Corpus of Electronic Texts Edition
A fhir théid i dTír Chonaill (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)

p.200

GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] A fhir théid i dTír Chonaill
    2] go tír an ríogh romholaim,
    3] clúm mín tres gach maoilinn dí
    4] aoibhinn an tír i dtéighe.
  2. 5] Aoibhne dhuit-se ná dhamh-sa,
    6] ag féachain na bhfearann-sa,
    7] an clár ubhlach groigheach glan
    8] Murbhach is Oileach d'fhéachadh.
  3. 9] Do-chífe Magh n-úr n-Eine
    10] na learg n-áluinn n-aingleidhe
    11] 's an Éirne dá n-éir ealta;
    12] budh céim d'éirghe aigeanta.
  4. 13] Do-chífe Eas Ruaidh rámhach
    14] na sruth mbreacach mbradánach
    15] is Síodh Aodha ós an tráigh the;
    16] caomha na cláir ad-chífe.
  5. 17] Do-fheadar badh aoibhinn lat
    18] na fuinn-se d'fhéachain umat;
    19] do-cím ort dá aithle soin
    20] tocht go faighthe mín Murbhaigh.
  6. 21] Do-chí uait Éirne i-le
    22] 's na cnuic corra ós chionn Éirne
    23] buinne síothbhán nach searg guil
    24] 's gach learg do mhíonchlár Murbhuigh.
  7. 25] 'San bhailei-se do bhunadh
    26] bhíos mo chara Conchobhar,
    27] lucht deigheoil 'n-a chaithir chuirr
    28] do mhaithibh ceineoil Chonuill.
  8. 29] Sochraide óg nar ob cath
    30] rí an tuaisgirt go n-a theaghlach
    31] beir sgéala uaim dá oireacht;
    32] déana thuaidh mo theachtaireacht.
  9. 33] Cleamhnas ar deis duine féin
    34] is altrannas i n-imgcéin,
    35] innis d'fhaghlaidh na n-oirear
    36] gurb amlaidh do horduigheadh.

  10. p.201

  11. 37] Do-ním-se an dara ní díbh
    38] do mhac Aodha, don airdrígh,
    39] do chéibh na mbachlannas mbog
    40] altrannas i gcéin cleachtfad.
  12. 41] Mar tá mé dá mhalaigh dhuibh
    42] fa chuing altrannais uasail
    43] bídh mo chroidhe leis an gcuing
    44] do rígh Doire, d'Ú Dhomhnuill.
  13. 45] A chur dhamh tar gach nduine
    46] innis d'airdrígh Toraighe
    47] ó Aoibhill chneisshing Chliach Mháil
    48] do dhleisinn a fhiach d'fhagháil.
  14. 49] Inghean mhiochuir Mheic Uilliam,
    50] folt barrbhuidhe bachaillfhiar,
    51] 's glór coimseach bádhach banda,
    52] goillseach nárach neamhGhallda.
  15. 53] Fiarfaigh dhamh-sa dá deirc mhoill
    54] cionnus dhíolfas Ó Domhnaill
    55] a bheith ag craoibh Ché 'n-a chairt
    56] mé i ngach laoidh dá labhairt.
  16. 57] A fhir théid don Mhumhain mhóir
    58] i dtigh Thaidhg as fhearr th'onóir,
    59] ionnsaigh magh na múr sona
    60] gabh go dún Í Dhonnchadha.

    A fhir.