainn Iolchrothaigh;
    115] go bhfionnam, a chnú cridhe,
    116] an tú Iollann th'aimsire.
  33. 117] Anál Iollainn, a ucht glan,
    118] tug fóiridhin ar Fionntan;
    119] cuir mar thúis anáil th'ochta
    120] fam ghnúis d'fhagháil fhurtochta.
  34. 121] Tair ar chuairt sonn, suidh im ucht,
    122] fionnam feabhas do chumhacht,
    123] tabhair póig i n-a dhiaidh dhamh,
    124] cabhair ciaigh mo chóig gcéadfadh.
  35. 125] Ar Mhuiris gCliach 'gar chleachtas
    126] athnuaidhigh ar n-aitheantas;
    127] san chruth i mbínn roimhe a-rís
    128] ag rígh Broine go mbeimís.

  36. p.205

  37. 129] Saor mhé ar oirbhire th'athar
    130] go mbeinn agad bheannachadh;
    131] ar gcomairghei-ne is doirbh dhi
    132] tromoirbhire oirn aige.
  38. 133] Tairre led bhriathraibh binne
    134] d'aithearrach a intinne;
    135] fill tar ais fheirgh an Iarla,
    136] a dheirg chais fhinn fhuiltniamhdha.
  39. 137] Mo theagasg, a Ghearóid, gabh:
    138] "feirrde macámh a mhúnadh";
    139] dá dtugthar éara oirn-ne
    140] déana mar a-déaraim-ne.
  40. 141] Nó go raibh sinn síodhach ris
    142] ná héirgheadh fúd muirn Mhuiris;
    143] rí Áine ná han re a phóig;
    144] gabh ar do gháire, a Ghearóid.
  41. 145] 'N-a ucht ar chrodh ná ar chomhaidh
    146] is a fhearg ret ollamhain,
    147] a anam, ná haontaidh dol
    148] go bhfagham aontaidh t'athar.
  42. 149] Ná cealgadh cleas dá áille
    150] thú, a mheic marcaigh fhionnÁine;
    151] braithtear fraoch ar th'aghaidh n-óig;
    152] labhair go gaoth, a Ghearóid.
  43. 153] Dá ndearna tú is tuar deighshídh
    154] mar deir mé, a mheic Aibhilín;
    155] th'éara dot athair ní háil,
    156] rachaidh séala ar an síothcháin.
  44. 157] Biad agad im fhior ghrádha
    158] budh hé séala ar síothchána;
    159] rinn th'aoibhe, a Ghearóid, do-ghéabh,
    160] a naoidhe gealfhóid Gaoidheal.
  45. 161] A ubhall abhla cumhra
    162] as uaisle náid órubhla,
    163] a bhláth niamhdha, a chnú cheiníl
    164] do chrú an Iarla is Aibhilín.
  46. 165] A leinbh a Lunnainn na ríogh,
    166] fóirfidh t'urlabhra mh'imshníomh,
    167] innsgne bhinn do bheoil chorcra
    168] i n-a rinn ceoil codalta.

  47. p.206

  48. 169] A Mhuiris, maoluigh do mhóid;
    170] déana mar a-deir Gearóid;
    171] dá ngada dhíom ní dhlighe
    172] síodh ar aba th'oirbhire.
  49. 173] Flaitheas nach gabhaid Gaoidhil
    174] geallmaoid dóibh i nduanlaoidhibh;
    175] a ráthughadh dhúibh níor dhluigh,
    176] gnáthughadh dhúinn a dhéanaimh.
  50. 177] Dá chineadh dá gcumthar dán
    178] i gcrích Éireann na n-uarán
    179] na Gaoidhil-se ag boing re bladh
    180] is Goill bhraoininse Breatan.
  51. 181] I ndán na nGall gealltar linn
    182] Gaoidhil d'ionnarba a hÉirinn;
    183] Goill do shraoineadh tar sál sair
    184] i ndán na nGaoidheal gealltair.
  52. 185] Na Goill is Gaoidhil Bhanbha
    186] fa seach re hucht th'agallmha;
    187] is tú ceann an dá chineadh,
    188] geall red chlú ní cuirfidhear.
  53. 189] Do sgar mé red mhúr bhfleadhach,
    190] a chinn an dá chinneadhach;
    191] muirn t'ardphuirt-se agus t'fhíon glan
    192] rom líon d'antuigse is d'uabhar.
  54. 193] Dol ar deabhaidh ód dhreich mhoill
    194] ní thug achd uabhar oruinn;
    195] logh an chuairt-se do-chuamar;
    196] dol uait-se do b'anuabhar.
  55. 197] An t-aingeal do b'áille ar nimh
    198] do ionnarb Dia 'mun gcúis-sin;
    199] nochar bheag d'fhior a fheitheamh
    200] an cion do leag Lúisifear.
  56. 201] Do thonn fheirge gé do fhás
    202] rinn, a Mhuiris mheic Thomás,
    203] díon, a Mhuiris-se, ar do mhóid
    204] bríogh na guidhei-se Gearóid.

    A Ghear.

  57. 205] Ar measrughadh maidne an Luain,
    206] a Míchíl, is mór m'anbhuain;
    207] tú ar sgiath, a mheic, ar maidean,
    208] a fhiach dheit go ndearlaigear.

    A Gh.