Corpus of Electronic Texts Edition
A chnuic thoir re taoibh Ealla (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)

p.192

GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] A chnuic thoir re taoibh Ealla
    2] fa dtáid aicme Oilealla,
    3] giodh 'mud bhruach do hoileadh inn,
    4] fuath dot oirear im inntinn.
  2. 5] Is tú cnoc na ndéar dhúin-ne,
    6] a thulach ard fhéarnúidhe;
    7] is mó théid ar dhéaraibh dhamh
    8] t'fhéaghain iná ar mhéid meanman.
  3. 9] Ní guth oram dimbríogh dhuit,
    10] a Chláraigh Ealla orrdhruic;
    11] a-taoi ar n-am chrádh, a chnuic thoir,
    12] do bhaoi i ndán duit a dhéanaimh.
  4. 13] A Cláraigh, is tú an tulach
    14] mar thuit an Fionn Forbharach;
    15] mo ghrádh nó gur thuit red thaoibh,
    16] a chnuic a-tám do thathaoir.
  5. 17] Mac Diarmuda—dia do chor—
    18] do tairngireadh go dtiocfadh
    19] dá lot ar bhrú do bhearna;
    20] is tú cnoc na cinneamhna.
  6. 21] An lá tugadh thort a ndeas
    22] an chreach ler ceileadh m'áineas
    23] fríoth basgadh id chuim, a chnuic,
    24] is trasgradh do chloinn Chormuic.
  7. 25] Don turbhaidh thug ar an dtóir
    26] i n-ucht Cláraigh i gcéadóir
    27] marbhthair 'gun ghéig gach nar ghabh
    28] gabhthair an mhéid nar marbhadh.
  8. 29] Díobhraigis duine don tóir
    30] mac ríogh Mis—mairg dar chusbóir—
    31] gur bháidh inn tar a déis dairt
    32] d'éis an áir thinn do thabhairt.
  9. 33] Éanghoin duaibhseach na dairte
    34] ní feas fear a díobhraicthe;
    35] torchair lé flaithbhile Fáil
    36] achd ré n-aithrighe d'fhagháil.

  10. p.193

  11. 37] Aithghin an té thorchair ann
    38] achd an flaith Fathadh Canann
    39] níor thuit tiomchall do ghleanna,
    40] a chnuic fhionnchlann Oilealla.
  12. 41] Ar ngabháil ghiall an domhain
    42] dó go hÉirinn n-éarlamhaigh
    43] 'mud chaomhachadh, a chnuic thall,
    44] do thuit caomhFhathadh Canann.
  13. 45] Do thuitsead re taoibh th'imil
    46] Fathadh agus Féidhlimidh;
    47] tugais d'Éirinn, a chnuic, cor
    48] 'nar thuit Féilim is Fathadh.
  14. 49] Féidhlimidh mac mheic Domhnaill
    50] fuair goin 'n-a guin anfhorlainn
    51] ar an bhfánaidh uaid i-le,
    52] a Chláraigh, 's a ruaig roimhe.
  15. 53] Fathadh Canann ceann an tsluaigh
    54] ar an uillinn uaid sor-thuaidh
    55] do thuit ar gcaithimh a chleath,
    56] a chnuic, le maithibh Muimhneach.
  16. 57] Bean Oilill airdríogh Mumhan
    58] —toisg dá dtáinig mórphudhar—
    59] rug Fathadh—ní feis gan bhrón—
    60] leis ar athadh 's ar éalódh.
  17. 61] Táinig is an gcnuc ad-chí
    62] i n-a aghaidh an t-airdrí;
    63] do bhaoi brath 'gun fhoirinn air
    64] gur laoi is Oilill cath Cláraigh.
  18. 65] Caoga mac ríogh na rosg mall
    66] leathtrom é d'Fhathadh Canann
    67] gér chalma neart flatha Fáil
    68] 's na seacht gcatha 'n-a chomhdháil.
  19. 69] Gá dú achd fuair Fathadh Canann
    70] bás ann d'éis a mhórtharann;
    71] ní dhó gér dhluigh a chaoine
    72] as mhó fhuil ar n-éagcaoine.
  20. 73] Do bhí i ndán i n-a dhiaidh soin
    74] an dara gleo ar ghurt Cláraigh;
    75] an céadchath níor theo gér the
    76] iná an gleo éachtach eile.

  21. p.194

  22. 77] Fear croidhe náraigh neimhmin
    78] mac na flatha Féidhlimidh;
    79] fachain anfaidh d'fhás ar loch
    80] bás Í Charthaigh i gClárach.
  23. 81] Dursan leam a los Fhéilim
    82] na tréidhe tá ar seinÉirinn;
    83] milleadh fás a craobhchall gcuir
    84] bás a saórchlann 'ma sliabhaibh.
  24. 85] Re bás an churadh Con Raoi
    86] ar Sléibh Mis—mana déarchaoi—
    87] bás an fhéil chreachnáraigh dhuinn
    88] ar Sléibh seanChláraigh samhluim.
  25. 89] Ar Sléibh Fuaid fuair a roghuin
    90] Cúmhsgraidh Meann mhac Conchobhair;
    91] do thuit ionnshamhail an fhir
    92] ar fhionnaghaidh chnuic Chláirigh.
  26. 93] Diarmuid ar Beann Ghulban Ghuirt
    94] do thuitim re péisd bpríomhthuirc
    95] cointinn is géirrinn dá ghoin
    96] Féilim ar chnoicbheinn Chláraigh.
  27. 97] Muircheartach Mór mhac Earca
    98] is Féidhlimidh finnEachtgha
    99] fríoth a n-árach leath ar leath
    100] im Chlárach is im Chleiteach.
  28. 101] Rí Éireann dar bh'ainm Dá Thí
    102] marbh ar Sléibh Alpa an t-airdrí
    103] fríoth oilbhéim re samhluigh soin
    104] ar coirrShléibh challghloin Chláraigh.
  29. 105] Trí meic Tuireann—tearc nar chaoin—
    106] tuitsead im Chnuc mac Miodhchaoin;
    107] mó chaoinim do thuitim thoir
    108] ar maoilinn chnuicfhinn Chláraigh.
  30. 109] Créad fa mbeinn ar bruach t'imil,
    110] a chnuic thall, d'éis Fhéidhlimidh?
    111] san chnuc thealghlas nó gur thuit
    112] níor dheaghlas rut, a rochnuic.

    A chnuic.

  31. 113] Do shíol Bhriain do bhuing Teamhraigh
    114] lucht marbhtha mheic Thoirdhealbhaigh;
    115] tug fhás ar orchradhaibh slóigh
    116] bás Conchobhair i gCaolmhóin.

  32. p.195

  33. 117] Go dtorchair tighearna an chnuic
    118] Art Ó Caoimh cneas mar bhánchuip
    119] fríoth an-allan bruit is ba
    120] it fharradh, a chnuic chéadna.
  34. 121] A Chláraigh, ceileabhradh dhuit;
    122] ag súd mé uait, a ardchnuic,
    123] fear nach seachnann comhlann cleath
    124] go Domhnall gcleathchorr gCairbreach.
  35. 125] Gé taoi, a ThéaGhaimh, a chnuic thiar,
    126] eadrainn is an fhionn foiltfhiar
    127] go hEoghan dleaghair dola
    128] leomhan Bhealaigh Bhóromha.
  36. 129] A chnuic thiar ga dtá Buadhach,
    130] is tú an dumha deaghdhuanach;
    131] samhail Chrot gCliach ar chaoimhe
    132] an cnoc ós iath Fhormhaoile.
  37. 133] A chnuic ós chionn Locha Léin
    134] gá bhfuil Tadhg na dtreas n-aigmhéil,
    135] gar dhuit is dóigh mo thochta,
    136] a chnuic mhóir, a Mhangarta.
  38. 137] Sealbh dhíleas Domhnaill Í Chaoimh
    138] tú, a chnuic uaine an fheoir bharrchlaoin;
    139] mo chean duit tre robhaidhbh rath,
    140] a chnuic dan comhainm Clárach.
  39. 141] A Shléibh Luachra don leith thuaidh
    142] i riacht Mór mín an bhanshluaigh,
    143] id ghoire 's dóigh mo dhola
    144] tre Mhóir Mhoighe Mhucromha.
  40. 145] Freagarthar linn líon ar slóigh
    146] do shlóigheadh go Sliabh Si-óin;
    147] Mhíchéal oirn bhus fhear garma
    148] seadh 'n-a mhoirn ní míotharbha.

    A chnuic.