Corpus of Electronic Texts Edition
Trí glúine geinealach Dé (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.180

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct?
  1. 1] Trí glúine geinealach Dé
    2] gein bhuadha an bheatha sheinché;
    3] ní feas gidh úr a fhiodhach
    4] acht treas glún don gheinealach.
  2. 5] Gidh mór nglún geinealach cháich
    6] go hÁdhamh an fhuilt ghéagthláith
    7] seanchas Dé is deibheadhach thig;
    8] is é an geinealach gairid.
  3. 9] Córaide a chur do mheabhair
    10] —is sé suim an gheinealaigh—
    11] triúr ríogh nach do fhréimh dhuine
    12] dá ríomh san réim ríoghraidhe.
  4. 13] Don triur-sain a-tá d'aicme
    14] téid ceannas gach clannmhaicne;
    15] gach maicne fa thrian an trír;
    16] triar is aicme don Airdrígh.
  5. 17] An aicme thrír a-tá i nDia
    18] treise ná tóir is roilia;
    19] aicme gan aga ar a neart
    20] an mhaicne ar aba a n-aithcheacht.

  6. p.181

  7. 21] An céadghlún as cóir do ríomh
    22] Mac Dé Athar an Airdríogh;
    23] ar a chúl gidh cia a-dearair
    24] Dia darab glún geinealaigh.
  8. 25] An Sbiorad Naomh, nochtaim de
    26] an céadghlún do chin uime
    27] triar comhshlán as fhearr d'fhearaibh
    28] an gabhlán gearr geinealaigh.
  9. 29] Creidim san chéadghlún ghrádhach,
    30] guidhim an nglún meadhánach,
    31] an glún deidheanach dom dhíon,
    32] geinealach úr an Airdríogh.
  10. 33] Ionann an Tríonóid 's an triur
    34] —gidh bé do bheith 'n-a n-ainiul—
    35] Rí na ndúl 'n-a thrí treanaibh
    36] rí na dtrí nglún ngeinealaigh.
  11. 37] An t-Athair mór is an Mac,
    38] an Sbiorad Naomh an nuashlat,
    39] go dtí dhíbh ar snaidhm re síodh
    40] na trí rígh i n-ainm éinríogh.
  12. 41] Trí geine saora sochair
    42] ón mhais áluinn iolchrothaigh,
    43] ar dtrí haithreacha is í an dream
    44] na trí glainchleatha ghuidheam.
  13. 45] Na trí thighearna thoghaim,
    46] trí cna áille a haonchrobhaing,
    47] is í an choill an chobhair ghar,
    48] trí croinn toraidh an talmhan.
  14. 49] Trí chomhortha na cruinne,
    50] trí daimh iomchuir éanchuinge,
    51] trí rígh maolta gach móide,
    52] aonta trír na Tríonóide.
  15. 53] Triar nach claoidhfidhear choidhche,
    54] triar nar fhás i n- aonoidhche,
    55] triar as lán d'iul is d'aithne,
    56] triur gan dál a ndealaighthe.
  16. 57] Mh'anam ar iocht na bhfear-sain,
    58] an triar théid i n-éinphearsain,
    59] an fear as triar gach ré dtreall
    60] triall i n-a theagh go dtuaiream.

  17. p.182

  18. 61] Ní fhuil achd aige féine
    62] fios adhbhair a fhírfhréimhe;
    63] a fhírfhréamh do ghleodh go glan
    64] ní heol d'fhíréan ná d'fheallsamh.
  19. 65] Ní as fhaide ná uaidhe féin
    66] ní leantar lorg an fhíréin;
    67] fios seanAthar Dé is doiligh;
    68] mearachadh é d'fhiafroighidh.
  20. 69] Sgarthain riot, a rí neamhdha,
    70] nár thuairear, a Thighearna;
    71] do shearc go dtara fam thuinn
    72] 's ar dteacht go n-ana aguinn.
  21. 73] A Thríonóid, go dtuga i mbrígh
    74] m'agallaimh ris an Airdrígh;
    75] eolas damh, a Dhé athar;
    76] sgar mé ris an mearachadh.
  22. 77] Sé dhíne ar druim an talmhan
    78] tug Rí nimhe neartadhbhal;
    79] re saoghal na sé ndíne
    80] sé aonar i n-airdríghe.
  23. 81] Fearr aoineadha ná ól fleadh
    82] do thúr rochtana ar ríghneamh;
    83] seachna fleadh ó nach féad sinn
    84] an dá neamh créad fa gcuinghim.
  24. 85] Doilghe ná déanamh an uilc
    86] gan an fhaoisidin d'fhóbuirt;
    87] lór do chion cleith na gcionadh
    88] ar mbeith d'fhior go heisiodhan.
  25. 89] M'fhaoisidin d'Airdrígh nimhe
    90] —is damhna déar n-aithrighe
    91] mé is mo pheacaidh, a Dé, dheit—
    92] do pheacaigh mé go minic.
  26. 93] Admhaim go dtéid mh'aire inn
    94] gach ní ad-chím 's ad-chluinim;
    95] tig dar mianaibh móid mh'anma
    96] rem chóig ciallaibh corpordha.
  27. 97] Comhursain do chealgadh dhamh
    98] admhaim dhuit, a Dé Athar;
    99] do dhligh sinn cor re a chosnamh
    100] mar ba linn crodh comhursan.

  28. p.183

  29. 101] Do-ní mé, a Mhac na hóighe,
    102] glór teampaill tráth seanmóire;
    103] mar sguirthear linn don luadh glóir
    104] sinn ag suan leis an seanmóir.
  30. 105] Ocht gcoire im dhiaidh—dia do ghlas,
    106] seacht bpeacaidh marbhtha mharbhas,
    107] cúig préamha dhéag ceann i gceann
    108] as a n-éabha céad cuisleann.
  31. 109] Ciontach mé—mó ná ciontach—
    110] re Rígh nimhe naoimhfhiortach;
    111] do shoighníomhradh do dtí im thoil
    112] ní as coimhlíonmhar rem chiontaibh.
  32. 113] Gach cion dá ndiongnadh duine
    114] dá mhéad nach mó a thrócuire?
    115] is eadh badh linn meisneach maith
    116] gidh meirseach inn don Ardfhlaith.
  33. 117] Bean dhaimh d'éis a ndearna
    118] fuair trócuire ón Tighearna;
    119] clann Éabha tre Éabha i n-olc
    120] gur mheala—is Éabha—t'fhurtocht.
  34. 121] D'éis do ghona do gha an Doill,
    122] a chuirp Dé an deallraidh áluinn,
    123] do chrú ar bhois an Doill a-droigh
    124] re cois an chroinn dá chobhair.
  35. 125] A thaobh Chríost, do cheannuigh tú
    126] cineadh Ádhaimh dot fhionnchrú;
    127] biaidh ód ghuin gach neach ar nimh
    128] muna ndeach t'fhuil i n-aisgidh.
  36. 129] Do chrochadar a chlann féin
    130] éanMhac Dé—dia do dhíchéill;
    131] caidhe a bhfachain, a Dé, dhó
    132] gion gur bh'é a n-athair Íosa.
  37. 133] Bás tre Chríosd do chruthuigh neamh
    134] fuair lucht comhaoise an Choimdheadh;
    135] gidh beo an mhacradh uadh uile
    136] truagh martradh na macraidhe.
  38. 137] Gábhadh 'n-a cheann ní cuirthe
    138] dia Luain laithe an mheasruighthe;
    139] gráin ar na Luanaibh ón Luan
    140] cáir uamhain ris an aonLuan.

  39. p.184

  40. 141] Baoghal fearg flatha nimhe
    142] ar n-uair gidh é as mhaithmhighe;
    143] ní aitheann i gcéadóir cion
    144] 's ní mhaitheann éagcóir d'éinfhior.
  41. 145] Tuarasgbháil deilbhe Dé bhí
    146] ní inneosad achd madh éinní:
    147] faicthear 'n-a dhorus a dheilbh
    148] 's badh solus aitreabh Ifeirn.
  42. 149] A ghnúis Dé ar nach díon teitheamh,
    150] cur riot do leag Lúisifear;
    151] gráinne ná gach neach a-nois
    152] an dreach do b'áille it éagmhais.
  43. 153] A gcur fa rinn dealbha dhó
    154] gidh maith le cách don chéadló
    155] áille i ngnúis fhir is uamhain;
    156] ag sin cúis an chéaduabhair.
  44. 157] Gá goire dhúinn dul tar tuinn
    158] más í breath bearar oruinn?
    159] go dtrialla mé tar muir soir
    160] 's narab é ar ndluigh a dhéanamh.
  45. 161] Mairg thuigeas 's nach tabhair d'óidh
    162] bréithre Dé—dia do sheanmóir!
    163] mairg nach tuigeann a dhíol dhi,
    164] go dtuigeam bríogh a bhréithre.
  46. 165] Ar Mhíchéal nár mealltar sinn
    166] do na céidneithibh chuinghim;
    167] go dtaghthair inn far n-itghibh
    168] 'n-a chathraigh fhinn óireitrigh.

    Trí.