Corpus of Electronic Texts Edition
A bhráighe tá i dtor London (Author: Eoghan Ruadh Mac an Bhaird)
p.188
EOGHAN RUADH MAC AN BHAIRD cct.
- 1] A bhráighe tá i dtor London,
2] a ua Chonaill chaomhGhulbon,
3] do gheimhil-se is lór do léan
4] ar shlógh seinInse Saimhéar.
- 5] I ndiaidh ar gcarad do chaill
6] a-nois, a Néill Domhnaill,
7] is é an bann dar mbreith ar gcúl;
8] níor am dod bheith i mbríosún.
p.189
- 9] Ní tu-sa a-mháin, a mheic Cuinn,
10] don chur-sa i láimh i Lonnuinn;
11] sliocht bhar n-iarnaigh ar fhóir mBreagh
12] do iarnaigh ghlóir na nGaoidheal.
- 13] An feadh nach fuil ar do thol
14] iomdha ó Bhóinn go Beinn Gulbon
15] i ndaoirsine 'ma-raon ruibh
16] gan shaoirsine ag aon d'Ultaibh.
- 17] A-táid eidir thuaith is chill,
18] eidir fhuil aird is ísill,
19] ag roinn bhar rodhochair ruibh
20] boill comhothair dod chneadhaibh.
- 21] Na mná, na boicht, na brughaidh,
22] na huird is na hollumhain,
23] gach mac robhras, gach rinn áigh,
24] id chomhghlas, a chinn Cruacháin.
- 25] Ionann ualach, ionann cneadh,
26] ionann cóir dhaoibh is dóibh-sean,
27] ionann innreamh, ionann ceas,
28] ionann imneadh is áineas.
- 29] Do ghabháil, a ghéag Eanaigh,
30] lór do ghlas ar Ghaoidhealaibh,
31] cách uile i láimh as do los
32] ní le duine a-bháin bheanas.
- 33] Dóchas laochradh Leithe Cuinn
34] gaisgeadh curadh chlann gConuill,
35] a-táid, a Néill Ghairbh, id ghlas
36] a n-ainm, a gcéim, a gceannas.
- 37] An glas re fada i bhfuil sibh
38] ní glas é ar Rígh an ríchidh
39] do bhreith as dámadh é a dheoin
40] dá gach ghlas ós sé as seighleoir.
- 41] Ós sé seighleoir gach geimhle
42] Rí nimhe ar gceann coimeirghe
43] do dhruim do ghiallchuibhrigh guidh,
44] a thriathbhuidhnigh Fhuinn Fhiachuidh.
- 45] Le guidhe Meic Dé na ndúl
46] mór mbráighe do bhí i mbríosún
47] romhaibh do saortha mar sain
48] ar modhaibh naomhtha a-nall-ain.
p.190
- 49] Do bhíní cúis as
ceilte
50] neach róibh fa rígh Éighipte
51] nar tharbha an chóir ar a chúl
52] go ndamhna bróin i mbríosún.
- 53] An chúis do cuireadh 'n-a leith
54] ar n-a dealbhadh i ndíchleith
55] ní chuala an rí an failcheas
fill
56] do bhí i n-aincheas a hinnill.
- 57] An Patri-arca Ios-éabh
58] ar ar chum méirdreach mísgéal
59] dar leathnaigh gnaoi Dé na ndúl
60] is é do bhaoi san bhríosún.
- 61] Le toil Athar na n-uile
62] táinig dá thaom trócaire
63] an rí ar gcromadh ar an gcoir
64] sí ar 'n-a lomadh dá láthair.
- 65] An rí Forann mar fhuair fhios
66] nach dearnadh air acht aimhleas
67] do saoradh é as a haithle
68] is é i mbaoghal básaighthe.
- 69] Ní hé amháin gur saoradh sin
70] rí Éighipt trá ar n-a thuigsin
71] ar feadh a thíre do thogh
72] 'n-a fhear ríghe do riaghladh.
- 73] Ar gclos do neamhghair, a Néill,
74] mar so ar aithris an fhíréin
75] a-tá ar ndóigh a Dia na ndúl
76] nach a-mháin nach bia i mbríosún;
- 77] Acht go gcuimhneocha an choróin
78] duit a-rís le ro-onóir
79] gach a bhfuair sibh ar a son
80] is gach buaidh libh dar leanadh.
- 81] Ar an bhfáth fa bhfuile i nglas
82] acht go gcroma Cing Séamas
83] ná meas nach saorfaidhe sibh
84] 's ar leas fraochmhuighe Fuinidh.
- 85] Súil Banbha red bheith a-muigh,
86] a mheic Cuinnmheic an Chalbhaigh,
87] ag cur beochroidhe i gcloinn Cuinn
88] 's ag buing eolchoire oruinn.
p.191
- 89] Do thoil aonMheic Dé na ndúl
90] biaidh trá, a thriath Seandún,
91] do dhaoirsine rú 'ga roinn
92] 'n-a saoirsine ag crú Chonuill.
- 93] Rí nimhe, a Néill Í Domhnaill,
94] ad-chluin th'osnaidh n-éagcomhlainn,
95] ad-chí ar gcruth, do-chí bhar snaidhm,
96] a ghuth go dtí fan dtoghairm.
- 97] Dóchas cháich ar chanas rut;
98] nár léige Dia a dul seachat
99] an tsúil chabhra ad-chualaidh mé
100] ag sluaghaibh Banbha, a bhráighe.A bhráighe.
- 101] Mó an príosún fós i n-a bhfuil
102] inghean ríogh fhréimhe Dálaigh
103] a bhfuilnge ag crádh a cridhe
104] doilghe dál a daoirsine.
- 105] Dá mbeith nach biadh do dhochar
106] do chách uile it iarnochadh
107] acht an brón i n-a mbí soin
108] do budh mór an ní a-nall-oin.
- 109] Ní hionann tuirrse is tuirrse,
110] ní grádh grádh 'n-a focair-se,
111] ní himneadh as doghrainn dí
112] inghean Í Domhnaill Daoile.
- 113] Fa sgaoileadh Néill is Neachtain
114] muna bheith sunn saoileachtain
115] do bhiadh an brón mar nach fuil,
116] ní bhiadh clódh ar cumhaidh.
- 117] Nár tháirená táire mé
118] Aodh Ó Domhnaill i ndaoirse;
119] nár chluineam i láimh re a linn
120] ar bhfuigheall áir dá fhoirinn.