Corpus of Electronic Texts Edition
Urra ar leighis Dia na ngrás (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.187

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Urra ar leighis Dia na ngrás,
    2] liaigh maith fhóireas gach uathbhás,
    3] bíom slán 'n-a dhiaidh go deimhin,
    4] liaigh ler bh' ál ar bhfóiridhin.
  2. 5] Is usaide réidhteach leis,
    6] liaigh nach iarrann luach leighis
    7] cóir na ngrás do ghuidhe;
    8] is é a bhás ar mbeathai-ne.
  3. 9] Luach aisdir ní iarraidh sain,
    10] liaigh cabhartha clann nÁdhaimh;
    11] liaigh do fhaomh leigheas ar locht
    12] bheireas a ghaol ó ghuasocht.
  4. 13] An deoch shearbh ler fhóir inn-ne
    14] liaigh leighis ar n-intinne
    15] ní thug sé digh dhí dhamh-sa
    16] gur ibh mo Rí romham-sa.
  5. 17] Do léig cuisleanna a chuirp féin,
    18] gidh mór do-ním dá mhíréir,
    19] Mac Dé do leigheas ar locht;
    20] ní hé so cheileas a chumhocht.
  6. 21] Gidh maith liom leigheas mo chuirp,
    22] a Mheic Dhé as uaisle iodhbuirt,
    23] ní hé uile iarraim ort;
    24] triallaim dod ghuidhe im ghuasocht.
  7. 25] A ghnúis ghrianda shéimh shuilbhir,
    26] sirim ort mar athchuinghidh,
    27] a luibh chabhra cheileas mh'olc,
    28] leigheas mh'anma mar fhurtocht.
  8. 29] Go dtí dod leigheas, a leinb,
    30] d'éis a ndearnadh do dhíbheirg
    31] —mairg nach reich ríghe nimhe—
    32] breith fhíre na haithrighe.
  9. 33] A liaigh leighis na n-uile,
    34] 's a Mhac ochta óghMhuire,
    35] —cuma an chalann créad a dál—
    36] féag an t-anam go heaslán.

  10. p.188

  11. 37] A ré lán as sia soillse,
    38] fóir, a Íosa, ar n-athtuirse;
    39] sgaoil, a Dhé, ciaigh mo chroidhe,
    40] a liaigh na sé sochuidhe.
  12. 41] Ós liaigh gach othair más fhíor
    42] a-dearar oidhre an Aird-ríogh,
    43] gér chás díobhaidh fhríoth rinne,
    44] fíoraidh Mac na maighdine.
  13. 45] Má tá leigheas choidhche im cheann
    46] dhuit, a Mhuire, ní mhaithfeam;
    47] dod dheighfheis is déanta dán;
    48] leighis mo chreachta, a chompán.
  14. 49] Ag so dhuit, a Dhia neamhdha,
    50] —éisd rem thiomna, a Thighearna—
    51] an chalann 'n-a cánaigh féin;
    52] slánuigh mh'anam, a fhíréin.
  15. 53] Bí mar liaigh, a ghruadh ghealtais,
    54] dom leigheas lá an éigeantais;
    55] 's bí mar dheirbhshiair dhúin-ne istigh,
    56] a bhinnliaigh dúine an dúilimh.
  16. 57] Leighis mé, a Mhíchíl, lá an Luain
    58] mar thiocfaid na trí tromshluaigh
    59] —romhór mo chóir red chuma—
    60] fóir ar n-anshógh eaturra.

    Urra.