Corpus of Electronic Texts Edition
A chros thall ar an dtulaigh (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)
p.196
GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
- 1] A chros thall ar an dtulaigh
2] as damhna dam dhéarchumhaidh,
3] tú urlamh gidh bé len báidh,
4] is é ar dturnamh do thógbháil.
- 5] Is tú, a chros an mheic mhuirnigh,
6] thug mé a-nocht go neamhshuilbhir;
7] a dhluthchros fa dtú ag tuirrse,
8] tú mhúchfas mo mheadhair-se.
- 9] Tú chuimhnigheas dúin-ne a dhol
10] dá ndeachadh mh'aire dh'Eoghan;
11] mo bheith mar tú, a chros-sa, is cáir
12] do b'usa thú gan tógbháil.
- 13] Truagh bhar gcuimhnioghadh cumhadh
14] gidh cruthach do chórughadh;
15] tú ós ar gcinn-ne, a chros Eoghain,
16] m'inmhe ar a los laighdeobhaidh.
- 17] Ag dul seochad san slighidh
18] déara go lár léigfidhir;
19] 'gat aithne, a chros, badh corcra
20] aighthe bas an bhantrochta.
- 21] Gidh cúis athtuirse anba,
22] maith an mhaise shaoghalda
23] do cheathra druimne donna
24] leathna cuibhdhe codroma.
- 25] A mheic dar cumadh an chros
26] 'n-a lóchrann sheasmhach sholas,
27] fuarais chrois bharrghloin bhláthmhair;
28] marbhnaidh re cois commámthair.
- 29] Is cros fhir do b'fhearr daghdhuas
30] an chros ad-chiu eadarbhuas;
31] loise na ceirde do cheil
32] an mheirge croise ad-chíthir.
- 33] Ní fiadhnaighthe i bhfogus di
34] an chros-sa ná i gcéin uaithe;
35] gidh bláith an mionn í is urchra
36] sí ar cionn cáich 'n-a comhartha.
p.197
- 37] A chros ós chionn na leirge,
38] tuar leoin dar lucht aoincheirde,
39] biaidh fros le bonnfhabhraibh dhe
40] a chros d'ollamhnaibh d'aithne.
- 41] Cúis a tógbhála ós talamh
42] cros adhbhair an ollamhan
43] an crann-sa dá ghruadh ghairthe
44] budh tuar almsa is urnuighthe.
- 45] Beannacht ar anmain an fhir
46] isa chros do-chiu ar mh'aighidh;
47] fearr iná tuile tuirse
48] guidhe ar an seang séaghainn-se.
- 49] A-tá an chros ler cráidheadh mé
50] ar deilbh do chroise, a Choimdhe;
51] ar a los go dtí dod thigh
52] an tí dan cros an chrois-sin.
- 53] Bheith ar chúl chroise Eoghain
54] dom athtuirse oisgeolaidh;
55] díon ar shlógh é agus gidh eadh
56] ar brón, a Dhé, ní dídean.
- 57] Tuilleadh cádhais don chill naoimh
58] cros mhinghréasach an mhacaoimh:
59] slógh fa chádhas don chrois-se
60] budh lór d'árus eaglaise.
- 61] Adhbhar ollaimh fhear Mumhan
62] gion go bhfuair ainm ollamhan
63] gan phearsain mar é d'ollamh,
64] a Dhé, d'easbhaidh fhuaramar.
- 65] Ní dhearna ar ndol a oidhre
66] fulang mar ar bhfulaing-ne
67] fear dar chomhainm Cathbhaidh Draoi
68] ón Mhodhairn lachnaigh lionntaoi.
- 69] Ní hiongnadh an fáth 'ma bhfuil
70] ar gcomhráithne re Cathbhaidh;
71] truagh bás an druadh a-dirim
72] truagh an cás 'ma gcuimhnighim.
- 73] Gidh bé damhna fo-deara
74] sinn d'éagcaoine a oigheadha
75] ní ar son an druadh bu-dhéine
76] truagh fa a dhol ar ndeirbhéile.
p.198
- 77] A-tú 'ma a bhreith don bhás rug
78] ris an bhfilidh ag formad;
79] truagh mh'éad re hoighidh an fhir
80] éag fa a oidhir don fhilidh.
- 81] Do-chuaidh do chumhaidh a mhaic;
82] do b'é an mac fa mór éaraic
83] Geanann Gruadhsholas fhuair eol
84] nach cualadhas uaidh d'aithcheodh.
- 85] Truagh leam-sa loighe Chathbhaidh
86] ar fheart Gheanainn ghníomharthaigh
87] dar ghéis ar loighe ar a leic
88] a chroidhe d'éis a éinmheic.
- 89] Téid Cathbhaidh fa ceann forais
90] tar éis Gheanainn Ghruadhsholais
91] i dtalmhain tre Gheanann nglan;
92] ní leanam amhlaidh Eoghan.
- 93] Cosmhail, a Dhé, damhna ar gcaoi
94] mei-se agus Cathbhaidh caomhdhraoi;
95] gidh eadh ní comhthrom gcumhadh
96] an conchlann fhear n-ealadhan.
- 97] Dámadh comhthrom ar gcumha
98] 'mar saormhacaibh súlchara
99] teasda Cathbhaidhcréad do-bhir
100] Gafraidh gan éag fa a oidhir?
- 101] Cathbhaidh mar do-chuaidh reamhainn
102] d'éag do chumhaidh chaoimhGheanainn,
103] mó a fhachain gá dás gan dol
104] an t-athair ór fhás Eoghan?
- 105] Truagh gan fhóirithin aga
106] mar do bhí ag bás Chearmada
107] ar n-a ghuin do láimh Logha
108] do mhuin áigh a iomghona.
- 109] Comhrag do-chuala idir Lugh
110] is Cearmaid na gcleas lúthmhar;
111] Cearmaid milbhéal ba marbh dhe
112] d'arm rinnghéar mar an rinncne.
- 113] Rún an Daghdha i ndiaidh a mheic
114] sgaradh le hÉirinn n-oirrdhreic;
115] triall tar muir do labhradh leis
116] go bhfaghbhadh luibh a leighis.
p.199
- 117] Téid do thaisdeal an domhain,
118] fágbhais Éirinn n-iorgholaigh
119] gur chuir an Daghdha dá dhíon
120] ar a mhuin damhna an deighríogh.
- 121] Cearmaid le athair n-éachtach
122] táinig sleamhain sláinchréachtach
123] mar bhláth na slat dá ghruaidh ghil
124] dar lat ní fhuair a oighidh.
- 125] Ciodh na ba déanta dhamh-sa,
126] gémadh aisdreach oram-sa,
127] réim an Daghda, a Dhé, ar n-a dhol
128] dámadh tarbha é d'Eoghan.
- 129] Mo mhac-sa ó nach mé an Daghdha
130] súil le éirghe is éadtarbha;
131] ní faghair dar mbuain a broid
132] an bhuaidh do chabhair Cearmoid.
- 133] Muireadhach mhac Eoghain aird,
134] Cearmaidgidh cia do theasairg
135] do-chuala ar ndol don dís ghloin
136] a-rís a gcor i gcorpaibh.
- 137] Truagh nach tabhair d'fhurtocht oirn
138] an lus fhuair inghean Loghairn
139] nó aiceacht an Daghdha dhamh
140] d'aithteacht a anma i nEoghan.
- 141] Mac i n-ionadh an athar
142] do b'oircheas é d'ordachadh;
143] a athair 'n-a oidhre dhó,
144] a Choimdhe, as fhachain iarghnó.
- 145] Ní fhuilnginn an uair do mhar
146] do mhéad ar n-annsa d'Eoghan
147] choidhche gé do-near a-nois
148] an fear dá oidhche im éagmhais.
- 149] Mar tú dá bhás ní bhiadh
mé
150] dámadh neach eile a oide;
151] cúis as ar fhoide, a Dhé, a dhol
152] is mé do b'oide dh'Eoghan.
- 153] An t-Eoghan-sa is éigin dún
154] déanamh seach an bhfionn bhfoltúr;
155] tairnig a sheal gá dám dhó
156] gidh eadh gá dál as deacra.A chros.