Corpus of Electronic Texts Edition
Uaidhe féin do fhás Íosa (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)
p.184
DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct?
- 1] Uaidhe féin do fhás Íosa,
2] an té dan gnáth na grása,
3] fuaire cáig fa ainm Íosa
4] gairm síosa is cáir fan
gcás-sa.
p.185
- 5] Dá ghrás cleasradh an Choimdheadh
6] bláth is teasbhach an
talmhan;
7] do ghrás Dé díon a fhoghladh;
8] síol roghlan é gan adhbhar.
- 9] Dá ghrás an sneachta ag snighe
10] dál is teachta na tuile;
11] líonmhar dá reic re-roile
12] gníomhradh oile Meic Mhuire.
- 13] Fás na n-eath 's na n-innbhear
14] bláth na ndreas is na ndairgheadh
15] do ghrás an tí fhuair fhaighreadh
16] ó ghaibhneadh chruaidh trí dtairngeadh.
- 17] Tar led ghrás im chlí im chroidhe,
18] a Rí dar fhás an uile,
19] dámadh fiu dheit inn d'fhaire
20] tairre rinn, a Mheic Mhuire.
- 21] Nám-thréig-se don truaill chiontaigh,
22] a éinmheic fhuair an ochtghuin;
23] gan mo bhac, a Dhé, i ndeacraib
24] ná beantair lat é as m'olcaibh.
- 25] Nach guais d'óigh agra a fine
26] uair tagra na gcóig gcridhe;
27] níor bh'é a thráth dheit, a dhuine,
28] sgáth guidhe a meic ar Mhuire.
- 29] Dul do chleith diomdha dúin-
ne
30] ní thiobhradh ar mbreith buaidhe
31] cúis eagla é dá óighe
32] freagra cóire é uain-ne.
- 33] Go ndéactha Dia ar na bearaibh
34] ní bhía re déacadh ndlighidh;
35] daor do-chóidh sé dá soighidh
36] oidhir Dé i gcóir a chinidh.
- 37] An síodh reampa do réidhigh;
38] níor chiontuigh chíogh an álaidh;
39] dul tar toil Dé níor dheonuigh
40] gur threoruigh sé fhoil Ádhaimh.
- 41] D'eagla a shaortha níor sheachain
42] beara na bhfaobhar bhfrithir;
43] an chlí do fhás far n-Athair
44] rathail grás gur bh'í th'ithir.
p.186
- 45] Ar bhfírDhia ór hairgeadh Ifreann
46] mo ríghthriath cairdeach coimhtheann,
47] mo ghrian, mo ré, m'ór, m'Aifreann
48] glór aithghearr égan fhoir-
cheann.
- 49] Rí ar nar díobhadh cneadh croidhe,
50] Rí dar theagh míonbhrugh Moire,
51] gá rí do b'fhearr trí toighe
52] Rí nimhe is ceann don chruinne.
- 53] Dia iodhan m'athair dála,
54] mo Sbiorad arsaidh aonda,
55] iúl 'n-a dheoidh dún do-ghéana
56] réalla eoil na ndúl ndaonda.
- 57] Ríghleanb dar bh'éigin umhla,
58] fírcheard déinimh gach dealbha,
59] Rí dar dhaoire i gclí ar gcomhdha,
60] Rí tromdha naoidhe neamhdha.
- 61] Aonmhac ionmhuin na hóighe,
62] saorshlat don fhiodhbhaidh fhíre,
63] Rí as uille agus as fhéile,
64] Rí gréine tuinne is tíre.
- 65] Ríghthriath as dile ndéanmha,
66] ar bhfírDhia nimhe naomhdha,
67] Rí ag nach bí acht iris óghdha,
68] Rí glórdha milis maordha.
- 69] Liaigh ar gcneadh athaidh oile,
70] ar nAthair, ar bhfear fine,
71] fear ar saortha ón lia luighe,
72] duine is Dia naomhtha nimhe.
- 73] Leanbh saorghlan na sé
líne
74] nar traothadh d'éis na
huaighe
75] go bhfagha síodh Dé dúin-ne
76] 's go dtúire ar ngníomh é uaidhe.Uaidhe.